4ú Iúil 2005

 

Fidléirí ag teacht go Árus na nGael!

 

 

Tá sé ina shamhradh anois agus tá féilte a leagann béim ar an gceol agus ar an gcultúr Gaelach ar siúl ó cheann ceann na tíre. Beidh cathair na Gaillimhe ina measc freisin nuair a bheidh Liz agus Yvonne Kane i mbun Cheardlann fhidléireachta in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic ar an 30ú agus 31ú Iúil. Is as Leitir Fraic i gConamara do Liz agus Yvonne agus tá dúil speisialta acu i gceol Oirthear na Gailimhe agus Sligigh Theas. Faigheann siad spreagadh ar leith ó cheol an chumadóra cháiliúla Paddy Fahy. Tá an-mheas ar Liz agus Yvonne mar mhúinteoirí ceoil freisin agus tá neart oibre déanta acu i gConamara agus i nGaillimh ag tabhairt leo an ceol don chéad ghlúin eile. Beidh an cheardlann ag díriu ar meánleibhéal agus ardleibhéal agus beidh na ranganna ar siúl ó 10r.n.-1i.n. nó 2i.n.-5i.n. gach lá. Mar chuid den deireadh seachtaine beidh ceolchoirm fhidléireachta ar siúl freisin Dé Satharn 30 Iúil ag 8.30i.n. san Amharclann bheag in Árus na nGael. Beidh an giotáraí, John Blake,  ag casadh in éineacht le Liz agus Yvonne don oíche agus tá súil le haíonna speisialta eile freisin!. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gceolchoirm agus faoin gceardlann bí i dteagmháil le Liz Kane ag 086 8557868 nó féach www.thekanesisters.com

 

Tuilleadh Eolais

 

Liz Kane

Baile an tSléibhe

An Spidéal

Co. na Gaillimhe

086 8557868

 

Maree Ní Ghruagáin

Conradh na Gaeilge

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

091 567824.

conradh@bradan.iol.ie