Tag:  285/2006/ÉÓC/BMD

 

 

1 Márta 2006

 

 

Eoin Ó Riain

readout@iol.ie

 

 

Eoin, a chara

 

Tagraím don r-phost a chur tú chugam dar dáta 10 Feabhra 2006.

 

Tá a bhfuil sa litir seo maidir le cúrsaí leathanbhanda nótáilte agam agus tá mé ag iarraidh eolas cuimsitheach maidir le na pleananna atá ann seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil do dheisceart Chonamara.

 

Ar ndóigh le sin a dhéanamh ní mór dom, ní hamháin eolas a fháil ar na ceantair ginearálta go mbeidh seirbhís ann, ach an córas faoin a scaipfear an comhartha.  Mar is eol duit le córas DSL, níl sé ar fáil ach taobh istigh de raon gairid don mhalartán.

 

Chomh luath agus a bheidh tuilleadh eolais agam faoin gceist seo, beidh mé i dteagmháil leat arís.

 

Is mise, le meas

 

 

 

Éamon Ó Cuív, T.D.

Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta