RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006
Rialtas na hÉireann

RÉAMHRÁ

    Dearbhaíonn an Rialtas a thacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta tríd an ráiteas seo. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Baineann an Ghaeilge leis an tír seo amháin mar theanga labhartha pobail agus tá buntábhacht ag baint léi mar sin d'fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus d'oidhreacht dhomhanda.

    Úsáidfear an ráiteas polasaí seo mar bhunchloch do shraith ghníomhaíochtaí chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuirfear straitéis fiche bliain don Ghaeilge le chéile bunaithe ar na cuspóirí atá leagtha amach sa cháipéis seo.

FÍS

    Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le céad bliain anuas, sa chaoi is gur teanga iomlán nuaaimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

    Is í aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.

    Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais í a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

    Is í aidhm pholasaí an Rialtais freisin an Ghaeltacht a neartú mar phobal labhartha Gaeilge agus chomh maith leis sin, líon na dteaghlach, atá ina gcónaí laistigh den Stát a bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil chumarsáide acu, a mhéadú.

    Is mian de chuid an Rialtais í freisin a chinntiú go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach, chomh fada agus is féidir, i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

    Is í aidhm an Rialtais a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa sochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach maraon le bheith le feiceáil ar chomharthaí, i litríocht srl.

    Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór freisin dá gcuid saoránach líofacht Béarla a bheith acu, an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta. Geallann an Rialtas go gcinnteoidh siad go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca lena chéile.

COMHTHÉACS
Seo a leanas comhthéacs nuaaimseartha na Gaeilge:

    1. Is Stát dátheangach í Éire arb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil í de réir Ailt 8 de Bhunreacht na hÉireann.

    2. Is í an Ghaeilge an teanga labhartha liteartha is ársa san Eoraip i gcomhthéacs ár n-oidhreachta Eorpaí.

    3. Tá sé ar chumas 43% de phobal na hÉireann Gaeilge a labhairt de réir Dhaonáireamh 2002.

    4. Úsáideann 3% de dhaonra na tíre, a bhfuil cónaí ar a bhformhór sa Ghaeltacht, an Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide agus teaghlaigh.

    5. Creideann formhór an phobail go bhfuil tábhacht ar leith leis an nGaeilge dóibh féin go pearsanta agus/nó don tír i gcoitinne de réir suirbhéanna agus pobalbhreitheanna.

    6. Tá stádas ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre ag leibhéal AE le héifeacht ón 1 Eanáir 2007.

CUSPÓIRÍ
Réiteofar sraith polasaithe agus gníomhaíochtaí bunaithe ar na bunphrionsabail seo, le cur leis an gcóras tacaíochta atá ann cheana féin don Ghaeilge:

    1
    Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 agus An tAcht um Chraolacháin 2001.

    2
    Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.
    3
    Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.
    4
    Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.
    5
    Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí maraon le i soláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.
    6
    Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán- Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.
    7
    Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge. Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d'Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.
    8
    Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.
    9
    Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.
    10
    Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.
    11
    Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.
    12
    Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.


An Ráiteas i bhfoirm pdf

Statement on the Irish Language 2006
An Taoiseach, Parthal��¢n Ó hEachthairn, T.D

Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006
An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D.


anghaeltacht.net

Aguisín - CÓRAS TACAÍOCHTA REATHA

Cé go bhfuil freagracht faoi leith tugtha ag an Rialtas don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá freagracht ina réimse cúraim féin ar na Ranna Stáit uile agus ar gach eagraíocht phoiblí i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá á chur i bhfeidhm go céimiúil. Tugtar tacaíocht don Ghaeilge go príomha trí:
a
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge.

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Is í an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an Roinn Stáit atá freagrach as úsáid na Gaeilge a mhéadú ar fud na tíre agus as cothú agus láidriú na Gaeilge mar phríomhtheanga ag teaghlaigh agus ag pobal na Gaeltachta. Déantar é seo trí fhorbairt pholasaí Stáit agus trí réimse leathan scéimeanna a thugann tacaíocht phraiticiúil.

Foras na Gaeilge
Is áisinteacht de chuid na Comhlachta Feidhmithe Thuaidh/Theas, An Foras Teanga í Foras na Gaeilge, a bhfuil freagracht uirthi an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Bunaíodh An Foras Teanga, faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1999,chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn.

Údarás na Gaeltachta
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 mar ghníomhaireacht fhorbartha réigiúnach don Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta luaite le ról forbartha eacnamaíochta, is é sin, poist inmharthana a chruthú agus infheistíocht a mhealladh go dtí na réigiúin Ghaeltachta chomh maith le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí forbartha pobail, cultúrtha agus teanga, i bpáirtíocht le pobail agus le heagraíochtaí áitiúla.

Bord na Leabhar Gaeilge
Is í aidhm Bhord na Leabhar Gaeilge ná tacú le scríbhneoirí agus foilsitheoirí chun ábhar léitheoireachta i nGaeilge a chur ar fáil don phobal.

b
Oideachas

An Roinn Oideachais & Eolaíochta.
Tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta freagrach as forbairt polasaí, as pleanáil, as soláthar, as dearbhú cáilíochta agus as measúnú ag gach leibhéal oideachais. Múintear an Ghaeilge mar ábhar riachtanach do gach dalta i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal, ach amháin nuair a thugtar díolúine do dhaltaí ar bhonn mhíchumas foghlama nó toisc go raibh siad ag staidéar thar lear roimhe sin. Cuirtear léann na Gaeilge chun cinn trí churaclam náisiúnta agus tacaítear leis trí Threoirlínte do Mhúinteoirí agus trí oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí. Is féidir le daltaí sa tsraith shóisearach agus shinsearach clár a leanúint ag trí leibhéal - Bunleibhéal, Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal, agus leanann na daltaí i gclár na hArdteistiméireachta Feidhmí clár i nGaeilge Chumarsáideach. Tá gréasán de bhunscoileanna agus de scoileanna dara leibhéal Gaeilge (Gaelscoileanna) ann freisin, chomh maith le scoileanna Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Cuirtear réimse cúrsaí ar fáil ag an tríú leibhéal freisin a mhúintear trí mheán na Gaeilge. Lena chois seo, tá ról faoi leith ag an earnáil tríú leibhéal i soláthar oiliúint réamhsheirbhíse d'ábhair mhúinteora d'fhonn iad a inniúlú le múineadh i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal. Tacaíonn an Roinn le gníomhaíochtaí óige chomh maith a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge i bhfoirm deontais i gcabhair ar bhonn bliantúil d'eagraíochtaí óige deonacha Gaeilge m.sh. Feachtas agus Ógras.

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Bunaíodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta in 2002 faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998. I measc a cuid feidhmeanna tá (i) pleanáil agus comhordú sholáthar téacsleabhar agus áiseanna teagaisc trí mheán na Gaeilge, (ii) comhairliú faoin oideachas a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge i scoileanna i gcoitinne agus i scoileanna Gaeilge, (iii) soláthar seirbhísí tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge agus (iv) taighde a dhéanamh. Tá eolaire cuimsitheach d'ábhar acmhainne atá ar fáil anois chun tacú le múineadh agus le foghlaim trí mheán na Gaeilge ar láithréan gréasáin na Comhairle.

c
An Chreatlach Reachtaíochta.

An Bunreacht
Tá seasamh na Gaeilge leagtha amach in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, áit a ndeirtear "Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í". Aithnítear an Béarla mar "theanga oifigiúil eile" san Airteagal céanna.
Tá breis agus 50 píosa reachtaíochta a chuimsíonn gnéithe agus ábhair éagsúla le forálacha faoi leith luaite iontu a bhfuil mar chuspóir acu tacú leis an nGaeilge agus lena stádas mar theanga. Seo a leanas cur síos ginearálta ar an reachtaíocht is déanaí a bhfuil tábhacht faoi leith bainteach leis.
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Is é an tAcht seo an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear soláthar sásúil de sheirbhísí poiblí i nGaeilge ar fáil don phobal. Úsáidfear an tAcht chun feabhas suntasach céimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfidh an Stát ar fáil. De thoradh an Achta sin a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga chun cearta an phobail faoin Acht a chosaint.

An Coimisinéir Teanga
Is iad na príomhchúraimí atá ar An gCoimisinéir Teanga ná monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí.
Tá ar an gCoimisinéir Teanga gearáin a fhiosrú agus tá dualgas air freisin comhairle a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus comhairle a chur ar na comhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht.

An tAcht Oideachais 1998
Chomh maith le hAlt 31 den Acht faoinar bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (féach ar chlé) tá tagairtí tábhachtacha eile san Acht don Ghaeilge. Deirtear ann mar shampla go mbeidh ar gach éinne a mbeidh baint acu leis an Acht a chur i ngníomh aird a bheith acu ar:
"cuidiú le baint amach cuspóirí agus polasaithe náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus go háirithe go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge ar scoil agus sa phobal" agus "cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta".

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000
Tá forálacha éagsúla san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a thugann aghaidh ar riachtanais theangeolaíochta na Gaeltachta.

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956
Tugann an tAcht seo cumhacht don Rialtas ceantair ina labhraítear an Ghaeilge go forleathan a aithint mar cheantair Ghaeltachta d'fhonn úsáid na Gaeilge mar theanga labhartha a chaomhnú agus a leathnú.

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999
Is é an tAcht seo an reachtaíocht faoinar bunaíodh an Foras Teanga. (féach thuas).

An tAcht Craolacháin 2001
Faoin Acht Craolacháin tá dualgas ar an gcraoltóir náisiúnta RTÉ réimse leathan clár a chur ar fáil trí Ghaeilge.

d
Na Meáin

Meáin Chraolta (RTÉ agus TG4)
Bhunaigh an Stát stáisiún teilifíse Gaeilge i 1996 - TG4. Cuireann an stáisiún réimse leathan clár ar fáil i nGaeilge agus tá fás leanúnach ar a lucht féachana ó bunaíodh an tseirbhís.

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer ó 1972. Tugann sí seirbhís ní amháin do mhuintir na Gaeltachta ach do phobal na Gaeilge go náisiúnta. Chomh maith leis an dá stáisiún sin, bíonn Gaeilge le cloisteáil ar RTÉ (Raidió agus Teilifís) agus ar go leor de na stáisiúin tráchtála agus pobail ar fud na tíre.

Nuachtáin agus tréimhseacháin (; Foinse) Maidir leis na meáin chlóbhuailte, seoladh an chéad nuachtán laethúil Gaeilge, Lá, i mí Aibreáin na bliana 2003 agus bíonn an nuachtán seachtainiúil Gaeilge, Foinse ar fáil gach Satharn. Chomh maith leis sin foilsítear tréimhseacháin ar nós an tUltach, Saol agus Comhar. Tá trí cholún i nGaeilge san Irish Times in aghaidh na seachtaine.

An tIdirlíon agus TE (Beo) (Gaelport )
Cuireann suímh idirlín ar nós Beo agus Gaelport eolas agus siamsaíocht ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus cothaíonn siad nasc níos láidre idir cainteoirí Gaeilge, bíodh siad i Maigh Eo nó i Melbourne.

e
Na Príomh- eagraíochtaí Deonacha Gaeilge

Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí deonacha Gaeilge i gcur chun cinn na Gaeilge. I measc na n-eagraíochtaí sin tá Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Coláiste na bhFiann, Glór na nGael agus Comhluadar.

Eagraíocht

  • Conradh na Gaeilge - An Ghaeilge a chur chun cinn i ngach réimse
  • Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge - Bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú
  • Gael-Linn - Fondúireacht a shaothraíonn don Ghaeilge sna réimsí cultúra agus gnó
  • Coláiste na bhFiann - Clubanna chun deis a thabhairt dá mbaill am saor a chaitheamh go tairbheach trí Ghaeilge
  • Glór na nGael - Comórtas náisiúnta le forbairt agus caomhnú teanga mar spriocanna lárnacha
  • Comhluadar - Tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a gcuid páistí a thogáil le Gaeilge.
  • An Taibhdhearc - Amharclann náisiúnta na Gaeilge
  • An tOireachtas - Na healaíona dúchais trí mheán na Gaeilge a cheiliúradh
  • An Cumann Scoildrámaíochta - Cur chun cinn na scoildrámaíochta i nGaeilge
  • Gaelscoileanna - Eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge
  • Eagraíocht na Scáthghrúpa agus grúpa tacaíochta do Scoileanna Gaeltachta scoileanna Gaeltachta
  • Ógras Eagraíocht Óige Gaeilge atá bainteach le Conradh na Gaeilge
  • Feachtas - Campaí samhraidh agus gníomhaíochtaí eile a eagrú do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge
  • Concos - Over 25,000 students attend Irish Colleges every Summer

    Tá eagrais eile a dhíríonn isteach níos mó ar ghnéithe den chultúr Gaelach ná ar an teanga féin, ar nós an Cumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá ról an-tábhachtach ag na heagrais seo de bharr go bhfuil ar a gcumas an teanga a chur chun cinn mar chuid den phríomhról atá acu.