Preas Ráiteas

 

Le n-úsáid ón Satharn 11ú Meitheamh

 

Tá cáineadh láidir déanta ag Comhairle Ceantar na nOileán teo. ar na socruithe nua atá beartaithe ag an Roinn Oideachais do dhaltaí le riachtanaisí speisialta sna bunscoileanna. D'fhágfadh na socruithe seo go mbeadh trí phost caillte i mbunscoileanna Ceantar na nOileán agus daoine á n-aistriú as jabanna a bhfuil na blianta taithí acu ag plé le obair den chineál seo.

 

Ní féidir meabhar a fháil ar chinneadh seo na Roinne dár leis an gComhairle Ceantar mar go bhfuil sé ag bualadh buille níos troime ar ghasúr atá faoi mí-bhuntáiste mór cheana féin. Is seirbhís riachtanach atá anseo do ghasúr Ceantar na nOileán ar bh'éigin troid go láidir ar a shon agus ní ligfear cead don Roinn Oideachas beag is fiú a dhéanamh don dul chun cinn mór atá déanta, gan díospoíreacht mór poiblí, a deir siad. Is iad na páistí is mó a dteastaíonn tacaíocht uathu a bhéas thíos leis an ath-eagar seo agus ní thuigeann muid nuair atá 650 post múinteoireachta den chineál seo á chruthú ar fud na tíre ag an Aire Oideachais, cén fáth an bhfuil trí phost le cailleadh i gCeantar na nOileán. 

 

Tá na h-athruithe seo á dhéanamh faoi dheifir gan aon phlé oscailte leis an bpobal ná na múinteoirí agus beidh impleachtaí tromchúiseacha acu ar chaighdeán oideachais sna scoileanna Gaeltachta agus ar fud na tíre má ghlactar leo.

 

Tá Comhairle Ceantar na nOileán ag tacú le Fo-choiste Múinteoirí le cruinniú práinne á eagrú De Céadaoin seo chugainn, an 15ú Meitheamh, ag a naoi a chlog i dTeach an Daingean, i mBéal an Daingean faoin ábhar seo agus iarrtar ar mhúinteoirí, tuismitheoirí, ionadaithe poiblí agus an pobal thré chéile a bheith i láthair leis an scéala a phlé.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 091-551922/087-2476624

____________________________

 

 

Trevor Ó Clochartaigh

Bainisteoir

Comhairle Ceantar na nOileán

Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe

Fón: 091-551922 Faics: 091-551921

Fón póca: 087-9110672

Ríomhphost: ceantarnanoilean@eircom.net

www.cnnoilean.ie