Tuarascáil Bhliantúil 2007

Tháinig Oifig an Choimisinéara Teanga ar sháruithe suntasacha le linn na bliana 2007 ar reachtaíocht a raibh cur chun cinn na Gaeilge mar aidhm aici, de réir thuarascáil bhliantúil na hOifige a foilsíodh inniu.

Chruthaigh imscrúduithe oifigiúla de chuid an Choimisinéara Teanga anuraidh go raibh ranna agus eagraíochtaí stáit eile ann a sháraigh forálacha reachtúla a raibh cosaint nó cur chun cinn na Gaeilge sa saol poiblí mar bhunús leo. I measc na n-eagraíochtaí sin bhí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, Bus Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall.

Chinn an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, tar éis imscrúdú oifigiúil a dhéanamh ar iarratas ó ochtar ball den Oireachtas, nár shárú ar fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí ann gan leaganacha Gaeilge a bheith á bhfoilsiú de bhillí le linn an phróisis achtaithe i dTithe an Oireachtais.

Scoir an Coimisinéir Teanga d'imscrúdú eile nuair a diúltaíodh cead dó teacht ar eolas i gcomhaid chuí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí mar gur bhain siad le cinntí agus imeachtaí de chuid an Rialtais.

Don dara bliain as a chéile cuireadh breis agus 600 gearán nua i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2007 inar thug baill den phobal le fios gur chreid siad go raibh cúis gearáin acu de bharr deacrachta le seirbhísí trí Ghaeilge ón státchóras. Fágann sin go bhfuil beagnach 2,000 gearán curtha i láthair na hOifige ó bunaíodh í ar dtús sa bhliain 2004.

Ó Chontae Bhaile Átha Cliath a tháinig an tríú cuid de ghearáin na bliana anuraidh agus tháinig 42% eile ó na trí chontae seo a leanas - Gaillimh (24%), Ciarraí (12%) agus Dún na nGall (6%). Ón nGaeltacht a tháinig 40% de na gearáin agus as ceantair lasmuigh den Ghaeltacht an chuid eile (60%).

Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, gur chosúil nár leor na córais reatha maidir le hearcaíocht agus traenáil foirne le cinntiú go mbeadh líon leordhóthanach foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil in eagraíochtaí stáit na tíre le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla.

"Nílim ag déanamh an cháis ar chor ar bith gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí d'fhostaithe an stáit, ach ní chreidim gur leor ach an oiread 'Béarla éigeantach' a bhrú ar an bpobal agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit," a dúirt sé.

Thug sé le fios go bhféadfadh go dteastódh gníomh athchothromaithe leis an líon leordhóthanach sin d'fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí.

"Aimsíodh córas le cabhrú le hathchothromaíocht trasphobail a fheabhsú trí idirdhealú dearfach a spreagadh do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann de thoradh Thuarascáil Patten. Theastódh iarracht den chineál céanna a fheidhmiú anseo ar bhunús teanga, fiú ar feadh tréimhse shealadach, le tionchar dearfach a bheith aige in athchothromú a dhéanamh ar fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla sa státchóras anseo," a dúirt sé.

"Ní bheadh aon impleachtaí maidir le costais bhreise ag a leithéid de ghníomh; go deimhin ba shaoire don statchóras baill foirne le hinniúlacht sa dá theanga oifigiúla araon, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, a bheith fostaithe ann ná an córas reatha i gcuid mhór eagraíochtaí stáit a chaithfidh dul i muinín seirbhísí seachtracha tráchtála aistriúcháin le déileáil, fiú, leis na litreacha is simplí i nGaeilge," a dúirt sé.

Cé gur aithin sé go raibh roinnt dul chun cinn á dhéanamh i gcuid mhaith eagraíochtaí stáit maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge, dúirt sé go raibh cásanna eile ann ina raibh an tairseach maidir leis an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge an-íseal ar fad agus gur le drogall a chonacthas ról imeallach don teanga i soláthar seirbhíse do chustaiméirí.

"Creidim go gcaithfear an nasc a shoiléiriú agus a threisiú idir foghlaim na Gaeilge i gcóras oideachais na tíre agus úsáid na teanga ina dhiaidh sin i mbun cumarsáide go ginearálta, go háirithe leis an státchóras," a dúirt sé.

(Críoch)
Preasráiteas: Embargo 11.00am Máirt 8 Aibreán 2008Preasráiteas: Embargo 11.00am Máirt 8 Aibreán 2008

Nuacht TG4 8/4/2009

No Irish syllabus for 27 subjects
(is féidir éistecht le hagallamh leis an gCoimisinéar ón leathanach seo!)

RTÉ 8/4/2008

Leithcheal dearfach i leith na Gaeilge molta Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2007

Lá Nua 9/4/2008

Irish language watchdog obstructed

Irish Times 9/4/2008

Government blocks probe to find if judge can speak Irish.

Irish Examinar 9/4/2008

State stops probe into judge's Irish language skills

Irish Independent 9/4/2008

Béarla éigeantach ón Stát

600 Gearán ón bPobal

Galway Advertiser 10/4/2008

Roinn cáinte

Seán Tadhg Ó Gairbhí Foinse 13/4/2008

Xenophobic Irish 'lovers' a turn-off in any language
These days it seems the only constant is change

Emer O'Kelly agus Declan Lynch faoi seach - Sunday Independent 13/4/2008