Thosaigh Iarchonnachta!
Eoin Ó Riain 17 Bealtaine 2016

"The most intensly Irish-speaking part of Co Galway (indeed of Ireland) is Iar-chonnacht and the most Irish speaking part of Iar-Connacht is the parish of Rosmuck..." (Litir ón bPiarsach 3 Meith 1910)

Bhí beagáinín díospóireachta bliain nó dhó ó shin ag éirí as scannán a léiríodh ar TG4 ag caint faoin gluaiseacht agus burradh a bhí ann sna seacaidí agus na seachtóidí i gConamara. "An mar a chéile muid?" an t-ainm a bhí ar an scannán le Seán Ó Cualáin. Luadh an frása nó manadh ann, "Iosráel in Iarchonnachta!" agus ba léir go raibh beagáinín míthuiscint ann. Is mó an athrú ar an dearcadh ar an tír sin, Iosráel anois seachas mar an dearcadh atá anois ann. Mar a deirtear go minic sna cúrsaí seo is ceart smaoineamh ar an milieu inar scríobhadh iad agus na bun tuairimí a mheas ansin. Is dócha mar chuid de sin chinn mé ar an beagáinín seo a dhéanamh - leabhrán a foilsíodh ag an am a chuir ar líne. Scríobh mé píosa in mo bhlag faoin na smaointe a spreag an scannán sin ionam ag an am - Friotal an chine? (1/5/2015)

Beagnach 50 bliain ó shin, tháinig mé ar scríbhneoireacht Dheasúin Fennell*.  Chuala mise faoin bhfear sna luath seascaidí sin nauir a bhí chónaí ar san Ghearmáin agus ag scríobh in iris Caitliceach, Herders Correspondance agus in iris de chuid na Doiminiceánach in éirinn, Doctrine & Life. Thaitn an méid a bhí á scríobh aige faoi chúrsaí chreidimh liom. Bhí Comhairle na Vatacáine díreach thart (1965) agus bhí an-chuid athraithe ag tárliúint sa Eaglais ag an am.

Táim fíor buíoch don údar as cead a thabhairt dom a chuid scribhinní a chuir ar líne.
Foilsíodh é sa Bhl 1969

Iarchonnacht Began 

Revival or Not? 2 The one remaining chance. (Irish Times 21/1/1969) 281KB
Revival or Not? 1 The Courage to decide. (Irish Times 21/1/1969) 701KB
Plandáil Chonnacht (Litir sa Irish Times 12/2/1969) 111KB
Iosrael in Iarchonnachta (InniU 28/2/1969) 371KB
Roinnt Litreacha (Inniú Márta 1969 - DF, Tarlach Ó hUid, Seosamh Ó Cuaig) 473KB
Slua ar thóir Pobail (Inniú 14/3/1969) 553KB
Níor Athbheodh an Laidin (Inniú 28/3/1969) 446KB
Do Dheasún (Dán le Pádraigh ó Fiannachta, Inniú 28/3/1969) 53KB
Litir Eile (DF 25/4/19690) 234KB
Connacht's view of itself (Léacht i gCaisleáin a'Bharraigh 28/5/1969) 1.4MB
Iarchonnachta 1985 (Billeog a scaipeadh deiredh Meith 1969) 70KB
Ag deireadh na seascaidí thosaigh sé ag scríobh faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht san Irish Press and nuachtáin eile. Bhí sé sásta dul siar go Muighnis i gcroí lár na Ghaeltachta lena a chlann.

Ar ndóigh bhí an méid a bhí á scríobh aige agus a dhearcadh conspóideach. Mar a thárlaíonn do gach fáidh, déanadh ionsaí ar a chuid tuairimí, ní h-amháin taobh amuigh den Ghaeltacht ach sa Ghaeltacht féin. Ag an am céanna bhí Gluaiseacht Cearta Siabhialta na Gaeltachta ag troid ar son cearta Phobal na Gaeltachta, go mór mór i nDeisceart Chonamara. Dream a dúradh ag an "establishment," nach raibh ceart ná sibhialta!

Baineadh úsáid as an sean-ainm "Iarchonnacht", ar an gceantair ó Bhearna siar go Carna - mar a rinne an Piarsach féin blianta roimhe. Tugadh "Iarchonnacht'85" mar ainm ar ghluaiseacht Fennell.

Bhí gluaiseactaí cosúil leis i gcuid de na cheantair Ghaeltachta eile, Corcha Duibhne agus Gaoth Dobhair mar shampla. D'éirigh le Gluaiseacht Cearta na Gaeltachta i gcuid dá cuid spriochanna a bhaint amach, Raidío na Gaeltachta mar shampla. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta chomh maith cé nach raibh sé leath chomh láidir agus a bhí ag uatha.

Tá cóipeanna de bhailiúcháin scríobhnóireachta Fennell a bailíodh in aon leabhrán amháin ag deireadh na seascaidí (1969) faoin ainm Iarchonnacht Began! anseo agam . Níor éirigh leis an ngluaiseacht Iarchonnachta '85 ach mar sin féin tá na tuairimí atá le léamh anseo spéisiúil agus cuid acu fós a bhaineann le hábhar sa lá atá inniú ann.

Tá beagnach 50 leathanach sa labhrán agus tá pdfanna anseo de na míreanna éagsúla. Cuid acu atá fada chuid acu an-ghearr agus tá dán deas leis an tAth Pádraigh Ó Fiannachta ann chomh maith.  Cuireann na tuairimí atá á nochtadh aige san léacht fada, Connacht's view of itself " (pdf) oráid ceannródaíoch Dhúbhglás de híde, "The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation" i gcuimhne dom. Tá an cóip den foilseachán atá agamsa sean agus tá an cuma sin air ach mar sin féin sílim go bhfuil sé inléite.

Ar ndóigh níor stop Fennell mar fealsúnaí ag smaoineamh agus ag forbairt a dhearcadh ar chúrsaí an tsaoil idir an dá linn. Ach anois is arís filleann sé ar cheist na Gaeilge/Gaeltachta i bhfoilsicheáin mar Tuairisc.ie


*Tá níos mó eolas faoi Desmond Fennell ar Wikapedia i mBéarla.

Tá suíomh ag Desmond Fennell féin anseo! (Béarla)