Gearáin faoi leabhráin Bhéarla sna Gaeltachtaí diúltaithe ag Fine Gael

Colm Ó Broin

Dhiúltaigh Teachta Dála Fhine Gael i nGaillimh Thiar, Pádraic McCormack, inné, do ghearán faoi leabhrán a dháil sé ar fud na Gaeltachta a raibh formhór an téacs ann i mBéarla. Sheol an Teachta McCormack an leabhrán 12 leathanach, 'County Galway - Guide to Pension Rights and Benefits', timpeall thoghcheantar Ghaillimh Thiar ach níl ach píosa gairid i nGaeilge, ar an leathanach cúil. Dhiúltaigh sé gearán faoi na leabhráin, áfach, ag rá nach
bhféadfadh sé bileog dhátheangach a scaipeadh agus gurbh é an taithí a bhí aige ná go mb'fhearr le muintir na Gaeltachta litríocht a léamh i mBéarla. "Ba é m'airgead féin a chaith mé ar chló agus ar dháileadh na leabhrán agus bhí sé dodhéanta bileog dhátheangach 24 leathanach a dhéanamh toisc nach nglacfadh An Post le leabhrán a raibh níos mó ná 12 leathanach ann. "Faighimse go leor teachtaireachtaí ón bpobal agus níl ach gearán amháin faighte agam faoi na leabhráin. Ní dóigh liom go bhfuil an gearán ionadaíoch ar thuairimí mhuintir na Gaeltachta. "Tá Gaeilge agam agus ag mo chlann ar fad agus bíonn daoine ón nGaeltacht isteach chugam san oifig go rialta. "Déanann muid ár ngnó trí Ghaeilge ach nuair a iarraim orthu an bhfuil siad ag iarraidh litir uaim i nGaeilge nó i mBéarla, is é an Béarla a roghnaíonn siad i gcónaí. "Sé an taithí atá agam ná go mb'fhearr leo léamh i mBéarla de bharr go mbíonn siad ag léamh nuachtán agus eile i mBéarla, chuile lá." Rinneadh gearán freisin faoin mbileog a sheol ceannáras Fhine Gael, 'The Contract for a Better Ireland', timpeall Ghaeltacht Chonamara, de bharr gur i mBéarla amháin a bhí sé. Dúirt urlabhraí an pháirtí gur i mBéarla amháin a bhíonn bileoga Fhine Gael go hiondúil ach go raibh roinnt Gaeilge ar litríocht an pháirtí den chéad uair i mbliana, ina measc réamhrá fhorógra an pháirtí, a rinneadh de bharr iarratais ó Enda Kenny.

Lá Nua 11/5/2007


Baile