Preas Ráiteas

 

28/3/05

 

Ó Clochartaigh i gcoinne díol maoine an Údaráis

 

Tá sé ráite ag an iarrthóir pobail i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil neart go bhféadfaí a dhéanamh le sochmhainní an Údaráis seachas a bheith dhá ndíol le costaisí reatha na heagraíochta a chlúdach.

 

Bheadh seisean i bhfábhar an tÚdarás a bheith ag dul i bpáirt leis na Comhairlí Condae, an Roinn Comhshaoil agus an pobail áitiúil le tacú le bunú Comharchumainn tithíochta le áiteanna cónaithe ar phraghas réasúnach a chur ar fáil do óige na Gaeltachta agus le áiseanna spraoi a chur ar fáil.

 

'Tá scéimeanna páirtíochta tithíochta ag feidhmiú i gcondaethe eile sa tír seo, ar nos Liatrom agus tá ag éirí thar barr leo' dár le Trevor Ó Clochartaigh. 'D'fhéadfaí talamh de chuid Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil chun na tithe a thógáil orthu, tacaíocht airgid len iad a thógáil a fháil ón gComhairle Condae agus an Roinn Comhshaoil agus Comharchumainn tithíochta a bheith ann chun an obair a stiúradh' a deir sé. 'Chuirfeadh seo ar chumas lánúin óga seans a bheith acu a dteach féin a bheith acu gar do bhaile. Is airgead poiblí a cheannaigh an talamh seo an chéad lá ariamh agus ba cheart na sochmhainní a úsáid ar leas an phobail' a deir sé.

 

Moladh eile a bheadh aige ná go n-úsáidfí an talamh le clósanna spraoi do pháistí a thógáil. 'Tá daoine as chuile cheantar ina raibh mise ag stocaireacht ag iarraidh go mbeadh áiseanna spraoi ar fáil dá gcuid gasúir. Tá siad an-mhíshásta go mbeadh orthu a gcuid gasúir a thabhairt go Gaillimh le clós spraoi a úsáid. Tá gasúr na Gaeltachta fágtha in áit na leathphingine agus tá seo ag cur olc ar an bpobal. Ní fheicim cén fáth nach dtabharfaí talamh de chuid an Údaráis dá leithéad seo le clósanna sparaoi nua-aimseartha a thógáil' a deir Ó Clochartaigh, 'agus má thoghtar mé beidh mé ag iarraidh na grúpaí éagsúla atá ag éileamh na h-áiseanna seo, an tÚdarás agus an Comhairle Condae a thabhairt le chéile leis an scéal seo a chur ina cheart'.

 

'Ní raibh riamh an oiread airgead sa tír seo agus in áit a bheith ag díol sochmhainní Údarás na Gaeltachta ba chóir go mbeadh an Rialtas ag déanamh infheistíocht níos mó sna ceantracha seo le cinntiú go bhfuil an infrastructúr fisiciúil agus sóisialta ag an bpobal atá dlite acu', ceapann Trevor Ó Clochartaigh.

 

Críoch

 

Eolas: 087-2476624