Banda leathan de dhith

Cruinniú I gCois Fhairrige

 

Bhí cruinniú sa Sean Scoil Sailearna aréir ag breathnú ar an éileamh ar chóras leathna bhanda i gConamara. Is cosúil go bhfuil cabla snáthoptaice curtha ag Éircom a sníonn amach ó Ghaillimh anoir go Chasla, ó thuaidh go dtí an Teach Dóite agus thar n-ais go Gaillimh agus go bhfuil siad chun na malartáin ar an line sin a chuir in oiriúnt i gcionn bliaina. Siad na malartáin atá i gceist ná An Spidéal, Indreabhán, Casla, Uachtair Árd agus Maigh Chuileann.

 

Ní bheidh ach seirbhís teoranta dóibh siúd atá timpeall 5km ón na malartáin agus a bhfuil line teileafón éifeachtach acu. Beidh orthu siúd nach bhfuil sa "chiorcal draíochta" choras eile a aimsiú. Cé go bhfuil chóras saitilíte le fail níl sé oiriúnach le haghaidh gach seirbhís - mar shampla VOIP (guthán idirlíon), 7rl - . Fagann sin an córas Raidio. Tá comhlucht ag chuir comhartha raidío ar fail ó Chontae an Chlár ó lár mí Aibreáin. Beiidh fail ar an comhartha seo sna ceantreacht siar ó na Foirbeacha go fada le deisceart leithinis an Ceathrún Rua agus ceantair na nOileán agus cuid d'Árainn. Tá an chóras seo á sholáthar ag COM1.

 

Tá seans maith go mbaintear úsáid as ceann de na túranna craoltóireachta chun an comhartha a craobhscaoileadh níos faide siar - Ros Muc, Ioras Aithneach, an Sraith Salach - go luath leis ach an éileamh a bheith ann.

 

Nil aon bhealach níos fearr chun an éileamh sin a cruthú ach siúl na gcos; dul ó teach go teach chun tacaíocht a lorg.

 

Beidh cruinniú eile i gcionn coicíse agus idir an dá linn déanadh meastúcháin ar an éileamh sna ceantracha taobh amuigh de limistéar éifeachteach Éircom. Caithfear aighneacht a chuir isteach chuig an CGBS (Scéim Bhanda Leathan Grúpa agus Chontae) roimh 28ú Aibreán 2005.

 

Cosnóidh choras leathan banda timpeall €30.00 sa mhí.

 

Má tá tusa ag iarraidh a bheith ar an liosta chuir ríomh phoist chuig eoin@anghaeltacht.net nó téacs chuig 087 2663282 nó faics chuig 091 5967872