Siamsa Choilm de Bhailís

Déan Teagmháil le: Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha
Sruthán Buí
Leitir Caladh
Leitir Móir
Co. na Gaillimhe.


Leacht cuimhniucháin ar Gharumna

Colm de Bhailís
File agus fear ceirde
1796 - 1906

I nGarumna, i gCeantar na nOileán a rugadh Colm de Bhailís.

Scaití deireann muintir Ros Muc, agus muintir na Ceathrún Ruadh gur leo féin é, ach glactar leis gur i nGarumna a tháinig sé ar an saol, ar an 2ú Feabhra, 1796. Fear a raibh ceird aige, ba sáibhéar agus saor cloiche a bhí ann, agus bhíodh sé ag cur caoí ar thithe chomh maith. Chaith sé a óige thart ina cheantar féin, ach rinne sé go leor taistil ina dhiaidh sin. Chaith sé tamall i gCathair na Mart i gCo. Mhaigh Eó, tamall sa Tulach Mór, i gCo. Uibh Fháillí. Chaith sé aon bhliain déag i gCill Rois i gCo. an Chláir. Bhíodh sé ag obair in áiteacha éagsula i gConamara freisin.

Seo pictiúr a thóg MolIy Monaghan as Uachtar Árd de Cholm agus é i dTeach na mBocht in Uachtar Ard sa mbliain 1903, in aois 107 bliain.
Foilsíodh an pictiúr seo sa gClnidheamh Soluis i mi Lúnasa 1903. Ba iad clann inion Phádraig Uí Dhomhnalláin - an fear a thóg sios na hamhráin ó Cholm sna blianta sin, a thug an pictiúr seo do Mháirtín Tom Sheáinín le linn Shiamsa Choilm de Bhailís i Leitir Móir.
Cé go raibh Colm ina sheanfhear nuair a ceanglaíodh na hOileáin leis an mórthír, níor chuir sin stop le na chuid taistil agus é óg. Ar ndóigh bhí an ceangal farraige ariamh ann.

Nuair a bhí Colm tuirseach de'n taisteal, shocraigh sé síos i mBaile na Cille, ina cheantar dhúchais.

Bhí sé pósta faoí dhó. Bhí aon mhac amháin aige, a cailleadh leis an eitinn sa mbliain 1877.

Cailleadh an dara bean thart ar an mbliain 1900, agus tamall ian dhiadh sin thug Colm Teach na mBocht in Uachtar Ard air féin. Bhí sé an – aosta ag an am, agus is doigh nach raibh aon rogha eile aige. Le linn dó bheith in Uachtar Ard, scríobh ógánach as an áit, Pádraig Ó Domhnalláin, (1884 – 1960 ) scríobh sé síos amhráin ó Cholm. Tugadh suntas do Cholm mar gheall gur file a bhí ann, agus hiarradh ar Phádraig comhluadar a choinneál leis, agus aire a thabhairt dó. Thart ar 18, nó 19 de bhlianta a bhí Pádraig ag an am sin, agus bhíodh sé ag scríobh altanna san gClaidheamh Solais go gairid ina dhiadh sin. I bpíosa a scríobh Pádraig san gClaidheamh Solais i 1903, chuir sé síos ar Cholm de Bhailís, agus as sin tháinig achainí ó Phádraig Mac Piarais chun airgead a bhailiú le Colm a thógáil as Teach na mBocht, agus ait cónaithe a chur ar fáil dó, rud a rinneadh.

Uaigh Choilm de BhailísMhair Colm cúpla bliain i dteach áitiúil, ach, bhí air dul arais go Teach na mBocht aríst. Ansin a cailleadh é, san ospidéal, i 1906.

Agus é seo dá scríobh ( 2004 ), tá amhráin Choilm de Bhailís dá gcasadh go fóill i gConamara.

Na hamhráin is mó atá luaite leis tá ; Cúirt an tSrutháin Bhuí, Amhrán an Tae, Beartlín an Gadaí, An Seanduine Cam, an Luch i nGarraí Fataí, An Bás.

Sa mbliain 1904, d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge cnuasach, Amhráin Chuilm de Bhailís, na hamhráin a scríobh Pádraig Ó Domhnalláin síos ó bhéal an fhile.

Sa mbliain 1995, d' fhoilsigh Cló Iar Chonnachta dlúthdhiosca, Fleadh 'gus Féasta , Amhráin Choilm de Bhailís.

Dluth DioscaSa mbliain 1996, d' fhoilsigh Cló Iar Chonnachta an leabhar, Amhráin Choilm de Bhailís, in eagar ag Gearóid Denvir, ina bhfuil tri amhrán breise, chomh maith leis na seacht gcinn déag a bhailigh Padraig Ó Domhnalláin.

Bráca a thóg Colm i Leitir Caladh a spreag an tamhrán Cúirt an tSruthan Bhuí. Tá ath – chóiriú déanta ar an " gCúirt" ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha. Tá sí suite gar do Brandy Harbour, agus déantar Colm de Bhailís a chomóradh chuile bhliain.

Tá Colm de Bhailís "i bhfoscadh ó chuile ghaoith" i reilig Chill Chuimín, in Uachtar Ard.

Bailiúchán Tagartha Samuel L. Mac Guidhir i Leabharlann na Ceathrún Rua


Biographical Note in English from Royal Irish Academy
Amhrán Choilm de Bháil’s (Patrick Conolly 2007)

Uaigh Choilm de Bhailís
Uaigh Choilm de Bhailís