Preas Ráiteas 7ú Iúil

 

Daoine 'DÁNA' ag teastáil!

 

Má tá tú idir 18 agus 25 bliain d'aois, Gaeilge nó Gaidhlig na hAlban agat agus suim agat a bheith i d'aisteoir proifisiúnta, tá tú ag teastáil i Leitir Mealláin. Daoine 'DÁNA' atá de dhíth!

 

Tá Comhairle Ceantar na nOilean ag eagrú dianchúrsa aisteoireachta i gConamara ón 28ú Lúnasa =go dtí 17ú Meán Fomhair i gcomhair leis an gcomplacht amharclainne 'TOSG' as Alban. Is tionscnamh é seo atá faoi scáth Iomairt Cholmcille (ICC), a bhfuil sé d'aidhm acu na Gaeil in Éirinn agus Alban a thabhairt níos gaire dá chéile. Beidh an grúpa, faoin ainm 'DÁNA', ag teacht le chéile ar feadh tri seachtaine i Leitir Meallain le barrfeabhais a chur ar scileanna aisteoireachta na rannpháirtithe agus blaiseadh a thabhairt dóibh den chineál saol a bheadh ag aisteoir gairmiúil agus iad i mbun oibre.

 

I 1999, bhí cúrsa den chineál seo ar bun i nGaillimh faoin ainm 'Aghaidh Fidil'. I 2000 tugadh faoin gcúrsa arís in Ulapuil in Alban faoin t-ainm 'Lasair'. Ar chúiseanna éagsúla níor eagraíodh an cúrsa ó shoin, ach, thug Iomairt Cholmcille, a bhfuil oifigigh acu lonnaithe sa Phoblacht, i dTuaisceart Éirinn agus in Alban, faoi stáidéar ar bhunús níos daingne a chur faoin bhforbairt. Tá bord bunaithe agus muid faoi réir le tabhairt faoin gcúrsa in athuair. Is é an t-ainm buan atá baistithe ar an dtionscnamh ná - 'DÁNA'.

 

Cúigear déag a ghlacfar ar an gcúrsa. Cúigear ó chaon réigiún ina bhfeidhmíonn ICC. Beidh siad ag ithe, ag ól, ag obair, ag foghlaim agus 'DÁNA' ar chuile bhealach le chéile ar feadh trí seachtaine! Beidh teagascóirí gairmiúla dhá n-oiliúint san obair fhisiciúil, intinne agus chruthaitheach a bhaineann le ceird an aisteora. Beidh an obair ar fad á dhéanamh thré Ghaeilge agus Gaidhlig na hAlban. Beidh cuid mhaith cumadóireachta ar bun chomh maith. Cuirfear míreanna  drámatúla i dtoll a chéile a bhéas mar bhúnús ag léiriú poiblí a thabharfar ag deire an chúrsa. Tabharfar cuireadh don phobal, lucht amharclainne, raidió agus teilifise chuig an seó agus beidh deis ag na daoine 'DÁNA' iad féin a chur i láthair don saol.

 

Chuaigh os cionn seachtó faoin gcéad do na daoine a ghlac páirt sna cúrsaí roimhe seo ar aghaidh chuig oideachas bhreise sna healaíona árdáin nó le baint a bheith acu go gairmiúil leis an drámaíocht nó na meáin. Ina measc bhí Linda Bhreathnach (Ros na Rún), Sinéad Ní Loideán (Cúla 4), Céara Ní Chuinn ('SRL') agus Bríd Treasa Ní Ghaoithín (The Den).  

 

Má tá suim agat a bheith páirteach i gcúrsa na bliana seo ní mhór dhuit CV agus griangraf a sheoladh chugainn ag 'DÁNA', Comhairle Ceantar na nOileán,. Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe. Nó chuig ceantarnanoilean@eircom.net.  Fón: 091-551922. Caithfidh na h-iarratais a bheith againn roimh an 22ú Iúil. Bígí i dteangbháil - agus bígí 'DÁNA'!

 

Críoch

 

Eolas breise:

 

Trevor Ó Clochartaigh

Bainisteoir

Comhairle Ceantar na nOileán

Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe

Fón: 091-551922 Faics: 091-551921

Fón póca: 087-9110672

Ríomhphost: ceantarnanoilean@eircom.net