Soláthar leathanbhanda sa Ghaeltacht

A chara

Thug alt "ar an mbanda leathan" ag Colm Ó Broin (An Earnáil Gnó: 6/7/2006) beagáinin ardú chroí dom.

Nuair atá na húdaráisí chumarsáide ag caint faoin leathanbhanda is ar "togaint suas (take-up)" atá siad ag caint. Mar shampla le déanaí dúirt Comreg go raibh 322,000 Éireannaigh ceangailte nó cláraithe don seirbhís leathanbhanda.

Bheadh an figiúr i bhfad níos cabhrach dúinn da mba rud é gur fhoilsíodar an uimhir daoine gur féidir leo a bheith ceangailte leis an gcóras.

Anois tá Udarás chun staidéar a dhéanamh ar conas an córas leathan a chuir ar fáil do chuile duine sna ceantair Ghaeltachta. Tá súil agam nach dtógadh sé an iomarca ama an iniucadh a chríochnú agus ansin beart a dhéanamh dá réir.

Coimeadfaidh sé sin mo chroí ardaithe!

Mise le meas

Eoin Ó Riain
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara