PREASRÁITEAS

Dáta: 23 Aibreán 2008

Lánchosc: Níl

 

CnaG_rphost

 

PRÁINN NA RIALACHÁN

 

Léiríonn fógra na nGardaí Síochána i mBéarla, i bPolainnis agus i Sínis ach gan tagairt ar bith don Ghaeilge san Irish Times inné, 22 Aibreán 2008, an géarghá atá le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9), a d¹fhoilsigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív i 2006 ach nach bhfuil sínithe aige fós, dar le Conradh na Gaeilge.

 

 

Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: ³Tá sé scannalach nach raibh an Ghaeilge fiú luaite i bhfógra de chuid eagraíocht stáit atá chomh lárnach sin i saol an phobail agus atá na Gardaí Síochána.

 

 

Léiríonn seo an tábhacht a bhaineann le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) chun aitheantas agus meas a thabhairt dár dteanga dhúchais i measc ilteangachas nua na hÉireann sa lá atá inniu ann.²

 

 

Tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Ó Cuív na Rialacháin a shíniú mar ábhar práinne a luaithe agus atá an leasú maidir le cúrsaí fógraíochta déanta orthu.

 

Tuilleadh eolais:

 

Dáithí Mac Cárthaigh,

Uachtarán, Conradh na Gaeilge.

01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.

01 4757401 / 086 8142757

An Scéal seo i bhFoinse (27/4/2008)