Nuair is leor 'nód' don eolach!
Le hEoin Ó Riain

Cabhair na gcomharsan: Tá córas leathanbhanda irishwan ag brath ar obair dheonach agus ar dheathoil an té atá mar nasc agat leis an gcóras.
Grianghraf: Eoin Ó Riain
Mar is eol do chách bhí mé ag clamhsán le breis agus ceithre bliana anuas faoin easpa seirbhís leathanbhanda i nGaeltacht na Gaillimhe, go mór mhór sna ceantracha a deirtear atá "iargúlta." Bhí sé de nós agam a rá go raibh mé "le ceangal" le frustrachas!

Rinne Údarás na Gaeltachta an méid is féidir leo a dhéanamh, agus níos mó, chun brú a chur ar Eircom agus faoi dheireadh, is cosúil go bhfuil treallamh i ngach malartán ó Bhearna go Carna chun an córas a chur ar fáil. Ach, ar ndóigh, ní leor sin muna bhfuil na sreanganna a thugann an comhartha amach astu den chaighdeán is fearr. Agus níl.

Rinne mé teangbháil le gach ball de chuid Údarás na Gaeltachta, le gach Comhairleoir Chontae, gach Teachta Dála agus gach Ball Pairliminte Eorpaí sa cheantar, mar aon leis an Aire Cumarsáide é féin. D'fhreagair cuid acu - Ó Cuaig, Ó Cuív, Ó Neachtain a d'fhan dílis don teanga inar scríobh mé chucu agus Jim Higgins, MacCormack agus Grealish a chas ar an Bhéarla.

Ach i ndeireadh na dála ní ó chaint phoiblí Sheosaimh Uí Chuaig nó ón obair thábhachtach ag bord Chomhaireacht an Chomhrialtais ag Éamon Ó Cuív a tháinig an faoiseamh ach ó abairtín beag a bhí ag Conn Ó Muineacháin, a scríobhann i Lá gach seachtain agus mar bhlagadóir ar an idirlíon (imeall.blogspot.com), go raibh sé féin ceangailte. Chuir sin ag cuartú mé ar an ndream a chabhraigh leisean in Iarthar Chontae an Chláir. Dream deonach ar a nglaotar IrishWAN orthu féin. Léigh mé é sin thart ar thús mhí Lúnasa. Séard atá in IrishWAN ná eagraíocht dheonach atá ag tógáil ghréasán leathanbhanda gan sreang, ar fud na tíre. Tá an gréasán seo á thógáil ag díograiseoirí ar fud na hÉireann agus tá súil acu go mbeidh céatadán mór den tír clúdaithe acu diaidh ar ndiaidh.

Tá ceantracha sna contaethe Luimneach an Clár, agus Gaillimh clúdaithe cheana féin agus ceantracha beaga in oirdheisceart agus i lár tíre. acu. Ach tá neart le déanamh fós.

Chuaigh mé díreach chuig an suíomh acu ag www.irishwan.ie. Cheap mé go raibh mé tar éis bháis agus dúiseacht ar neamh nuair a fuair mé amach go raibh dhá nód acu i gConamara Theas, ceann in Indreabhán agus ceann eile ar an gCaorán Bheag. Dúradh go mbeadh fáilte roimh bhaill nua go mór mór má tá suíomh ard le cumhacht agat. Cabhraíonn méid na mball atá ceangailte leis an gcóras lena neart a chothú.

Rinne mé teagmháil leis an suíomh agus taobh istigh de thrí seachtaine bhí mé ceangailte.

Obair dheonach ar fad atá anseo. Ceannaíonn tú an treallamh a chosnaíonn timpeall €300.00 agus ceanglaíonn tú leis an nód is giorra duit ar féidir leat é fheiscint - radharc na súl is cuma cé comh fada is atá sé uait (10 míle, fiche míle abair) agus tá tú togha. Brathann sé, ar ndóigh, ar dhaoine le beagáinín eolais theicniúil ar an gcóras agus atá sásta cabhair a thabhairt duit an treallamh a chur suas - ar chupán caife agus brioscaí seacláide!

Anois ó tháinig mé ar líne ar an Satharn seo caite is féidir le héinne ar an gCaorán, an Báintreach agus áiteacha eile nach iad, Inis Mór san áireamh, an comhartha a fháil ón aeróg nua atá ar dhíon mo thí.

Tá míbhuntáistí leis an gcóras seo: tá tú ag brath ar obair dheonach, agus ar dheathoil an té atá mar nasc agat leis an gcóras. Ach i gcomparáid leis an tseirbhís, atá saor in aisce is fiú go mór iad seo.

Maidir liom féin beidh an costas íoctha agam ina iomláine taobh istigh de bhille amháin teileafóin agus beidh mo shaol athraithe ina iomláine ó thaobh cúrsaí cumarsáide de.

Faoi dheireadh níl mé le ceangal!

Lá4/9/2006