Uair Chinniúnach don ChonradhBEALACH amháin nó bealach elle, beidh ré úr ag tosú an deireadh seachtaine seo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Luimneach.
Cibé duine a mbeidh an bua aige sa toghchán Uachtaránachta, Pádraig Mac Fhearghusa nó Sein Ó hAdhmaill, is cinniúnach an bheidh an toradh, ní amháin don Chonradh ach do ghluaiseachtaí na Gaeilge ar fad. Feachtas teasaí go leor a bhí ann go dtí seo. Bhí díomá ar chuid mhór Gaeilgeoirí agus iad ag éisteacht leis an diospóireacht idir an bheirt ai Raidió na Gaeltachta de bhrí go raibh sé "rópheaisanta." Tá sé ráite go poiblí ag
Pádraig Mac Fhearghusa go bhfuil Ó hAdhmaill "ró-óg go fóill. Tá 27 blian aige. Níl aon amhras ann ná go mbeidh Mac Fheaighusa ag cur béime ar a thaithí is a bhfuil bainte amach aige, agus beidh Ó hAdhmaill ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil neart taithí aige féin agus gur buntáiste í an óige.
Niorbh fhéidir rogha níos soiléire a bheith ann. Tá rogha idir leanúnachas agus radacachas, idir fear cathrach agus fear tuaithe, idir fear a bhfuil taithí na mblianta fada aige agus fear óg nach bhfuil an méid taithí céanna aige ach a léirigh fuinneamh agus díograis ar leith le linn an fheachtais seo, go háirithe ó thaobh an úsáid éifeachtach a bhain sé as an teicneolaiocht úr, rud Má chailleann Seán Ó hAdhmaill, beidh le feiceáil an mbeidh sé féin is a lucbt tacaíochta, an "bheocht tir sa Chonradh le tamail de bhlianta anuas" sásta fanacht bliain elle faoi uachtaránacht Phádraig Mhic Fheaighusa agus ní fios an mbeidh seanfhondúiri an Chonaitha sásta le ré úr mae atá beartaithe ag Seán Ó hAdhmaill. Beidh le feiceáil an mbeidh ceachtar den dá iarrthóir ábalta lucht tacaíochta an duine eile a thabhairt leis tar éis toradh an toghcháin, sin dúshán a bhionn ag an té a bhaineann toghchán uachtaránachta i gcónai.
Meitheal Oibre ar bun chun 'cuíchóiriú' Fhoras na Gaeilge a phlé
Ach, as na heagraiochtaí bunmhaoinithe go léir ar chuir Gaelscéal ceistneoir chucu le fiosrú cad a dhéanann na heagraiochtai seo go léir agus cad iad na difriochtaí eatarthu, ar mhaithe leis an eolas sin a chuir roimh phobal na Gaeilge, nior fhreagair ach dhá cheann, cé go bhfuair muid leithscéal ó dhá eagraiocht elle. Tuigtear do Gaelscéal do bhfuil Meitheal Oibre ar bun chun 'cuíchóiriú' Fhoras na Gaeilge a phlé. Dúirt eagraiocht amháin linn go bhfuil an Meitheal seo 'ag feidhniiú thar ceann na neagraíochtaí bunmhaoinithe faoi cheist thodhchai mhaoiniú srl. na hearnála. Mar sin, ni bheimid ag soláthar eolais don phobal fad is atá an próiseas seo idir lámha! Cibé duine a bheas mar uachtarán ar an Chonradh, is é cúrsaí maoinithe an chloch is mó a bheas ar a phaidrin aige. (Ciarán Dunbar; Gaelscéal 16 Aibrean 2010)
|
Foilsíodh é seo i nGaelscéal 9 Aibreán 2010Ar Ardán na seachtaine seo, tá Pádraig Mac Fhearghusa agus Seán Ó hAdhmaill, an bheirt iarrthóirf atá. ag seasamh d'uachtaráriacht Chonradh na Gaeilge. Beidh Ardfheis Chonradh na Gaeilge ar siúl in Ostán Strand, Luimneach, 16-18 Aibreán 2010.
(Tuairimí; Ardán; © Gaelscéal 9 Aibreán 2010)
|
(Tuairimí; Ardán; © Gaelscéal 9 Aibreán 2010)
Litir chuig an Eagthóir
|