Preas Ráiteas                                                                        13 Meitheamh 2005

LÁNCHOSC: Dé Luain 13 Meitheamh ag 6rn

 

 

 

 

Pleanáil Teanga i nGaeltacht Chonamara

 

Deontas €207,000 ceadaithe ag Ó Cuív le haghaidh clár píolóiteach pleanáil teanga

 

Tá sé fógraithe ag Éamon Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu, go bhfuil deontas €69,000 in aghaidh na bliana, thar tréimhse trí bliana ceadaithe aige don Togra Oideachais Ghaeltachta Muintearas chun clár cuimsitheach a reáchtáil ina gcuirfear comhairle, treoir agus tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí i nGaeltacht Chonamara maidir le sealbhú na Gaeilge, dóibh féin agus dá gcomhluadar Bhí clár cosúil  darbh ainm "Ar Leac an Teallaigh" á reáchtáil ag Muintearas sna hochtóidí, a bhí dírithe ar thuismitheoirí páistí óga réamhscoile.  Faoin gclár "Ar Leac an Teallaigh", tugadh cuairteanna rialta ar theaghlaigh, ina raibh gasúir réamhscoile. 

 

Tá an deontas is deireanaí seo ceadaithe chun clár píolóiteach trí bliana a reáchtáil - "Ar Leac an Teallaigh go Barr a'Bhaile" - lena gcuirfear réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl, chomh maith leis na cuairteanna baile.  Ina measc beidh ceardlanna, léachtaí agus cainteanna, teacht le céile, spraoi, foghlaim, imeachtaí cultúrtha/ealaíne, dianchúrsaí Gaeilge, seirbhísí comhairleacha, grúpaí páistí/tuismitheoirí agus seirbhísí cúram iarscoile.  Mar chuid den chlár freisin, beidh Muintearas ag déanamh forbairt ar ábhair thacaíochta agus foilseacháin agus beidh taighde leanúnach ar siúl de réir mar atá an scéim phíolóiteach ag dul ar aghaidh.

 

"Tá taithí na blianta ag Muintearas ag plé leis an réimse seo," a dúirt an tAire, "agus leis an gclár seo, tá tús curtha le pleanáil teanga sa Ghaeltacht.   Beidh na gníomhaíochtaí faoin gclár seo lárnach in aon phlean straitéiseach teanga agus go háirithe i seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin. "

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Eisithe ag Oifig Preas agus Eolais na Roinne Gnóthaí, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Teil:  01 647 3130 Facs: 01 667 0826 Layla de Cogan Chin 087 6842755

R-phost: eolas@pobail.ie  Gréasán: www.pobail.ie