RTÉ ag tabhairt ardáin do mheon fhrithGhaelach

Cibé toradh deireanach a bheidh ar an tsraith seafóide úd You're a Star i mbliana ar an 'gcraoltóir náisiúnta', cruthaíonn sé uair amháin eile go dtuigeann Cathal Goan agus a lucht pleanála conas slua a mhealladh le breathnú ar sheafóid den scoth "ar mhaithe le carthanacht".

Agus dá bhrí sin, is féidir caighdeán 'spóirt'...píosa craice...de chineál ar bith a chur amach.

In ionad a bheith ag iarraidh teacht ar dhaoine óga nua le tallann agus an craoltóir náisiúnta a oscailt suas do dhaoine nach bhfeictear rómhinic nó nach bhfacthas riamh ar RTÉ.

Is fiú machnamh ar an méid sin ag am nuair atá ITV thall ag titim as a chéile agus nuair a admhaítear gur theip ar an stáisiún tráchtála teilifíse is mó ar an domhan na sluaite a mhealladh leis an nós nua reality television a bhfuil leath mhuintir na hEorpa ag déanamh aithrise air le cúpla bliain anuas. Ní raibh náire ar bith ar RTÉ aithris a dhéanamh ar an tseafóid seo ach an oiread, ach amháin go ndearna siad iarracht blas 'dúchasach' a chur ar chuid de.

Agus ciallaíonn 'dúchasach' faoin am seo feirmeoireacht, muintir na tuaithe, áiteanna 'iargúlta' .i. lasmuigh de Bhaile Átha Cliath srl.

Ach amháin an chuairt rialta ar Rásaí na Gaillimhe, Rós Thrá Lí nó cibé seafóid eile atá faoi thionchar an Chomhlachais Tráchtála, lucht turasóireachta nó lucht na nEalaíon de chineál áirithe.

Scúp na blian seo i gcúrsaí turasóireachta, gan amhras, ná cuairt Iar-Cheannaire na Rúise Boris Yelsen ar Oileáin Árann, ach seachas an píosa a rinne Eibhlín Ní Choisteala (sa stiúideo) ar TG4, cé mhéad scéal a chuala tú faoi go dtí go raibh Seachtain na Rásaí as an mbealach? Bhí smaoineamh eile fós seachas gnóthaí feirme ag RTÉ leis, ach nuair a chuaigh an bád go tóin poill amach ó Thoraí cúpla samhradh ó shin, thosaigh an t-athmhachnamh.

B'fhéidir go raibh baint ag cúrsaí árachais leis an scéal? Nior mhaith linn a cheapadh gurb é You're a Star an toradh a bhí ar an athmhachnamh cultúrtha is déanaí.

Ní hé nach raibh smaoineamh maith ann agus nár caitheadh dua leis an léiriú. Seachas an cinneadh scata amadán a chur sa slua a choscann ar lucht caoch, uaise taca a choisteáil ar an aer, mar go gcuireann siad isteach ar lucht an ardáin, ar an mbealach míbhéasach céanna a ghríosaítear 'lucht leanúna' le 'Tacu' le daoine sa chlár cearbheachais Winning Streak.

Ach cibé faoi seo ar fad tá rud amháin nár cheart go mbeadh aon ghlacadh leis ón 'chraoltóir náisiúnta' fiú i gcás an phainéil úd a bhfuil sé mar chúram orthu daoine a mhaslú go hoscailte mar chuid den phraghas a bhaineann le mealladh daoine chuig You're a Star. Agus sin an chaint aineolach chiníoch fhrith- Ghaeilge/Gaeltachta agus dúchais ón aineolaí is mó ina measc, chomh fada agus a bhaineann sé le dúchas na tíre.

Gan trácht ar an gcultúr is dual don Sunday Independent!

Tá sé dona go leor go dtabharfadh RTÉ, an craoltóir náisiúnta más fíor, ardán don aineolaí ón Sindo Irish speaker/Gaeilgeoir agus duine 'from the west' a mhaslú ach níor cheart do RTÉ cead a thabhairt dó a rá "I hate you and all you stand for" nuair is léir nach bhfuil i gceist ach an seannaimhdeas a bhí tráth ag Grúpa Nuachtán Uí Raghallaigh do TnaG (mar a bhí ag an am) mar gur shíl siad gurbh é Michael D Higgins amháin a bhí á bhrú chun cinn.

Níor thaitin sé le Cathal Goan ag an am, ach léiríonn an taifead go raibh Michael D. ar an mbeagán maithe poiblí a sheas an fód ar son na haislinge agus a chosain é ar aineolas agus ar aineolaithe, go leor acu atá anois ag déanamh gaisce as an méid oibre a fhaigheann siad ó TG4...i mBéarla ar ndóigh!

Dá labhródh Brendan O'Connor mar sin le Polannach, fear gorm (ó náisiún ar bith san Afraic) nó le Giúdach, cuimhnigh ar an raic a bheadh ann.

Bhí agus tá Dáithí agus Áine in ann iad féin a chosaint go maith agus go cumasach ar bhealach a chuirfeadh náire ar fhear an Independent fiú amháin. Dá mbeadh aon náire aige.

Ach cá bhfuil náire RTÉ go háirithe ós cosúil gur fíor an rud a dúradh .i. go roghnaítear O'Connor don 'job' ní toisc go bhfuil aon scil cheoil aige, ach díreach mar gurb é an bréantas is mó atá sásta maslaí a chaitheamh le blas ar bith de dhúchas na tíre...ar mhaithe le 'dream' éigin den 'lucht oibre' cois Life ach go háirithe, a shíleann daoine áirithe i Montrose a bheith ann, ach gur léir nach bhfuil iontu ach mionlach de mhionlach, mar ba léir ón vótáil a rinne an pobal mór le seachtain anuas.

An donas ná go bhfuil an meon seo agus an tseafóid seo á chur ar aghaidh ag RTÉ le fada mar a bhí ón tús ach go bhfuil sé á threisiú le tamall ar bhonn na tuairimíochta a scrios ITV thall maidir leis an mblas ba cheart a bheith ar stáisiún tráchtála féin. Gan trácht ar chraoltóir náisiúnta a dúirt riamh sna seanlaethanta: "We advertise to broadcast. We don't broadcast to advertise."

Seo an cineál meoin a thugann le fios go rialta á dtráchtaireacht pholaitíochta gur cois Life amháin agus thart faoin ardchathair atá ábhar spéise sa daonáireamh is déanaí.

Meon a thugann le tuiscint go bhfuil gach contae ar mhuin na muice mar nár thit an daonra le cúig bliana anuas, nuair is léir go bhfuil éagothroime mhór mhillteach anois idir áiteanna éagsúla laistigh de chontaetha áirithe, go háirithe laistigh de na contaetha móra fá chósta an deiscirt agus an iarthair.

Tá cúramaí 'Gnóthaí Tuaithe agus Gaeltachta' ar Éamon Ó Cuív, más fíor, ach is beag a chloistear faoi na ceantair seo nach Gaeltachtaí (oifigiúla) iad, gan trácht ar na breac- (agus ná bréag)-Ghaeltachtaí.

Samhlaíonn RTÉ, Éamon agus an Ghaeltacht le 'the Whest' de ghnáth. Ní luaitear riachtanas na Gaeilge mar 'theanga an phobail' riamh!

Agus tugtar faoi Éamon "and people like you from Connemara" nuair ba cheart go dtuigfeadh siad gur rugadh agus tógadh Éamon i mBaile Átha Cliath 4 agus gur fhreastail sé ar mheánscoil Bhéarla de chuid na mBráithre Críostaí "in South Co. Dublin."

Éanna Ó Cionnaith, Ceannaire Fhine Gael agus ábhar Taoisigh a labhair ag Béal na mBláth i mbliana i gcuimhne ar Mhícheál Ó Coileáin a maraíodh ar an láthair ar 22ú Lúnasa 1922. Maigh Eoch eile, Jim Higgins, a labhair ann anuraidh agus má éiríonn le hÉanna a bheith ina Thaoiseach an bhliain seo chugainn, cá bhfios nach mbeidh an tríú Maigh Eoch, Pat Rabbitte, Tánaiste agus Aire Airgeadais, ag labhairt i 2007?

Bhí caint arís le cúpla bliain anuas gur cheart daoine nár bhain chomh dlúth sin le polaitíocht Fhine Gael a thabhairt i láthair chun labhairt i mBéal na mBláth agus lena gceart a thabhairt don Choiste Áitiúil, rinne siad an méid sin cúpla uair.

Mar shampla, in 1993, labhair Liam Ó Murchú RTÉ, Corcaíoch a sheas do CJH agus Fianna Fáil nuair a bhí cúrsaí go dona i dtuaisceart na cathrach cois Laoi in 1982.

Bhí comóradh 100 bliain Chonradh na Gaeilge ar bun agus léirigh Liam go slachtmhar agus go fírinneach cé chomh tugtha d'aidhm athbheochan na Gaeilge is a bhí an Coileánach agus na daoine ar fad a bhí páirteach leis ní amháin san IRB, mar iarracht Chogadh na Saoirse, ach freisin i gcéad rialtas an tSaorstáit...de Blaghd, Mac Coscair, Mac Néill, Ó Maolchatha, Mac Gearáilt, Fionán Ó Loinsigh agus Art Ó Gríofa.

Ach an raibh sé de mhisneach ag Éanna Ó Cionnaith an fhírinne lom faoi seo ar fad a chur os comhair an phobail i mBéal na mBláth?

Go háirithe ó tá teipthe air, go dtí seo, aon chlár leathan forbartha nó aon pholasaí cuimsitheach oideachas a chur i láthair a chabhródh le forbairt na Gaeilge.

Tá Éanna ag dul ar saoire go Ciarraí, contae dúchais mhuintir a mhná, ag dreapadóireacht sléibhte. Rud a chabhróidh leis le labhairt i mBéal na mBláth gan dua.

Ach deirtear nár ghlac sé le cuireadh chun labhairt ag Daonscoil na Mumhan i mbliana maidir lena aisling Gaeilge.

Níl dóthain Gaeilge ar urlabhraí oideachais a pháirtí chun labhairt ann, agus níl cead ag Donncha Mac Fhionlaoich labhairt faoi oideachas, mar atá, is cosúil, ag TD áitiúil na nDéise John Deasy, Béarlóir eile, cé gur Gaeilgeoir breá í a bhean, Máire Dirrane, de bhunadh Árann agus laoch TV3 anois.

Beidh aird ag Gaeil ar fud na tíre ar an méid a dúradh i mBéal na mBláth i mbliana. Go háirithe faoin mheas agus an dílseacht a bhí ag Ó Coileáin do Chonradh na Gaeilge agus d'aidhmeanna an Chonartha.

Dialann Reatha le Seán Clárach Lá 21/8/2006

CTG Baile


anghaeltacht.net