Lánchosc: Dé hAoine 1/4/05 @ 6r.n.

 

Preas Ráiteas                                                                                    31 Márta 2005

 

 

Maoiniú breise ceadaithe ag an Uasal Ó Cuív chun Scéim na gCúntóirí Teanga a leathnú go 5 scoil bhreise

 

 

Cheadaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., maoiniú breise  inniu de €8,378.37 faoi Scéim na gCúntóirí Teanga do CUMAS Teo., a riarann an scéim i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí. Leis an maoiniú seo, beidh CUMAS Teo. in ann cúig scoil bhreise a chuimsiú sa Scéim. Is iad seo a leanas na scoileanna atá i gceist:

 

·    Scoil Ghobnait, Inis Oirr

·    Scoil Rónáin, Inis Móir

·    Scoil Eoghanachta, Inis Móir

·    Scoil Bhríde, Leitir Calaidh

·    Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc

 

Bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga ar bhonn píolótach i 1999 chun Gaeilge a threisiú mar theanga labhartha i measc dhaoine óga na Gaeltachta. Faoin Scéim, cuirtear daoine le Gaeilge líofa acu chuig scoileanna Gaeltachta agus cabhraíonn siad le leanaí nach bhfuil Gaeilge mar theanga dhúchais acu nó a bhfuil níos mó cabhrach de dhíth orthu. Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar an scéim in 2003 agus cuireadh treoirlínte nua i bhfeidhm le haghaidh scéim bhuan.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Eisithe ag an Oifig Eolais, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Teil: 01 647 3130 Faics: 01 667 0826  Layla de Cogan Chin 087 684 2755

Ríomhphost: eolas@pobail.ie  Gréasán: www.pobail.ie