Preas Ráiteas                                                                                    05 Aibreán 2005

LÁNCHOSC: Dé Máirt 5 Aibreán ag meánoíche

 

 

TOGHCHÁN D'ÚDARÁS NA GAELTACHTA 2005 - FOCAIL BUÍOCHAIS

 

Is mian leis an Aire Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta aitheantas a thabhairt do na Cinn Chomhairimh a rinne éacht mhór i reáchtáil an toghcháin d'Údarás na Gaeltachta ar an 2 Aibreán 2005, le tacaíocht leis na réamhullmhúcháin ó oifigigh dá Roinn féin.  Is cúis mhór sásaimh don Aire go ndearnadh rud stairiúil ar an ócáid seo sa mhéid is gur reáchtáladh an toghchán ar na hoileáin Ghaeltachta ar an lá céanna is ar an mórthír.  Rinne an tAire suntas chomh maith gurb í seo an chéad uair a bhí na socruithe don toghchán á ndéanamh in oifig na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha.

 

"Is daoine den scoth a bhí ceaptha ag na seacht gComhairle Chontae le feidhmiú mar Chinn Chomhairimh sa toghchán seo.  D'éirigh leo agus lena gcuid foirne an obair thábhachtach seo a chur i gcrích go gairmiúil agus go héifeachtach agus tá ard-mholadh ag dul dóibh dá réir", a dúirt an tAire. 

 

Is mar seo a leanas na Cinn Chomhairimh atá i gceist:

 

Toghlach na Gaillimhe (6 shuíochán) :            Tony Murphy, Uasal

Toghlach Dhún na nGall (4 shuíochán):         Pádraig Ó Dochartaigh, Uasal

Toghlach Chiarraí (2 shuíochán):                    Pilib O Súilleabháin, Uasal

Toghlach Mhaigh Eo (2 shuíochán):               Seán de Condúin, Uasal

Toghlach Chorcaí (1 suíochán):                      Muiris Ó Mainnín, Uasal

Toghlach na Mí (1 suíochán):                         Liam Mac Suibhne, Uasal

Toghlach Phort Láirge (1 suíochán):               Seán Ó Laighléis, Uasal

 

Thapaigh an tAire an deis comhghairdeas a dhéanamh leis na comhaltaí nua-thofa a roghnaigh pobal na Gaeltachta agus chun gach rath a ghuí orthu san obair atá amach rompu.

 

 

 

 

 

Eisithe ag an Oifig Eolais, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Teil: 01 647 3130 Faics: 01 667 0826  Layla de Cogan Chin 087 684 2755

Ríomhphost: eolas@pobail.ie  Gréasán: www.pobail.ie