Beartas Forbartha seolta ag Príomhfheidhmeannach Nua an Údaráis

Tosaíochtaí nua ó thaobh na Gaeilge de agus béim ar leith ar na ceantair thearcfhorbartha agus na hoileáin Ghaeltachta-

Na Forbacha, Gaillimh, Dé Máirt, 3ú Bealtaine, 2005

Chuir Príomhfheidhmeannach nua an Údaráis Pádraig Ó hAoláin beartas forbartha an Údaráis do 2005-2010 os comhair na meán inniu. I measc na bpríomh-nithe atá luaite tá réimse tosaíochtaí leagtha síos ag an eagraíocht le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ionas gur féidir í a bhuanú agus a athfhás mar theanga phobail na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ag seoladh Beartas Forbartha 2005-2010 Príomhfheidhneannach gurb é príomhaidhm an Údaráis ná forbairt a dhéanamh ar shaol eacnamaíoch agus sóisialta na Gaeltachta ionas gur féidir leis na pobail láidre, labhartha Gaeilge a bpoitéinseal iomlán a bhaint amach.

    (i) Tacaíocht do chainteoirí dúchais na Gaeltachta, go háirithe tuismitheoirí ionas gur féidir leo maireachtáil go hiomlán trí Ghaeilge;

    (ii) Tacaíocht to phobail Ghaeltachta leis na gréasáin shóisialta a chothaíonn an Ghaeilge mar theanga phobail;

    (iii) Struchtúr tacaíochta do dhaoine gan Ghaeilge ionas gur féidir leo páirt iomlán a bheith acu i saol na Gaeltachta;

    (iii) Aisghabháil nó athbheochan na Gaeilge sna breachgaeltachtaí;

    (iv) Clár feasachta agus tacaíochta a bheadh dírithe ar bhruachbhailte chathair na Gaillimhe a fhorbairt i gcomhar le Bárdas na Gaillimhe agus le Comhairle Chondae na Gaillimhe agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Le cuidiú leis an straitéis seo té sé i gceist:

  • Coiste comhairleach i bPleanáil teanga a cheapadh mar thacaíocht don Údarás

  • Forbairt a dhéanamh ar 30 ionad buanaithe agus foghlama Gaeilge i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla ar fud na Gaeltachta.

  • Rannóg pleanála agus pleanála teanga a threisiú trí shaineolaí ar phleanáil teanga a earcú.

  • Struchtúr óige Gaeltachta a bhunú.

Leag an Príomhfheidhmeannach béim ar leith ar ról tábhachtach na bpobal Gaeltachta agus tábhacht na n-oileán Ghaeltachta. Dúirt an tUasal Ó hAoláin "idir seo agus deireadh na bliana, beidh muid ag dul i gcomhairle leis na pobail Ghaeltachta ar fad, le pleananna gníomhaíochta a aontú leo maidir le treisiú na Gaeilge sna ceantair láidre agus athbheochan sna ceantair laga. Tabharfar cuireadh do na pobail a bheith rannpháirteach i mbuanú na Gaeilge mar theanga phobail, i bhforbairt an bhonneagair sóisialta agus spreagfar daoine le teacht chun cinn le smaointe nua gnó."

Chomh maith leis na tosaíochtaí a bhaineann leis an teanga tá spriocanna sonracha fostaíochta sa bheartas forbartha seo:

  • Cruthú 800 post nua sa bhliain ar an meán agus líon na bpostanna lánaimseartha a thabhairt ar ais chuig buaicphointe 8,500. Beidh béim ar leith ar na ceantair thearcfhorbartha agus na hoileáin Ghaeltachta a fhorbairt.

  • Méadú ó 50% go 60% ar líon na ngnólachtaí 1-20 post ar ghnólachtaí dúchasacha a bhformhór.

  • An fhostaíocht ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a thabhairt ar ais go dtí leibhéal 1,400 post.

Dúirt sé go ndíreofar acmhainní breise i dtreo na gceantar tearcfhorbartha i rith na gcúig bliana seo romhainn agus é mar chuspóir fostaíocht a ghiniúint iontu, an bonneagar sóisialta a fhorbairt agus a n-acmhainní nádúrtha féin a bheith mar dhúshraith na forbartha.

Leag sé béim ar leith ar thodhchaí na n-oileán Gaeltachta. "Ainneoin feabhas a bheith tagtha ar sheirbhísí agus ar bhonneagar na n-oileán le blianta beaga anuas" a dúirt sé, "tá daonraí na n-oileán ag titim. Caithfear na hoileáin a shaoradh ó rialacha forbartha na mórthíre le fostaíocht a ghiniúint. Caithfear réiteach a fháil ar na costais bhreise mhaireachtála a bhaineann leis an saol oileánda agus caithfear tithíocht inacmhainne a chur ar fáil d'oileánaigh."

Críoch

Teagmháil: Rannóg Cumarsáide 091/ 503110

Tá Beartas Forbartha 2005-2010 ar fáil ar anseo