Preass Ráiteas 22 Márta 2005

 

 

 

Deireann Seán (John Bhaba Jeaic) O Conghaile go bhfuil sé in am deireadh a chuir le cead a bheith ag duine suigh ar bhord an Údarás agus a bheith in Comhairleoir condae.

 

Ar mhaithe leis an Údarás tá sé in am deireadh a chuir leis an 'dual mandate' a thugann cead do dhaoine a bheith ina mball tofa don Comhairle contae agus a bheith ina mball tofa don Údarás.

 

Tá méid ollmhór tagtha ar an obair a bhíonn ar comhairleoirí contae a dhéanamh go mór mór cúrsaí timpeallacht, plánáil, tógáil agus tá orthu a páirt níos mó a ghlacadh i eagraíochtaí agus tograí pobal.  Tá comhairleoirí anois ag obair ar Vecs, grúpaí LEADER, Bord Sláinte, boird forbartha srl..  Tógann siad seo ar fad an-chuid am.

 

Tá obair ollmhór le déanamh ag Údarás na Gaeltachta chomh maith.  Ach is iad na príomh aidhmeanna atá acu ná cruthú fostaíochta, ag cur an Ghaeilge chun cinn agus ag cinntiú go maireann an Gaeltacht.

 

Tá sé soiléir go mbeadh buntáiste mór don phobal ann dá gcuirfidh cosc ar dhaoine a bheith ar an Údarás agus ar an gComhairle Contae.  Thabharfaidh sé seo deis do dhaoine nua theacht isteach sa chóras pholaitíocht chun oibriú ar son na daoine agus bheadh na comhairleoirí contae in ann díriú isteach ar obair an chomhairle contae.  Seachas an chaoi a bhfuil rudaí faoi láthair áit atá sé dodhéanta ag duine amháin obair an chomhairle Contae agus obair an t-Údarás a dhéanamh go sásúil.

 

Dá gcuirfidh deireadh leis an 'dual mandate' bheadh an deis ag chaoin eagraíocht forbairt a dhéanamh ar an ról éagsúil atá acu agus gan mí thuiscint a bheith in intinn an phobal faoi céard atá baill do bhord an Údarás in ann a dhéanamh; rud a tharlaíonn go minic le linn an toghchán.   Di bharr go mbíonn ábhar atá níos feiliúnaí don Comhairle contae dhá phlé le linn an toghchán is minic go gcuirtear an príomh fáth go bhfuil an t-údarás ann go leath taobh. 

 

Caithfidh an t-Údarás díriú isteach ar na cúramaí atá air agus chun é seo a dhéanamh an chéad chéim a chaithfear a thógáil ná deireadh a chuir leis an 'dual mandate'.

 

 

Tuilleadh Eolas:   Seán (John Bhaba Jeaic) O Conghaile    fón.  087-6974951

                             kevofla@gmail.com

 

###################################################################