Use: 0100 hrs Y                                                                                   16.03.05

 

 

TIONSCAL GHNÉIS FAOI RIALÚ RIALTAIS

Parlaimint na nÓg le plé a dhéanamh ar

 tionscail an ghnéis

 

Beidh athchóirú an tionscail ghnéis faoi chabideal inniu ag Parlaimint na nÓg  atá ag teacht le chéile i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an tseachtain seo. Tá Micléinn triú leibhéal ó dhá thaobh de Sruth na Maoille ag teacht le chéíle i UCC, chun plé a dhéanamh ar ábhair conspódach. Beidh an diospóireacht ag tárlú go hiomlán trí mhéain Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban.

Déanfaidh na Gaeil Óga mionscrúdú i leith agus in éadan athchoirí dhlíthúil ar an tionscail ghnéis, ó sábhaltahct na noibrithe  sa mhargadh go gearáin faoi bunú limistéar áirithe sna cathair, áit ina mbeidh foighne do striapachas ann. Is ábhair conspódach é seo in Albain faoi láthair atá tar éis tuairimí láidire a mhuscailt ó chuile thaobh den speictream polataíochta.

 

Tá muid ag siúl le diospóireact beoga nuair a phléfaidh na micléinn an ábhair seo. Táistaíonn ón bParlaimint teachtareacht soiléir a chur ag rialtais á dtíre fhéin faoin rún  seo a leannas:

 

"Creideann Parlaimint na nÓg gur chóir don Tionscal

Ghnéis a bheith faoi rialú Rialtas"

 

 

 

 

Labhair Brian Wilson  MP, duine de comh-bhunaitheoirí Iomairt Cholm Chille agus iondaí speisialta de chuid Príomh Aire na Breataine Tony Blair chuig  an bParlaimint  agus dúirt sé

"Seo é Iomairt Cholm Chille i mbláth a mhaitheasa, ag tabhairt daoine óga ó Albain agus Éireann le chéile trí meáin teanga coitinte agus ócáidí shoisialta"

 

Nótaí do na hEagrathóirí:

 

1. Is ócáid bhliantúil í  Parlaimint na nÓg a eagríonn Iomairt Cholm Cille le micléinn as Éirinn agus Alban a thabhairt le chéile. Tá súil le 45 micléinn as institiúdí tríú leibhéal óga in Éirinn, thuaidh agus theas agus Albain.

 

2.. Tugann Parlaimint na nÓg  deis do na Micléinn atá páirteach, nascanna fádtéarmacha a bhúnú idir na Gaeil.

 

3. Reachtáladh an chéad Pharlaimint na nÓg i 1999 ar Oiléan Sgitheanach in Alban, beidh seisúin na blaina seo ar siúl go dtí an 16 Márta.

Tuille Eolais Ó

Brighid Breathnach on (00 353)  86 054 2486