Caorán na gCearc

Baile na hAbhann

Conamara

Co na Gaillimhe

 

31 Márta 2006

 

 

An Roinn Cumarsáide,

Sráid Adelaide

Baile Átha Cliath 2

 

A chara

 

Tá mé ag lorg seirbhís leathan bhanda anseo ar an gCaorán. Moladh liom dul ag an suíomh www.broadband.gov.ie/bbinfo/home.aspx. Thugas faoi deara ní hamháin nach raibh oiread agus focal amháin Gaeilge ar an suíomh ag an Roinn Cumarsáide (seachas ainm na roinne féin!) ach nuair a théitear chuig an "Search for Broadband in your area " níl ainm na háite i gceart, Ballynahown, Spiddal, Furbough (!) Kilronan 7rl atá ann in áit an aimn ceart.

 

An bhfuil sé i gceist agaibh aitheantas a thabhart don ceantair seo leis an ainm ceart "oifigiúl" a úsáid agus gan brú a chuir ar mo leithéad an aimn truailaithe a n-úsáideann sibh-se a úsáid chun seirbhís a fháil.

 

Mise le meas oraibh

 

 

 

Eoin Ó Riain

 

 

Cc: An Coimisinéar Teanga