PREAS RÁITEAS

 

'Bagraíonn tuismitheoirí Chonamara a gcuid gasúir a choinneáil ón scoil'

 

Ag cruinniú teasaí i mBéal a' Daingean, i gConamara aréir (De Céadaoin) bhagair tuismitheoirí as Conamara go gcoinneófaí siar a gcuid gasúir ón scoil an bhliain seo chugainn muna n-aistharraingeofaí na socruithe atá déanta ag an Roinn Oideachas do dhaltaí le riachtanaisí speisialta. Tá idir tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí pobail an-bhuartha go bhfuil postanna buan dhá gcailleadh ar fud Chonamara nuair atá an Rialtas taréis 660 post breise a fhógairt sa réimse oideachais seo. Tá siad ag iarraidh go dtacódh an tAire Éamon  Ó Cuív leo, le cruinniú práinne a eagrú leis an Aire Oideachais Máire Ní Ainiféin agus beidh siad ag iarraidh na socruithe atá ann faoi láthair a fhágáil in áit go dtí go ndéanfar plé iomlán leis na scoileanna agus na tuismitheoirí faoi impleachtaí an phlean nua do scoileanna beaga tuaithe.

 

Is é ceann de na rudaí is mó atá ag cur as don phobal ná gurb iad na páistí is mó a dteastaíonn seirbhís uathu a bhéas thíos leis na socruithe nua. Faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair déantar tástáil ar na gasúir i ngach scoil de réir riachtanais foghlama agus cuirtear uaireanta ar fáil dóibh dá réir. Faoin gcóras nua tá sin á athrú don chuid is mó agus cuirfear múinteoirí ar fáil de réir uimhreacha rolla. Fágann seo go bhfuil go leor scoileanna tuaithe a bhéas ag cailleadh múinteoirí.

 

Tá postanna sealadacha á dhéanamh do phostanna a bhí buan roimhe seo chomh maith, rud a fhágfas go mbeidh múinteoirí atá sároilte don obair seo ag dul ar ais i mbun gnáthmhúinteoireacht. Beidh an taithí atá acu agus an chaidreamh atá cothaithe acu thar na blianta leis na páistí a bhfuil na riachtanaisí sin acu á chaitheamh i dtraipisí. 'Tógann sé tamall fada ar na páistí muinín a chur sna múinteoirí seo agus is dlúthchuid den teagasc é sin. Tá an Roinn ag déanamh beag is fiú de thábhacht na ndaltaí agus na múinteoirí riachtanaisí speisialta, leis an gcinneadh atá tógtha acu', dar leis an bPríomhoide Mairéad Ní Chualáin atá ar choiste an fheachtais.

 

Bunaíodh Coiste ag an gcruinniú leis an bhfeachtas a chur chun cinn agus tá múinteoirí, tuismitheoirí agus grúpaí pobail páirteach ann. An príomhéileamh atá acu ná go bhfágfaí an staid atá ann go ceann bliana, le gur féidir plé oscailte a bheith faoi leis an bpobal agus na scoileanna. 'Bhí eolas faoin athrú seo in ainm's a theacht chuig na scoileanna go luath sa scoilbhliaian seo agus níor seoladh na litreacha chugainn go dtí an 18ú Bealtaine, ag súil go mbeadh freagra ar ais uainne taobh istigh de choicís' a deir Bríd Ní Liathain, múinteoir as Leitir Mealláin. 'Seo an t-am is gnóthaí don bhliain i ngach scoil agus nuair a thriail muid glaoch ar an Roinn le soiléiriú a fháil faoi na socruithe nua, ní raibh siad ar fáil nó níor fhreagair siad ár gcuid glaochanna. Tá muid thar a bheith curtha amach faoi seo ar fad' a deir sí.

 

Bhagair tuismitheoirí ag an gcruinniú go mbéidís sásta a gcuid gasúir a choinneáil amach as na scoileanna i mí Meán Fomhair muna bhfaighidís éisteacht ceart faoin gcás seo. 'Tá muid ag brath go mór ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta tacú linn sa bhfeachtas seo' a deir Trevor Ó Clochartaigh ó Chomhairle Ceantar na nOileán. 'D'iarr an chruinniú go dtabharfadh sé a thacaíocht poiblí dhúinn agus go n-eagródh sé cruinniú dhúinn leis an Aire Oideachais mar ábhar phráinne. Tá sé ag obair ar an gcás, a deir sé, agus beidh muid ag súil le scéala uaidh go luath. Caithfear gníomhú láithreach mar go mbeidh sé ró-dhéireanach aon rud a dhéanamh nuair a dhúnfas na scoileanna' a deir Ó Clochartaigh.

 

Beidh an Choiste ag leathnú an Fheachtais as seo go ceann tamall le tacaíocht leanúnach a fháil ón bpobail, ó eagraisí agus ó na h-ionadaithe poiblí. Is féidir dul i dteangbháil leo ag 091-551922 nó ag ceantarnanoilean.@eircom.net

 

Críoch

 

Eolas breise:

 

Trevor Ó Clochartaigh: 091-551922/087/2476624

Mairéad Ní Cualáin: 091-551327/087-9502207

 

 

An Feachtas Oideachais Speisialta,

F/ch. Comhairle Ceantar na nOileán

Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe

Fón: 091-551922 Faics: 091-551921

Fón póca: 087-9110672

Ríomhphost: ceantarnanoilean.@eircom.net

 

\