Preas Ráiteas 24/5/05 (English version follows)

 

Tá fáilte curtha ag an Iarrthoir Pobail i dToghchán Údarás na Gaeltachta, Trevor Ó Clochartaigh roimh an deontas atá ceadaithe le obair fhorbartha a dhéanamh ar Scoil Náisiúnta Mhuire i gCárna, rud a theastaíonn go géar dár leis, agus d'fháilteódh sé chomh maith, roimh scéala de shaghas éicint ón Aire Oideachas maidir le cás Scoil na hÁirde Móire, atá sa bParóiste chéanna, a deir sé.

 

'Tá Scoil na hÁirde Móire i ndroch chaoi le blianta fada agus ainneoin mór-iarrachtai pobail le leigheas a fháil ar an gcruachás, níl tacaiocht ar bith faighte acu ón Roinn ná ón Rialtas. Baineadh Scoil na hÁirde Móire den liosta scoileanna ar theastaigh obair thógála uirthi tamall de bhlianta ó shoin agus níl míniú sásúil faighte ariamh cén fáth. Tá siad i liombó ó shoin ainneoin cuid mhaith iarrachtaí fáil amach cá seasann an scoil leis an Roinn Oideachas' dár le Ó Clochartaigh.

 

Deir sé nach bhfuil freagra ar bith faighte aige féin, ná ag an Scoil, ón Aire ar chomhfhreagras a sheol sé chuici ar an 3ú Eanair i mbliana ná níl scéala ar bith faighte ón Roinn maidir le cás na Scoile. Is mór an náire don Aire é, go háirithe ó tarraingíodh anuas an scéal sa Dáil ar an 6ú Deireadh Fómhair anuraidh, áit ar gheall sí i bhfreagra scríofa, go mbeadh freagra faoi chás Scoil na hÁirde Móire aice roimh deire na bliana. Ní amháin nach bhfuair muid freagra ar bith ar chás na scoile ach níor déanadh teangbháil dá laghad linn ó shoin agus tá staid na scoile ag dul in olcas i gcónaí, ag cur sláinte na ngasúr agus an lucht teagaisc i mbaol' a deir Trevor Ó Clochartaigh.

 

Tá sé ag impí ar an na hAirí Éamon Ó Cuív agus Frank Fahey, a bhfuil an scoil seo ina ndáilcheantair teangbháil a dhéanamh láithreach lena gcomhleacaí Rialtais Máire Ní Ainifín, féachaint le scéala a fháil faoi chás na scoile chomh luath agus is féidir. Is náireach an chaoi atá caite le muintir na hÁirde Móire ag an Rialtas seo', a deir Ó Clochartaigh 'agus níl sé sách maith ar chor ar bith'.

 

Críoch

 

 

Cóip de Litir chuig an Aire/Copy of letter to the Minister

 

------ Forwarded Message

>From: Trevor Ó Clochartaigh <trevoroc@indigo.ie>

Date: Mon, 03 Jan 2005 11:58:42 +0000

To: <mary.hanafin@education.gov.ie>

Cc: "Micheál D. Ó hUiginn" <michael.d.higgins@oireachtas.irlgov.ie>, Máire Uí Bholguidhir <ardmor@iol.ie>

Subject: Scoil na hÁirde Móire

 

A Aire Dhíl,

 

Bliain nua faoi shéan is faoi mhaise dhuit.

 

Táim ag scríobh chugat maidir le Scoil Náisiúnta na hÁirde Móire, i gConamara. Rolla Uimhir 105911.

 

Mar atá fhios agat tá an scoil seo in an-droch chaoi i láthair na huaire agus tá iarratas déanta ar scoil nua a thógáil. Tá suíomh aimsithe ag an bpobal áitiúil le fada agus táthar ag fanacht le scéala ó do Roinn maidir le todhchaí na scoile. i bhfreagra dála a thug tú ar an Teachta Dála Mícheál D. Ó hUiginn ar an 6ú Deire Fomhair, 2004 dúirt tú go raibh súil agat go mbeadh scéala faoin clár tógála scoile roimh deire na bliana (Cóip greamaithe den teachtaireacht seo). Níor tháinig aon scéala ón Roinn maidir leis seo ná níl aon tagairt dó a bheag ná a mhór ar an suíomh idirlíon atá ag do Roinn.

 

Táim ag scríobh chugat le fáil amach

 

1.) Cén uair a mheasann tú an mbeidh scéala faoin gclár tógála scoile do 2005

 

agus

 

2.) an féidir leat a shoiléiriú an mbeidh scoil nua do mhuintir na hÁirde Móire san áireamh ar an liosta sin.

 

Bhéinn buíoch díot ach freagra a chur ar ais chugam ar do chaothúlacht.

 

Le Gach Deá Mhéin,

 

 

Trevor Ó Clochartaigh

 

____________________________________________

 

ENGLISH VERSION

 

Press Release 24/5/05

 

The Community  candidate in the Údarás na Gaeltachta  elections, Trevor Ó Clochartaigh, has welcomed the announcement by the Department of Education, that they are providing badly needed financial assistance for development work on Scoil Mhuire in Cárna. He says he would also welcome an announcement of any kind from the Minister for Education on the situation regarding Ardmore national school in the same parish.

 

'Ardmore National School has been in a desperate condition for a long time and despite huge efforts by the local community to have something done about the situation, they have got no help whatsoever from the Department or the Government. Ardmore National School mysteriously disappeared from the list of new schools to be built a number of years ago and the local community have never been given an explanation as to why this happened. They are in limbo despite many attempts to ascertain the Departments stance on the situation at the school' says Ó Clochartaigh.

 

He says he has got no reply to correspondence he sent to the Minister on January 3rd of this year. And the school has had no contact from the Department either. 'This is even more scandalous when you consider that the Minister herself gave a commitment in the Dáil on the 6th of October last year to make a statement about the school before the end of 2004' he maintains. 'Not only did we never get that statement but we were never contacted, good bad or indifferent, by the Minister even though the situation in the school is deteriorating on a daily basis and the health of pupils and teachers alike is being put at risk', claims Ó Clochartaigh.

 

He is now calling on Ministers Éamon Ó Cuív and Frank Fahey, who's constituency this school is in, to contact their cabinet colleague Mary Hanafin immediately, to try and get some sort of statement from her regarding this school. 'This case is an absolute scandal, the people of Ardmore have been treated disgracefully and it simply isn't good enough', says Trevor ó Clochartaigh.

 

 

Críoch

 


Uimhir:238

 

Ceist Pharlaiminte

 

 

Chun an Aire Oideachais agus Eolaíoctha

To the Minister for Education and Science

 

Chun a fhiafraí den Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtabharfaidh sí le fios,

mar chuid den Athbhreithniú Illbhliantiúil i dtaca le tionscnaimh chaipitil a

bhfuiltear ag súil leis ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, an ndéanfar measúnú

ar thacaíocht caipitil le scoil nua a thógáil, ar shuíomh atá aimsithe agus

ceadaithe, do na páistí atá ag freastal ar Scoil Náisiúnta na hAirde Móire,

Carna, Co. na Gaillimhe, Uimhir Rolla 105911, ós rud é gur cás práinne atá

anseo agus go bhfuil a n-imní léirithe, leis, ag na tuismitheoirí, ag an

mbainistíocht agus ag na múinteoirí, agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith.

- Michael D. Higgins.

 

 

 

* For WRITTEN answer on Wednesday, 6th October, 2004.

Reference Number: 23859/04

 

Freagra

 

 

Minister for Education and Science (Ms Mary Hanafin, T.D.)

 

Fritheadh iarratas i gcomhair deontais do scoil nua ó Bhord Bainistíochta Scoil

Náisiúnta na hAirde Móire, Carna, Co. na Gaillimhe.

 

Tá athbhreithniú ar na tionscnaimh uile geall le bheith curtha i gcrích ag m'

oifigigh, de réir na gcrítéar tosaíochta athbhreithnithe atá pléite leis na

comhpháirtithe. 'Sé aidhm an mheasúnaithe ná eolas agus cumas cur i láthair

ilbhliantúil a chur ar fáil don Scéim Tógála Scoileanna.

 

Tá sé ar intinn agam sonraí maidir leis an gclár ilbhliantúil seo a fhógairt

roimh dheireadh na bliana reatha.

 

Tá iarratas Scoil NáisiúŸnta na hAirde Móire san áireamh maidir leis seo.