Preasráiteas:
Embargo 11.00 r.n. Dé Luain, 11 Bealtaine 2009 ábhar:
Tuarascáil Bhliantúil 2008 Cinneadh gur sháraigh 6 cinn de ranna rialtais agus 6 ghníomhaireacht stáit eile reachtaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn le linn na bliana seo caite, dar le tuarascáil bhliantúil 2008 ó Oifig an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu. Rinne baill den phobal beagnach 600 gearán nua leis an gCoimisinéir Teanga, Seán ó Cuirreáin, maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge le linn na bliana. "Is laghdú de cheathair faoin gcéad é seo ar an mbliain roimhe sin agus cé gur laghdú beag atá ann, cuirimid fáilte roimhe," a dúirt an tUasal ó Cuirreáin. Léirínn an tuarascáil méadú suntasach ar líon na n-imscrúduithe foirmiúla a sheol a Oifig nuair a theip ar iarrachtaí neamhfhoirmiúla réitithe gearán. "Cuireadh críoch le 17 imscrúdú foirmiúil le linn 2008, rud a chiallaíonn go raibh tuarascáil fhoirmiúil ar imscrúdú á heisiúint ag m'Oifig ar an meán uair gach trí seachtaine le linn na bliana," dar leis an gCoimisinéir Teanga. Ba iad na ranna rialtais a sháraigh forálacha reachtúla teanga ná an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus an Roinn Iompair. Fuarthas tuilleadh sáruithe ar dhualgais teanga sna heagraíochtaí stáit seo a leanas: An Chomhairle Oidhreachta, an túdarás Comhionannais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Iarnród éireann, an túdarás um Bóithre Náisiúnta agus an Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta. "De ghnáth bhain na sáruithe le ceisteanna ar leith seachas le comhlíonadh dualgais reachtúla teanga go ginearálta. Níor chóir glacadh leis gurbh ionann teip cloí le gné amháin den reachtaíocht agus faillí ghinearálta i ndualgais teanga i gcoitinne," a dúirt an tUasal ó Cuirreáin. Tháinig trian de na gearáin a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga anuraidh ó cheantair Ghaeltachta. Ar bhonn réigiúnach, tháinig 38% de na gearáin ó Chontae Bhaile átha Cliath agus tháinig 22% ó Chontae na Gaillimhe. Chomh maith lena feidhm mar sheirbhís ombudsman, gníomhaíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar áisíneacht ghéilliúlachta maidir le dualgais teanga in eagraíochtaí stáit. Le linn 2008, rinneadh 42 iniúchadh ar 74 comhlacht poiblí chun a chinntiú go raibh siad ag cloí le dualgais reachtúla teanga. ábhar
Imní Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán ó Cuirreáin, gurbh ábhar imní dó go raibh gné amháin d'Acht na dTeangacha Oifigiúla nach raibh á cur chun cinn chomh réidh is a rabhthas ag súil leis. Ní raibh "scéimeanna" teanga nua nó pleananna teanga reachtúla nua daingnithe faoi dheireadh 2008 i gcás aon cheann den 22 eagraíocht stáit a raibh a gcéad scéim teanga trí bliana imithe in éag. Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur chreid sé go raibh folús á chruthú nach raibh ag teacht le forálacha an Achta ná leis na rialacháin reachtúla a rinneadh faoin Acht. Faoin reachtaíocht, caithfidh comhlachtaí poiblí leanúint orthu ag soláthar seirbhísí trí Ghaeilge de réir na ngealltanas atá tugtha acu ina gcéad scéim teanga ach níl aon dualgas orthu na seirbhísí sin a fhorbairt in aon slí in éagmais scéim teanga úr. "Chuir mé in iúl don Roinn go raibh imní orm go raibh an baol ann go bhféadfadh sé go gcaillfeadh an tionscnamh ina iomláine an luas a bhí faoi, rud a d'fhéadfadh a bheith ina bhuille an-mhór," a dúirt an Coimisinéir Teanga. I bhfreagra atá foilsithe sa tuarascáil bhliantúil, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis a bhaint amach. Costais Agus é ag tagairt do na hathruithe san aeráid eacnamaíoch, dúirt an Coimisinéir Teanga gur cheart cur chuige stuama a ghlacadh i gcónaí chun an costas a bhaineann le seirbhísí dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht, d'ainneoin gur chreid sé nach bhféadfaí nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth don Ghaeilge mar ábhar roghnach breise. "Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é," a dúirt sé. "Lean m'Oifig ag cur comhairle ar eagraíochtaí stáit maidir le bealaí chun costais a smachtú gan laghdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí d'ardchaighdeán trí Ghaeilge. I measc na moltaí a rinneadh bhí leas níos forleithne a bhaint as seirbhísí ar líne agus as seirbhísí idirlín; foilsiú ábhair dhátheangaigh don phobal go leictreonach seachas i bhfoirm chlóite; earcú foirne le cumas i nGaeilge agus i mBéarla seachas ceapachán foirne le cumas i dteanga amháin; agus comhoibriú breise idir eagraíochtaí gaolmhara agus iad ag forbairt a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge," a dúirt sé. Foilseachán Tá an tuarascáil bhliantúil foilsithe go príomha i bhfoirm leictreonach agus tá sí ar fáil ar www.coimisineir.ie. (CRíOCH) Tuilleadh Eolais: Damhnait Uí Mhaoldúin (091) 504 006 nó 0872197946. Féach freisin: Achoimrí ar Imscrúduithe 2008. Tá achoimrí níos cuimsithí ar na himscrúduithe ar fad curtha ar fáil mar chuid den tuarascáil bhliantúil ar www.coimisineir.ie. IMSCRúDUITHE 2008 An
Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Léirigh dhá imscrúdú éagsúla de chuid an Choimisinéara Teanga gur sháraigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an reachtaíocht teanga. Cinneadh gur sárú ar ghealltanas i scéim
reachtúil teanga na Roinne a bhí ann na sínte fada a ghlanadh go gníomhach ó
ainmneacha agus ó sheoltaí gach páiste nuabheirthe a bhí á gclárú d'íocaíochtaí
sochar linbh. Nuair a aistríodh na sonraí clárúcháin bhreithe leis na sínte
fada cuí go leictreonach ó Oifig an Ard-Chláraitheora, ghlan an Roinn amach na
sínte fada ar fad chun an fhaisnéis a shábháil ina bunachar sonraí féin.
Rinneadh sin ar mhaithe leis na sonraí a roinnt le córais uile na Roinne
d'ainneoin go raibh sé ar chumas an chórais ríomhaireachta sochar linbh sínte
fada a úsáid. Bhíodh sé mar ghnáthchleachtas dá thoradh sin an leagan "leasaithe",
agus é ceangailte le huimhir PSP nua-ghinte, a úsáid feasta i ngnóthaí eile
seirbhíse poiblí – cúrsaí leasa shóisialaigh,
cánach, oideachais agus sláinte san áireamh. Rinne an Coimisinéir Teanga 6 cinn de mholtaí chun an fhadhb a
réiteach. "Maidir leis na leanaí a bhí i gceist, rith sé liom go raibh seo ar
cheann de na chéad teagmhálacha thar a gceann leis an gcóras stáit agus ba léir
go rabhthas ag teip orthu ar bhealach an-simplí gan cúis mhaith," a dúirt an
tUasal ó Cuirreáin. I gcás eile, léiríodh go raibh cor poist a d'eisigh an Roinn chuig breis agus 340,000 duine maidir le sonraí leasa shóisialaigh do chustaiméirí a bhí ar ríomhaire glúine a goideadh ó Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag sárú an riachtanais reachtúil mar gur cheart, i gcásanna ar leith, cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne, a bheith dátheangach nó i nGaeilge amháin. An
Roinn Oideachais agus Eolaíochta Léirigh imscrúdú ar ghearán ó phríomhoide scoile a fheidhmíonn trí Ghaeilge gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta foráil den Acht Oideachais 1998 trí threoirlínte do mhúinteoirí a sholáthar i mBéarla amháin do 34 ábhar don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. Rinne an Roinn léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht a mhaígh nach raibh sé riachtanach dóibh na treoirlínte céanna a sholáthar i nGaeilge do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta ná i scoileanna a chuir teagasc trí Ghaeilge ar fáil. Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh dearcadh na Roinne ag baint ciall chontráilte as an reachtaíocht. Mhol sé gur thar thréimhse trí bliana a chuirfí na foilseacháin ar fáil i nGaeilge i bhfianaise an chostais a bhainfeadh le riaráiste na mblianta. An
Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil
Cinneadh gur tharla trí cinn de sháruithe ar leith ar reachtaíocht teanga in imscrúduithe éagsúla a rinneadh ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil. Bhain dhá imscrúdú le teipeanna maidir le croídhoiciméid a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Bhain an tríú imscrúdú le teip na Roinne suíomh gréasáin dátheangach a choinneáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra de réir gealltanais a tugadh ina scéim teanga. "Tá líon na gcroídhoiciméad a bhfuil dualgas ann iad a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla thar a bheith teoranta agus is féidir cloí leis seo trí fhoilsiú leictreonach fad is a phléitear leis an dá theanga go cothrom," a dúirt an Coimisinéir Teanga. An
Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí Léirigh imscrúdú gur theip ar an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cloí lena dualgas reachtúil maidir le forbairt ábhair i nGaeilge dá suíomh gréasáin. Go ginearálta níl aon dualgas ar chomhlachtaí poiblí suíomhanna gréasáin i nGaeilge a sholáthar mura bhfuil gealltanais faoi leith tugtha acu maidir leis seo ina scéimeanna teanga. Léiríodh go raibh sé seo amhlaidh i gcás na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus rinne an Coimisinéir Teanga ceithre mholadh ar leith chun an fhadhb a réiteach. An
Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Spreag gearán ó bhall foirne sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta imscrúdú a léirigh nach raibh an Roinn ag cloí le dhá ghealltanas a tugadh ina scéim reachtúil teanga. Bhain na gealltanais le socruithe a dhéanamh d'agallaimh Roinne i nGaeilge nó i mBéarla i gcásanna ar leith agus le soláthar cúrsaí oiliúna faoi leith don fhoireann sa dá theanga. Agus í ag glacadh le moltaí an imscrúdaithe, shoiléirigh an Roinn gur bhain riaradh gnóthaí pearsanra le hoifigigh na Roinne amháin agus nach raibh aon fhreagracht ar an Aire ina leith seo. An
Roinn Iompair Léiríodh go raibh foilsiú Páipéir Uaine, a bhí mar chroídhoiciméad comhairliúcháin ar thaisteal inbhuanaithe agus a chuir an Roinn Iompair ar fáil i dtosach i mBéarla amháin, ag sárú na reachtaíochta teanga. Rinne an Roinn an argóint gur theip ar an gcuideachta thráchtála a ghnóthaigh an conradh chun an doiciméad a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla an leagan Gaeilge a sholáthar in am don seoladh. Léirigh an t-imscrúdú nár leor seo chun dualgas reachtúil na Roinne a bhí dearbhaithe i ndlí ag an Oireachtas a leasú. Thug an t-imscrúdú faoi deara, áfach, gur chuir an Roinn leis an tréimhse chomhairliúcháin chun aighneachtaí a fháil ón bpobal mar thoradh ar an moill a bhain le foilsiú an leagain Ghaeilge. An
Chomhairle Oidhreachta Léirigh imscrúdú a d'éirigh as gearán ó bhall den phobal gur theip ar an gComhairle Oidhreachta cloí le foráil den Acht Oidhreachta 1995 maidir le ceapachán foirne trína chinntiú go raibh cumas sa Ghaeilge ag líon leordhóthanach dá foireann chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla. D'admhaigh an Chomhairle Oidhreachta, a bhfuil foireann de 15 aici, don imscrúdú nach rabhthas ag cloí leis an dualgas reachtúil sin agus dá thoradh sin, nach raibh Gaeilge ag aon bhall foirne. Rinne an Coimisinéir Teanga 6 cinn de mholtaí, ina measc go mbeadh cumas sa Ghaeilge mar riachtanas in aon cheapacháin feasta go dtí go mbeadh líon "leordhóthanach" de chainteoirí Gaeilge ag an gComhairle Oidhreachta mar atá riachtanach faoina reachtaíocht bhunaidh. An
túdarás Comhionannais Léiríodh gur theip ar an údarás Comhionannais aon ghné chomhionannais a sholáthar don Ghaeilge nuair a foilsíodh a thuarascáil bhliantúil don bhliain 2007 i mBéarla amháin i mí Iúil 2008. I measc na gcúiseanna a tugadh leis an teip cloí lena dhualgas reachtúil teanga, bhí an riachtanas an tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú taobh istigh de 6 mhí ó thús na bliana agus cúinsí pearsanta, ina measc tinneas a bhain le duine aonair. Thug an túdarás Comhionannais gealltanas go gcloífí feasta leis an reachtaíocht teanga. Feidhmeannacht
na Seirbhíse Sláinte – Limistéar an Iarthair Mar thoradh ar ghearán ó stiúrthóir ar naíonra i nGaeltacht Chonamara, cuireadh tús le himscrúdú a léirigh gur theip ar an FSS – Limistéar an Iarthair cloí le gealltanas reachtúil a tugadh ina scéim teanga maidir le cigireacht trí Ghaeilge a dhéanamh ar naíonraí Gaeltachta. Ceapadh go raibh an cheist réitithe in 2007 nuair a thug an FSS gealltanas i scríbhinn ina leith seo d'Oifig an Choimisinéara Teanga. Cé gur léirigh an t-imscrúdú in 2008 mar thoradh ar ghearán úr go raibh suas le 156 leathanach de cháipéisí i dtaifid an FSS – 137 doiciméad ar fad, ina measc, meabhráin inmheánacha agus ríomhphoist don chuid is mó – theip ar an iarracht riaracháin sin dul i ngleic leis an scéal i gceart. Agus cinneadh á dhéanamh aige i gcoinne an FSS sa chás seo, rinne an Coimisinéir Teanga cúig cinn de mholtaí ar leith. áisíneachtaí
Stáit Eile Léirigh imscrúdú gur theip ar Iarnród éireann cloí le dualgas reachtúil faoin Acht Iompair 1950 maidir le soláthar ticéid traenach i nGaeilge nó go dátheangach. Léiríodh go raibh cor poist ón údarás um Bóithre Náisiúnta chuig an bpobal i gcoitinne i mBéarla amháin maidir leis an gcóras nua dola gan bhacainn ag sárú na reachtaíochta teanga. Sháraigh an Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta dualgas reachtúil trí fhreagra i mBéarla a thabhairt ar chumarsáid scríofa i nGaeilge ó bhall den phobal. Níor seasadh le gearán ó bhall den phobal maidir le cinneadh Chomhairle Cathrach Bhaile átha Cliath doiciméad ar leith a fhoilsiú i mBéarla amháin agus léiríodh nár sháraigh an Chomhairle an fhoráil chuí den reachtaíocht teanga. Ar an dóigh chéanna, léiríodh nár sháraigh cuideachta árachais ainmnithe foráil den Acht árachais 1936 a éilíonn go soláthrófar cáipéisí árachais i nGaeilge má chomhlánaítear an fhoirm thogra go hiomlán i nGaeilge. Ba é seo an chéad uair a d'fhiosraigh Oifig an Choimisinéara Teanga gníomhartha cuideachta nár chomhlacht poiblí í. Cé gur chomhlánaigh an gearánach sa chás seo foirm thogra árachais a bhí go hiomlán i nGaeilge sa chéad áit, rinneadh an dara foirm a ghiniúint ina dhiaidh sin. Rinne an gearánach an dara foirm a shíniú agus dáta a chur léi agus ní raibh ach cuid den fhoirm seo i nGaeilge. Ba í seo an fhoirm thogra faoinar eisíodh an polasaí árachais. Cé gur léiríodh nár sháraigh an chuideachta árachais an reachtaíocht, mhol an Coimisinéir Teanga, mar chomhartha ómóis do thoil an chustaiméara agus mar chuid de sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí, go mb'fhéidir go ndéanfadh an chuideachta athbhreithniú ar a seasamh dá deoin féin. ós rud é gur bhain an cás seo le cuideachta phríobháideach nár sháraigh an reachtaíocht ábhartha, níor bhraith an Coimisinéir Teanga gur cheart í a ainmniú. Is fˇidir an Tuairisc ina ioml‡ine a ’osl—d‡il on leathanach seo! (CRíOCH) |
|