Litreacha

From: davidetamara@tin.it
27/1/05

To: eor@read-out.net

Subject: Bhur dteanga iontach

A chairde,

Iarraim mo phardún oraibh má tá mé do bhur mbodhrú leis an teachtaireacht seo, gabhaigí mo leithscéal, ach is mé stócah Iodálach a ghránn Éire is an-éadóchas atá orm de bharr nach dtuigim rud de do theanga iontach. D'fhoghlaim mé mo chuid bheag Gaeilge ar Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail, atá bunaithe ar Ghaeilge Chois Fhairrge, ach ní féidir liom a thuiscint an bhfuaimníonn cainteoir canúna Gaeilge áirithe an Ghaeilge chaighdeánach, mar shampla nuair a léann sé leabhar nó nuair a chraolann nuachtór an nuacht ar an teilifís, de réir gnáthrialacha fuaimnithe a chanúna féin nó an léann sé gach abairt i nGaeilge chaighdeánach sa chaoi chéanna a ndeirtear an rud sin sa chanúint áitiúil atá aige ó dúchas (nó atá tofa aige nó múinte dó sa scoil sa Ghalltacht)?

Mar sh., a bhfuaimnítear an focal "cat" mar [ka:t] má bhíonn cainteoir a Cois Fhairrge ag léamh na Gaeilge caighdeánaí, nó mar [kut] sa chaoi chéanna a ndeirtear i nGaeilge áitiúil na Gaillimhe Thiar?

Cuireann leathanaigh 221-222 de chúrsa Uí Shiadhail in amhras faoi dhifríochtaí mar sh. idir Gaeilge Chois Fhairrge agus an Ghaeilge chaighdeánach labhartha ag cainteoir mar sh. as Cois Fhairrge mé, i gcás difríochtaí idir gnáthrialacha fuaimnithe na gconsan, na ngutaí, na litreacha idirdhealaithe infhillidh, na n-athruithe tosaigh agus na ndeirí éagsúla féin i gcanúint áirithe agus litriú focail sa chanúint sin, mar sh.: an bhfuaimníonn cainteoir mar sh. de chuid Ghaeilge Chois Fhairrge "tuig" mar [tig?], nó [t?ig?] mar atá sé sa chanúint áitiúil, mar a bheadh sé litrithe *tig, nuair a léann sé an Ghaeilge chaighdeánach?

An bhfuaimníonn sé, i nGaeilge chaighdeánach,
"crainn" mar [kri:N'] mar a bheadh sé litrithe *croinn, mar a deirtear i nGaeilge áitiúil?
"tiomáin" mar a bheadh sé litrithe *tumáil, mar a deirtear i nGaeilge áitiúil, múineadh mar a bheadh sé litrithe *múnadh,
"file" mar a bheadh sé litrithe *filí,
"oifig" mar a bheadh sé litrithe *oifige,
"dochtúir" mar a bheadh sé litrithe *dochtúr,
an t-ainmneach "tincéir" mar a bheadh sé litrithe *tincéara,
"eireaball" mar a bheadh sé litrithe *drioball
7rl...., de réir mar a deirtear i nGaeilge áitiúil Chois Fhairrge? Nó an bhfuaimníonn cainteoir canúna áirithe, cibé acu is cainteoir dúchais as an nGaeltacht nó Gaeilgeoir as an nGalltacht é, focail na Gaeilge caighdeánaí "mar atá siad scríofa", i.e. á léamh de réir gnáthrialacha fuaimnithe a chanúna féin? Ag súil gur féidir libh cúnamh a thabhairt dom gabhaim míle buíochas leibh.

Mise le meas

Davide Sivero