Preas Ráiteas
18ú Iúil 2005

'Clinic' MFG i gCeantar na nOileán

    Beidh Oifigeach ó Mheitheal Forbartha na Gaeltachta i gCeantar na nOileán de Céadaoin beag seo, agus go rialta as seo go Nollaig, le labhairt le daoine a bheadh ag lorg tacaíocht ón eagraíocht do thograí atá in intinn acu. Beidh siad ag cur comhairle ar dhaoine faoi na bealaí éagsúla a chuireann siad cúnamh airgid agus phraicticiúil ar fáil agus míneoidh siad cén chaoi le cur isteach ar na deontais. Is i bhfoirm 'clinic' nó cruinnithe aonair leis an bpobal a dhéanfar seo agus beidh deis ag daoine tograí a phlé le MFG go príobháideach agus faoi rún, féachaint a mbéidís i dteideal maoiniú a fháil.

    Tá Meitheal Forbartha na Gaeltachta dírithe ar féin-mhuinín is féin-fhorbairt a chothú imeasc muintir na Gaeltachta chun a chur ar a gcumas gach gné dá saol féin a fhorbairt go hiomlán. Deir Deirdre Ní Churraidhín, Bainisteoir Réigiúnach MFG, go bhfuil sé mar aidhm acu buaileadh leis an bpobal go rialta le seans a thabhairt dóibh leas iomlán a bhaint as an maoiniú atá ar fáil faoin gClár Náisiúnta Forbartha Tuaithe. 'Tá sé an-tábhachtach go mbeadh iarratais mhaithe againn le go dtuigfeadh na hÚdaráis an fiúntas a bhaineann le cur chun cinn na scéimeanna seo san nGaeltacht'.

    Beidh an t-Oifigeach in Oifigí Comhairle Ceantar na nOileán i dTír an Fhia ó 2.30 i.n - 3.30 i.n., De Céadaoin an 20ú Iúil. Deir Bainisteoir an Chomhairle Ceantar, Trevor Ó Clochartaigh gur deis iontach é seo do phobal Cheantar na nOileán agus ba cheart dóibh é a thapú. 'Tá an-chreidiúnt ag dul do MFG as ucht na clinicí seo a eagrú' a deir sé, 'agus níor cheart drogall ar bith a bheith ar éinne teacht chun cainte leo má tá tionscnamh in intinn acu a chuirfeadh le leas eacnamaíochta agus sóisialta an cheantair'. Má tá spéis agat coinne dhéanamh nó breis eolais a fháil, is féidir glaoch ar Chomhairle Ceantar na nOileán ag 091-551922.

    Dátaí na gclinicí eile:

      21ú Meán Fomhair
      19ú Deireadh Fomhair
      23ú Samhain
      15ú Nollaig
Críoch

Eolas bhreise:
Trevor Ó Clochartaigh, Bainisteoir
Comhairle Ceantar na nOileán
Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Fón: 091-551922 Faics: 091-551921
Fón póca: 087-9110672
Ríomhphost: ceantarnanoilean@eircom.net
www.cnnoilean.ie

Preas Ráiteas
17ú Iúil

Scoil Drámaíochta Idirnáisiúnta i gConamara

      Reachtáilfear Scoil Drámaíochta Idirnáisiúnta i gConamara an Samhradh seo ón 28ú Lúnasa go dtí an 17ú Meán Fomhair. 'DÁNA' an t-ainm atá ar an scoil agus roghnófar aisteoirí óga as Éireann, Thuaidh agus Theas, agus Alban le bheith páirteach sa dianchúrsa aisteoireachta a mbeidh taispeántas árdán mar bhuaicphoinnte aige. Seo an triú uair a eagraíodh cúrsa dá leithéad agus an chéad uair dó a bheith ar bun i gConamara. Deir an comheagraí, Trevor Ó Clochartaigh ón gcomhlucht forbartha pobail, Comhairle Ceantar na nOileán, gur ' instealladh suntasach atá anseo don eacnamaíocht áitiúil i Leitir Mealláin. Tá áiseanna nuathógtha den chéad scoth anseo againn, a d'oscail anuraidh, agus tabharfaidh an chúrsa seo deis iontach dúinn a léiriú, an chumas atá againn le imeachtaí thábhachtacha den chineál seo a chur ar bun iontu'.
      Tá 'DÁNA' á eagrú i gcomhair leis an gcomhlucht drámaíochta Albanach 'TOSG', faoi scáth Iomairt Cholmcille a bhfuil sé d'aidhm acu nascanna a chur chun cinn imeasc na Gaeil in Éirinn agsu Alban. Beidh sé ar siúl i Leitir Mealláin ar feadh trí seachtaine agus é mar aidhm barrfeabhais a chur ar na na scileanna aisteoireachta atá ag na rannpháirtithe agus blaiseadh a thabhairt dóibh ar shaol an aisteora ghairmiúil.
      Chuaigh os cionn seachtó faoin gcéad do na daoine a ghlac páirt sna cúrsaí roimhe seo ar aghaidh chuig oideachas bhreise sna healaíona árdáin nó le baint a bheith acu go gairmiúil leis an drámaíocht nó na meáin. Ina measc bhí na réalta teilifíse Linda Bhreathnach (Ros na Rún), Sinéad Ní Loideán (Cúla 4), Céara Ní Chuinn ('SRL') agus Bríd Treasa Ní Ghaoithín (The Den).
      Cúigear déag a ghlacfar ar an gcúrsa. Cúigear ó chaon réigiún ina bhfeidhmíonn ICC. Beidh teagascóirí gairmiúla dhá n-oiliúint san obair fhisiciúil, intinne agus chruthaitheach a bhaineann le ceird an aisteora. Beidh an obair ar fad á dhéanamh thré Ghaeilge agus Gaidhlig na hAlban. Beidh cuid mhaith cumadóireachta ar bun chomh maith. Cuirfear míreanna drámatúla i dtoll a chéile a bhéas mar bhúnús ag léiriú poiblí a thabharfar ag deire an chúrsa. Tabharfar cuireadh don phobal, lucht amharclainne, raidió agus teilifise chuig an seó agus beidh deis ag na daoine 'DÁNA' iad féin a chur i láthair don saol.
      I 1999, bhí cúrsa den chineál seo ar bun i nGaillimh faoin ainm 'Aghaidh Fidil'. I 2000 tugadh faoin gcúrsa arís in Ulapuil in Alban faoin t-ainm 'Lasair'. Ar chúiseanna éagsúla níor eagraíodh an cúrsa ó shoin, ach, thug Iomairt Cholmcille, a bhfuil oifigigh acu lonnaithe sa Phoblacht, i dTuaisceart Éirinn agus in Alban, faoi stáidéar ar bhunús níos daingne a chur faoin bhforbairt. Tá bord bunaithe agus muid faoi réir le tabhairt faoin gcúrsa in athuair. Is é an t-ainm buan atá baistithe ar an dtionscnamh ná - 'DÁNA'.
      Má tá suim agat a bheith páirteach i gcúrsa na bliana seo ní mhór dhuit CV agus griangraf a sheoladh chugainn ag 'DÁNA', Comhairle Ceantar na nOileán,. Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe. Nó chuig ceantarnanoilean@eircom.net. Fón: 091-551922. Caithfidh na h-iarratais a bheith againn roimh an 22ú Iúil.
    Críoch

    Eolas bhreise:
    Trevor Ó Clochartaigh, Bainisteoir
    Comhairle Ceantar na nOileán
    Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Fón: 091-551922 Faics: 091-551921
    Fón póca: 087-9110672
    Ríomhphost: ceantarnanoilean@eircom.net
    www.cnnoilean.ie