Má tá nuacht agatsa a bheadh oiriúnach - .i. sa, nó faoin, gceantair nó a bheadh tioncar aige ar an gceantair - chur chugainn ag eor@read-out.net é.
Níl na haicmhainí aistriú teangan againn dá bhrí sin níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!
Iml 03: Eag 19

Tearman
Smaoineamh don lá!

Visit the Widget Gallery

éire
An Aimsir


Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach

Tuairisc an Coimisinéara do 2008 Forálacha reachtúla teanga sáraithe ag Roinn Uí Cuív!

11/5/2009: Foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil 2008 an Choimisinéira Teanga ar an Luain i nGaillimh. Rinne baill den phobal beagnach 600 gearán nua leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge le linn na bliana.
Ba iad na ranna rialtais a sháraigh forálacha reachtúla teanga ná an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus an Roinn Iompair. Bhí sé chinn d'heagraíochtaí stáit a sháraigh iad chomh maith.
Bhí an-imní ar an gCoimisinéir nach raibh "scéimeanna" teanga nua nó pleananna teanga reachtúla nua daingnithe faoi dheireadh 2008 i gcás aon cheann den 22 eagraíocht stáit a raibh a gcéad scéim teanga trí bliana imithe in éag. Chuir sé a imní i n-iúl don Aire agus tá deimhniú ag an Aire á rá "go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis a bhaint amach."
Roinn Uí Chuív ar bharr 'Léig na Náire' - Blag Uí Liatháin.


Oibrithe deonacha na hOllscoile do Rás Aigéin Volvo

8/5/2009: Tá sé fógartha gurb í OÉG comhpháirtí an Chláir Oibrithe Deonacha do stad na Gaillimhe de Rás Aigéin Volvo ón 23 Bealtaine - 6 Meitheamh 2009. ó tharla gurb í an Ollscoil seo an ollscoil is gníomhaí sa tír ó thaobh tionscnaimh dheonacha a fhorbairt i measc na mac léinn, oibreoidh Oé Gaillimh leis an eagraí neamhbhrabúsach Let's Do It Galway le cuidiú leis an mbaicle bheag oibrithe deonacha a bheidh ar fáil don fhéile a mhairfidh ar feadh coicíse i gCathair na Gaillimhe.
Volvo Ocean Race (Béarla; Rúisis; Sínis; Spáinis)

Comórtas fiontraíochta do scoileanna dara leibhéal

7/5/2009: Ag ócáid in óstán na Páirce, An Spidéal ar 7 Bealtaine 2009 bhronn Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, na duaiseanna ar bhuaiteoirí réigiún an Iarthair sa Chomórtas Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta.

ÚnaG agus MFG

7/5/2009: Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh na gcruinnithe a bhí ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív ar an 23ú lá Aibreán, le Bord an údaráis agus Bord MFG. I dtuairim an Údaráis thug an tAire soiléiriú iomlán don dá Bhord faoina bhfuil i gceist aige maidir le cónascadh a thabhairt i gcríoch idir an dá eagraíocht, an clár ama a bhaineann leis an gcinneadh sin agus scéimeanna atá i gceist a aistriú chuig an Údarás i rith na bliana reatha. D'iarr an tAire ar an dá eagraíocht comhoibriú lena Roinn féin leis an gcomhtháthú atá i gceist a thabhairt i gcríoch agus oibriú as lámh a chéile chun aon deacrachtaí a réiteach.

An Leathanbhanda i Ros Muc

Tuairisc ón gCoimisinéir
6/5/2009: Tá an Seán ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, lena Thuarascáil Bhliantúil 2008 ar an Luain i nGaillimh.
5/5/2009: Tá fáilte curtha ag Bainisteoir Chumas-MFG i nGaillimh, Trevor Ó Clochartaigh, roimh an scéala go bhfuil an leathanbhanda tagtha go Ros Muc. Tá scéala faighte acu ó Eircom go bhfuil an malartán sa gceantar sin beo ó thaobh soláthar leathanbhanda de anois. 'Tá muid ag troid le fada go gcuirfí seirbhís den chineál seo ar fáil i Ros Muc agus tá áthas orainn go bhfuil sé ar fáil ar deire thiar', a deir Ó Clochartaigh. 'Ciallaíonn sé seo go mbeidh seirbhís leathanbhanda i bhfad níos fearr le fáil ag gnóluchtaí agus daoine aonair, go mbeidh deis tionscail teilechumarsáide bhunaithe a chur chun cinn agus margadh níos fearr a fháil ó soláthróirí éagsúla.'
Suíomh éircom (Béarla amháin)


Siúlóid Naomh Pádraig i gCorr na Móna

4/5/2009: Chuir Éamon ó Cuív, TD fáilte roimh gach aon duine a bhí ag siúl in éineacht leis ar shiúlóid 10km ar an nDomhnach seo caite, i gCorr an Móna, Co. na Gaillimhe. D'Oscail sé Siúlóid Bhinn Shléibhe go hoifigiúil, ar seanbhóthar é idir Corr na Móna agus an Fhairche a d'úsáid Naomh Pádraig féin de réir na bhfínscéalta. Rinneadh an tsiúlóid a athchóiriú trí chomharchumann forbartha an phobail áitiúil, C.D.S. Teoranta, le maoiniú ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Fáilte éireann agus FáS. Cuireadh tús le hobair in 2002 agus sholáthair an tionscadal fostaíocht do líon mór daoine faoi scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear FáS agus an Scéim Sóisialta Tuaithe.


Féile Joe ÉinniU

28/4/2009: Beidh fáiltiú agus oscailt oifigiúil, Féile Joe Éinniú ar an Aoine leis an aoí-chainteoir Máire Nic Fhinn ó RTé. Bronnfar ábhair ar chartlann Joe éinniú agus mar ómós don amhránaí Dara Bán Mac Donncha (ar chlé) a bhásaigh i 2008 Taispeánfar an scannáin "Dara Bán" a rinne Lillis ó Laoire.
Scéal faoin mbronnadh

An gorta mór

28/4/2009: D'fhógair Éamon Ó Cuív, T.D. mar Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, clár imeachtaí, le titim amach i mí na Bealtaine 2009, d'fhonn an 1.5 milliún duine, a cailleadh nó a chuaigh ar eisimirce as éirinn le linn an Ghorta Mhóir sna 1840í a chomóradh agus a onórú.


Dúshláin atá Romhainn Anois! Ardeaspaig Ó Néirigh

27/4/2009: Tár éis dul i gcomhairle le sagirt na deoise, Comhairle na dTuata agus le Grúpa Feidhmiúcháin na Deoise agus comhairle a lorg ó gach comhairle thréadach pharóiste bhailigh grúpa oibre tuairisc le chéile don árdEaspaig. Bhí 16 de moltaí ann agus inné d'fhoilsigh an árdeaspaig thréad litir, Dúshlan atá romhain anois chuig gach paróiste sa deoise. Glacann sé go gcuirfidh na moltaí seo treoirlínte ar fáil dúinn ar chonas mar is féidir dul i ngleich leis na fadhbanna, go mór mór an gantanas sagairt.
An tuairisc Moltaí Do Fhreastal sa Todhchaí ar Pharóistí árd Dheoise Thuama

Cé tá chun seasamh?
Bhfuil tusa cláraithe?

27/4/2009: Níl fhios ag éinne, go mór mó i bpáirtí Fianna Fáil cé tá le du sa bhearnaa i dtoghchán na hEorpa ó chualathas nach raibh Seán Ó Neachtain le seasamh ar chúiseanna sláinte (Ráiteas Uí Neachtain - i mBéarla!). Deireann an Connaught Tribune go bhfuil brú mór ar Éamon Ó Cuív dull san iomaíocht. Daoine eile gur Pádraig Ó Céide a bheidh ann.
Sé Pascal Mooney an dara duine ar liosta Fhianna Fáil don toghcháin seo.

93% de dhaoine dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge

Scéim Labhairt na Gaeilge 2007/2008
21/4/2009: Tá figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2007/08 foilsithe anois ag an Aire
24/4/2009: Is mian le 93% de na daoine sin a ghlac páirt i suirbhé náisiúnta go n-athbheofaí nó go gcaomhnófaí an Ghaeilge, de réir tuarascála a sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD le déanaí. Ta an tuairisc "The Irish Language and the Irish People" leis an Athair Mícheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan (atá i mBéarla) agus acoimre i nGaeilge le fáil ar an leathanach seo

I gcoinne cioraithe deontais grúpaí Gaeilge

18/4/2009: D'iarr an Seanadóir Pearse Doherty (SF) ar Foras na Gaeilge, atá ag bualadh (sic) inniu, gan gearradh siar a dhéanamh ar deontais grúpaí Gaeilge áitiúla. Bhí sé ag díriú ar an Rialtais gan gearradh siar a dhéanamh ar bhuiséad an institiúd tras-teorann a bunaíodh i ndiaidh Comhaontú Aoine an Céasta.
Suíomh Shinn Féin (Béarla amháin!)

Tús áite don pobal

20/4/2009: 'Tús Áite Don Phobal' an téama atá le feachtas iarrthóir Shinn Féin sna Toghcháin áitiúla i gConamara, Trevor Ó Clochartaigh. Is iad na seirbhísi pobail is mó atá dhá mbualadh ag na ciorruithe atá dhá dhéanamh ag an Rialtas agus ag h-eagrais stáit agus fágfaidh sin droch bhail ar phobail tuaithe ar nos muintir Chonamara, dar le Ó Clochartaigh.


Comóradh an chéid!

18/4/2009: Is nós don stát seo daonáireamh a réiteach gach cúpla bliain agus na staitisticí a bhaintear as a chur ar fáil don phobal. Is maith an rud é sin ach tá fadhb amháin leis: tá staitisticí leadránach agus ní léann éinne iad. Dá bhrí sin, shocraigh mise, bhur mblagadóir dílis, cuid de na staitisticí ón daonáireamh deireanach (2006) a shimpliú agus iad a léiriú i bhfoirm léarscáileanna. (An Cainteoir Dóchais)


Úrscéal grafach nua le seoladh
17/4/2009: Is é an tAire Gnóthaí Pobail,Tuaithe & Gaeltachta, Eamon Ó Cuív TD, a sheolfaidh leabhair de chuid Cló Mhuigheó, Deirdre agus Mic Uisnigh an t-úrscéal grafach nua le Colmán Ó Raghallaigh ar Aoine na seachtaine seo chugainn i gCaisleán a Bharraigh. An tragóid a leanann Deirdre ó lá a breithe, is téama don mhórscéal Gaeilge seo, é inste go cumasach anseo dúinn ag Colmán Ó Raghallaigh agus maisithe ag Barry Reynolds agus Audrey O'Brien.
Sladmhargadh Leabhar

16/4/2009: Tá an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta ag tairiscint beart mór leabhar ar €290, de chuid Sáirséal - Ó Marcaigh / Sáirséal agus Dill, mar aon le roinnt bheag teideal ó Mercier, FNT agus Cló Chois Fharraige, pacáil agus postáil chuig aon áit in Eirinn san áireamh.
Tá aitheantas forleathan ar Sáirséal - Ó Marcaigh / Sáirséal agus Dill agus réimse breá ar fáil sa phacáiste, idir leabhair thaighde, úrscéalta, gearrscéalta, beathaisnéisí, amhráin, drámaí, stair agus filíocht.
Is deis iontach é seo do leabharlann Ghaeilge a shaibhriú go mór, agus mar go bhfuil cuid de na teidil seo beagnach as cló anois, is mór is fiú an pacáiste luachmhar seo.


Cursaí Polataíochta Eorpach agus áitiúil!
Toghcháin Áitiúla
Toghcháin Eorpacha
11/4/2009: Glacadh le Seán Ó Neachtain mar Iarrathoir de chuid Fianna Fáil do Phairlimin na hEorpa, gan vóta ag coinbhinsiún an pháirtí le dáanaí. Bhí comortas ann don tarna áit a bhí buaite ag Paschal Mooney, Iar sheanadóir. Tá Seán san PE le breis agus sá bhlian anois ach tá troid mór roimhe an suíochán a coimeád dá pháirtí i mbliaina. Tá Jim Higgins (FG) agus Marian Harkin (NS) san iomaíocht freisin mar aaon le Pádraig MacLochlainn (SF) and Declan Ganley (Libertas).
Suíomh Sheáin Uí Neachtain (Báarla)

Sna toghcháin áitiúla beidh cúigear san iomaíocht ag FF i gConamara, Josie Coneely, Connie Ní Fhatharta, Seán Ó Tuairisc agus Séamus Walsh, atá ar an gcomhairle faoi láthair mar aon le duine nua Louise O'Connor as Maigh Chuileann.
Ait go leor ar leathannach "Gaelige" Fianna Fáil níl mórán Gaeilge ann. Agus tá sá deachair aonm eolas faoi toghcháin na hEorpa nó na Toghcháin Áitiúil a aimsiú ann in nGaeilge nó i mBáarla. Ní bheinn ró shásta leis an leathannach i bPólannais ach an oiread!


IRL nó ÉIR?
Cad a bheidh ar do charrsa?



GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!

Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach