Dáta: 9 Márta 2006
Do: minister@dcmnr.gov.ie
Ó: Eoin Ó Riain
Ábhar: Banda Leathan i gConamara Theas!

A Aire
Chuala mé agallamh ar Raidío na Gaeltachta ar maidin faoin dtuairisc a foilsíodh inné.
Chuas á lorg agus fuair mé - ach ní raibh ach leagan Béarla le fáil.
Ábhar: RE: Banda Leathan i gConamara Theas!
Dáta: 9 Már 2006 10:13:37 -0000
Ó: "Minister Dempsey"
Do: Eoin Ó Riain

Dhuine Uasail,
Thar ceann an Aire Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádútha admhaím go bhfuathas do liter le déanaí. Cuifear a bhfuil ann in iúl don Aire
Is mise, le meas
Carina O'Donoghue Rúnaí Príobháideach don Aire Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha

Thóg sé timpeall 10 neomad an leathannach a íoslódáil agus ansin nuair a theastaigh uaim an leagan i Word a fháil chonaic mé go raibh sé níos mó ná 6MB rud a thógfadh 30 neomad nó níos mó a fháil.
Thugas faoi deara go ndúirt tú, arís níl ach an leagan Béarla le fáil, "it is inaccurate to say that 'progress has been almost non-existent'. "
Is oth liom a rá go bhfuil dul amú mór agat.
Tá mise á lorg le breis agus trí bhliain agus fós níl tuairim agam caithain nó fiú conas a bhfaighinn é!
Níl dul ar aghaidh ar bith feicthe agamsa agus ag mo leithéad.
Deireann tú go bhfuil sé tabhachtach an banda leathan a bheith againn sa tír seo.
Dá mba rud é go raibh sé seo fíor bheadh sé agamsa agus ag mo leithéadsa roimhe seo.
Ní cabhraíonn tuairiscí linn. Cuir amú airgead atá ann.
Tá mé braon de bheith ag iarradh freagraí fháil ón Údarás, Comhairle Chontae na Gaillimhe, TDanna agus agus....
Cén gníomh atá tusa mar Aire Cumarsáide sásta a dhéanamh chun go mbeadh banda leathan agamsa? Tá aithne agamsa ar daoine atá ag fágáil na háite toisc nach féidir leo an seirbhís bunúsach seo fháil.
Ní fhaca mise rud ar bith uaitse nó ó do Roinnse go dtí seo seachas leathscéalta agus caint. Deireann tú go bhfuil polasaí an Rialtas souiléar. B'fhéidir go bhfuil an polasaí soiléar ach tá an gníomh thar a bheith doiléar ar an taobh seo tíre.
Mise
Eoin Ó Riain, Caorán na gCearc, Baile na hAbhann, Conamara.


ríomh phoist chuig an Aire Cumarsáide 21/Feabhra 2006

A chara
Tá mé ag lorg seirbhís bhanda leathan le breis is dhá bhlian anuas.
I lár na bliana seo caite chuala mé uaibh go raibh Údarás na Gaeltachta ainmnithe mar Grúpa Phobail chun córas banda leathan raidío a sholathar do cheantair Chois Fharraige. Bhí comhlucht(COM1) chun aeróg a chuir suas ar Shliabh Ealbha chun comhartha a sholathar don cheantair.
Is cosúil go raibh fadhb leis an suíomh sin agus cuireadh aeróg thuas i gCinn Mhára ina ionad. Deirtear go dtugann sé seo seirbhís d'oirther an cheantair ach fagann sé iarthar an cheantair gan sheirbhís.
Creidim go bhfuaradar airgead ón Roinn chun chóras bhanda leathan a sholathar do Chois Fhairrige ar fad agus ní h-amáin don cuid de atá comhgarach do chathair na Gaillimhe.
Deirtear go bhfuil Éircom chun seirbhís a sholathar ach ní mór don chustiméar a bheith cóngarach don malartán. Agus tá mé ag ceapadh go bhfuil mé ró fhada amach anseo ar an gCaorán.
Fagann sé sin fós gan seirbhís mé ach an córas neamhmhuiníneach fón.
Níl duine ar bith sásta a rá an mbeidh an seirbhís le fáil riamh!
Bhí mé ag caint le duine le déanaí a dúirt go raibh sé ag smaoineamh ar imeacht isteach go Gaillimh muna thárlaíonn rud éigin go luath.
An bhfuil an Údarás, an Comhairle Chontae, an Rialtas féin dairíre faoin leathan bhanda a chur ar fáil ar chostas réasúnta don tír uilig nó an amhlaigh go bhfuil siad sásta an seirbhís a fhágáil sna cathaireacha agus sna bailte?
Tá mé ag lorg an seirbhís seo le dhá bhliain anuas agus anois is cosúil go bhfuil mé thar n-ais san áit ina raibh mé - nó b'fhéidir níos measa - sular thosaigh mé.
An féidir leatsa rud ar bith, aon bhrú, a thabharfadh dóchas éigin dom?
Mise le meas ort


Noel Grealish