Preas Ráiteas

 

Le n-úsáid ón 26/4/05

 

Slándáil do áosach

 

Tá tacaíocht ar fáil faoi láthair le tithe seandaoine a dhéanamh níos sábháilte dóibh agus cúrsaí slándála a fheabhsú. Tá Comhairle Ceantar na nOileán ag cur tacaíocht ar fáil do dhaoine aosta i gCeantar na nOileán atá ag iarraidh cur isteach ar scéim tacaíochta pobail do dhaoine scothaosta atá fógraithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta.

 

Deir Bainisteoir Comhairle Ceantar na nOileán, Trevor Ó Clochartaigh gur deis iontach é seo don aosach le sásamh intinne a thabhairt dóibh agus iad ag cónaí astu féin.

 

Faoin scéim seo is féidir glais fuinneoige, dorais agus slabhraí dorais a fheistiú, soilse slándála a chrochadh, costas bunaigh le coras aláraim a ndéantar monatóireacht air a fháil agus alaraim deataigh a fheistiú.

 

'Ba chóir do dhaoine aosta an deis iontach seo a thapú agus beidh Comhairle Ceantar na nOileán sásta an páipéarachas uilig a bhaineann leis an scéim a láimhseáil dóibh ach fáil I dteangbháil linn, a deir Ó Clochartaigh.

 

 

 

Trevor Ó Clochartaigh

Bainisteoir

Comhairle Ceantar na nOileán

Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe

Fón: 091-551922 Faics: 091-551921

www.cnnoilean.ie