Lanchosc: 24/06/05 @ 6r.n.

Preasráiteas                                                                          24 Meitheamh 2005

 

FÓGRAÍONN Ó CUÍV AGUS ROCHE TIONSCADAIL NA mBÓITHRE ÁITIÚLA AR LUACH €447,832i gCEANTAIR CLÁR i gCO. na GAILLIMHE

 

 

Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus Dick Roche T.D., An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, tionscadail na mbóithre áitiúla i gceantair CLÁR a bheidh á maoiniú sa bhliain 2005 i gContae na Gaillimhe.  Is clár infheistíochta é CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais) atá saincheaptha le dul i ngleic le fadhb an bhánaithe, an mheathlaithe agus easpa seirbhísí i gceantair thuaithe.

 

Ar an 15 Feabhra 2005, d'fhógair an tAire Ó Cuív agus an tAire Roche T.D., go raibh €447,832 leithdháilte acu ar Chontae na Gaillimhe le caitheamh ar thionscadail na mbóithre áitiúla.  Tá na tionscadail seo i gceantair CLÁR comhmhaoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Is é €6m an tsuim náisiúnta iomlán atá ar fáil don chlár seo.

 

Faoin scéim seo, tig le Comhairle Contae na Gaillimhe rogha a dhéanamh idir maoiniú a chur ar fáil do thionscadail na mbóithre tánaisteacha agus treasacha  agus soilse sábháilteachta buí a chur ar fáil do scoileanna.  Is é €30,000 an t-uaschostas atá ar an tionscadal bóthair agus is é €7,000 an t-uaschostas atá ar shoilse sábháilteachta.  Is ar na scoileanna sin atá suite ar bhóithre réigiúnacha atá lasmuigh de chrios teorainn luais 50 ciliméadar san uair agus nach bhfuil aon soilse tráchta acu, a dhíreofar ar dtús.

 

 I mbliana, tá 22 tionscadal bóthair agus 7 tionscadal soilse sábháilteachta roghnaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe.

 

"Is cúis áthais í domsa, go bhfuil na tionscadail bóthair seo i gceantair thuaithe á gcomh-mhaoiniú agam arís.  Tá sé cruthaithe arís go bhfuil luach mór ag baint le CLÁR ó thaobh na pobail tuaithe de, toisc go bhfuil tosaíocht á tabhairt do na bóithre seo agus go mbeidh an obair orthu críochnaithe i mbliana.  Géaróidh críochnú na n-oibreacha seo ar fheabhsú infrastruchtúir sna pobail tuaithe seo."

-  Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.


 

"Táim sásta maoiniú a chur ar fáil le mo chomhghleacaí, an tAire Ó Cuív, arís i mbliana don chlár tábhachtach seo.  Táim cinnte go bhfuil tionchar dearfach ag na hoibreacha a dhéantar  faoin gclár seo maidir le rochtain agus sábháilteacht bhóthair a fheabhsú do mhuintir na gceantar CLÁR."

- Dick Roche, T.D., an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

 

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

Is clár é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) atá saincheaptha chun dul i ngleic le fadhb an bhánaithe, an mheathlaithe agus easpa seirbhísí i gceantair thuaithe. Clúdaíonn na ceantair a áirítear faoi CLÁR limistéir de chontaetha Chúige Connacht, Chúige Uladh agus Chúige Mumhan chomh maith le limistéir de cheithre chontae i gCúige Laighean. Is iad na ceantair roghnaithe na ceantair sin a bhfuil an bánú is mó fulaingthe acu ó 1926 i leith, le heisceacht amháin de leithinis Chuaille (atá áirithe mar thoradh ar na mórdheacrachtaí a cothaíodh ann de dheasca an Ghalair Crúibe is Béil). Ar an meán, tá na ceantair sin i ndiaidh 50% dá ndaonra a chailleadh ó 1926 i leith.

 

Ceantair a spriocdhírítear orthu faoi CLÁR:

 

Limistéir de: Contaetha an Chabháin, an Chláir, Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí, Luimnigh, an Longfoirt, Lú, Mhaigh Eo, na Mí, Mhuineacháin, Ros Comáin, Shligigh, Thiobraid Árann, Phort Láirge, na hIarmhí agus Contae Liatroma ina iomláine.

 

 

Eisithe ag an Oifig Eolais, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Issued by the Press & Information Office of the Dept. of Community, Rural & Gaeltacht Affairs

Teil:  01 647 3130 Faics: 01 667 0826  Layla de Cogan Chin 087 6842755;

Ríomhphost: eolas@pobail.ie Gréasán: www.pobail.ie

 

 

Non-National Roads Co-funded by Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and Department of Environment, Heritage and Local Government 2005 under the CLÁR Programme

Bóithre nach bóithre náisiúnta iad, á gcomh-mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil 2005 faoi CLÁR

 

 

 

 

 

 

 

GALWAY

GAILLIMH

 

 

 

 

Total Allocation: €447,832

Leithdháileadh Iomlán: €447,832

 

 

Roads

Bóithre

 

 

 

 

Road Number/ Name

Uimhir/Ainm an Bhóthair

DED

Location of start and end points of works

Láthair phointí tosaithe agus deiridh na n-oibreacha

Length of works (metres)

Fad na n-oibreacha

(méadair)

2005 Total Approved Cost

Costas Iomlán Ceadaithe 2005

LS8785

An Baile Glas

An Baile Glas

Moannekeeba West Start R352 Junction end 750m from Junction

 Moing na Cíbe Thiar, Tosaigh ag acomhal R352, críochnaigh 750m ón acomhal

750

28,500.00

LS8784

An Baile Glas

An Baile Glas

Na Ceapacha Start R353 Junction end 750m from Junction

Na Ceapacha Tosaigh ag acomhal R353, críochnaigh 750m ón acomhal

750

28,500.00

LT85232

Cappard

An Cheapach Ard

Kilderry Start R8523, L8524, L85232 Junction end L85232

Caoldoire Tosaigh ag Acomhal R8523, L8524, L85232 críochnaigh  ag L85232

240

11,566.00

LT11052

Maighros

Maighros

Derrygimlagh Start at Junction with R342

Deirgimleach, Tosaigh ag an acomhal leis an R342

750

30,000.00

LT11053

Maighros

Maighros

Junction in Doonreaghan via Lettercamus towards Canrower

Acomhal i nDún Riacháin via Leitir Camsa i dtreo Ceannúir

750

30,000.00


 

LT11054

Maighros

Maighros

Start at Junction in Canrower via Tawnaghbawn

Tosaigh ag an acomhal i gCeannúir via An Tamhnach Bhán

750

30,000.00

LT11022

Cleggan

An Cloigeann

Road to Silerna Beach

Bóthar go Trá Shailearna

650

23,828.00

LT53222

Conga

Conga

Corr na Móna Junction at Community Centre to Road End

Acomhal Chorr na Móna ag an Ionad Pobail go dtí deireadh an bhóthair

400

10,000.00

LT13012

An Ros

An Ros

Seannadh Farracháin

Seannadh Farracháin

30

5,000.00

LT53051

An Fhairche

An Fhairche

Junction at Dúráithe extending 400m westwards

Acomhal ag Dúráithe ag síneadh 400m ó thiar

400

10,000.00

LS6418

Dunmore North

Dún Mór Thuaidh

Gortnagoyne & Eadargúil Beag, Start R328 junction and Finish 550m from junction

Gort na gCadhan & Eadargúil Beag, Tosaigh ag acomhal R328 agus críochnaigh 550m ón acomhal

550

22,000.00

LS6472

Carrownagur

Ceathrú na gCor

Gorteen Start at Bridge and Finish 350m East of Same

 An Goirtín, Tosaigh ag an droichead agus críochnaigh 350m thoir ón áit céanna.

350

10,036.00

LT64252

Carrownagur

Ceathrú na gCor

Slieve Start LS6425 junction and Finish 400m east of above junction

An Sliabh, Tosaigh ag acomhal LS6425 agus críochnaigh 400m thoir ón acomhal thuas.

400

11,049.00

LT64321/2

Boyounagh

Buíbheanach

Eadargúil Beag Boyounagh Beg/Ballinahuill - Entire Road

Eadargúil Beag, Buíbheanach Beag / Baile an Phoill - an bóthar iomlán

1,045

25,000.00

LT65272

Glennamaddy

Gleann na Madadh

Shannagh More - Entire Road

Seanach Mór - an bóthar iomlán

321

7,000.00


 

LS6354

Cloonkeen

Cluain Chaoin

Cloonshivna - Junction with 6352 to junction with 6351

Cluain Simhne - Acomhal leis an 6352 chun acomhal a dhéanamh leis an 6351

1,239

25,000.00

LS6339

Baile na Cille

Baile na Cille

Ballinacorra - Junction with 6335/6336 Eastwards

Baile na Cora - Acomhal leis an 6335/6336 ó thoir

1,125

22,500.00

LS 7251

Killian

Cill Liatháin

Killasolan - Junction with 2310 s/eastwards

Cill Ó Saighleann - Acomhal leis an 2310 soir ó dheas

1,000

20,000.00

LT72581

Killian

Cill Liatháin

Derrymore - Entire Road

Doire Mór - Bóthar iomlán

506

8,000.00

LT63481/2

Killeroran

Cill Tulach

Easterfield - Junction with 6348 Westwards

Buaile na Cásca - Acomhal leis an 6348 ó thiar

750

20,000.00

LT23071

Baile na Cille

Baile na Cille

Newgrove Entire Rd

An Garrán Nua, Bóthar iomlán

299

6,034.00

L7258

Castlefrench

An tOileán

Cloonbricka

Cluain na Brice

1,000

14,819.00

 

 

 

TOTAL

IOMLÁN

398,832.00

 

 


 

Flashing Safety Lights

Soilse Sábhailteachta Gealánacha

 

 

 

Road Number/ Name

Uimhir/Ainm an Bhóthair

DED

Name of School

Ainm na Scoile

Location of Scheme and (include townland and descriptions of start/end points of scheme)

Láthair na Scéime agus (cuir baile fearainn

agus comharthaí sóirt phointe tosaithe/deiridh

na scéime san áireamh)

2005 Total Approved Cost

Costas Iomlán Ceadaithe 2005

L4205

Marblehill

Na Creaga

Moyglass NS

SN Mhaigh Ghlas

Moyglass Townland of Slatefield Start 55m West and ends 322m East of School

 Baile fearainn Slatefield, Maigh Ghlas, Tosaigh 55m siar ón scoil

agus críochnaíonn 322m soir uaithi.

7,000

L4516

Kilbeacanty

Loch Scainnimh

Ballyturin NS

SN Bhéal Átha Toirinn

 

Ballyturin Start 120m West and ends 120m East of School

Béal Átha Toirinn, Tosaigh 120m siar ón scoil agus críochnaíonn 120m soir uaithi

 

7,000

LS8782

An Baile Glas

An Baile Glas

An Cillín NS

SN an Chillín

An Cillín Theas Start & end of works either side of school

An Cillín Theas, Tosú agus críoch na n-oibreacha ar an dá thaobh den scoil.

7,000

LP2227

Baile an Mhuilinn

Baile an Mhuilinn

Carrownageeha NS

SN Cheathrú na Gaoithe

 

Carrownageeha Start and End of Works: Either side of School

Ceathrú na Gaoithe, Tosú agus críoch na n-oibreacha : An dá thaobh den scoil.

7,000

R364

Ballinastack

Baile na Staice

 

Ardeevin NS

SN an Aird Aoibhinn

 

Townland of Ardeevin Start and End of Works: Either side of School

Baile fearainn an Aird Aoibhinn Tosú agus críoch na n-oibreacha: An dá thaobh den scoil

 

7,000


 

R363

Killian

Cill Liatháin

Killian NS

 SN Chill Liatháin

Townland of Killian Start and End of Works Either side of School

Baile fearainn Chill Liatháin, Tosú agus críoch na n-oibreacha : An dá thaobh den scoil

7,000

R364

Glennamaddy

Gleann na Madadh

St Joseph's NS

SN Naomh Iósaif

Townland of Glenamaddy Start and End of Works: Either side of School

Baile fearainn Ghleann na Madadh, Tosú agus críoch na n-oibreacha : An dá thaobh den scoil

7,000

 

 

 

TOTAL

IOMLÁN

49,000

 

 

 

 

 

 

 

 

TOTAL

IOMLÁN

447,832