Lanchosc: 22/07/05 @ 6r.n.

Preasráiteas                                                                                      22 Iúil 2005

 

Breis is €675,000 do chéibheanna beaga i gCo. na Gaillimhe

 

Tá deontais de €675,125 ceadaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail,Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., chun oibreacha áirithe feabhsúcháin a chur i gcrích ar chéibheanna éagsúla i nGaeltacht na Gaillimhe.

 

Tá deontais de €401,900 á íoc ag an Roinn chun oibreacha a chur i gcích ar 5 céibh nach bhfuil faoi chúram an Comhairle Contae. Is deontais 100% atá i gceist sna cásanna sin.

 

Tá oibreacha feabhsúcháin ar ar 6 chéibh atá faoi chúram Chomhairle Chontae na Gaillimhe á mhaoiniú faoin scéim chomh maith.  Sna cásanna seo íocann an Roinn deontas de 75% (€273,225) agus íocann an Comhairle Contae an 25% (€91,075) eile. 

 

Dá bhrí sin, 'sé €766,200 luach iomlán na noibreacha, agus tá €675,125 de sin á íoc ag an Roinn.

 

Dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil sé tábhachtach tograí mar seo a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta chun freastal ar phobal na háite a raibh easpa áiseanna mar seo ag cur as go mór dóibh le fada an lá.

Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht

Céibheanna Beaga faoi Chúram an Chomhiarle Chontae

Co. na Gaillimhe - 2005/6

 

Name of Pier

Ainm an Chéibh

Sonraí

Grant from Department

Deontas na Roinne

Grant from Co. Co.

Deontas na Co.Co.

Staid Truscáin,
Leitir Mealláin

Leagan agus ath-thógáil ar choirneal agus balla na céibhe,
Dromchla ar bhóthar na céibhe agus trealamh sabháilteacht chur ar fáil

Demolition and rebuilding of the corner and the pier wall

Resurfacing of pier road and

Provision of safety equipment.

32,550

10,850

Áird Thiar,
Cárna

Sleamhnán nua concréid agus bóthar a thógáil isteach ar an sleamhnán,
Balla cloch a thógáil agus trealamh sabháilteacht chur ar fáil

Construction of new concrete slip and access road.

Construction of stone wall and

Provision of safety equipment.

73,875

24,625

Seanché an Spidéil

Deic nua concréite, imeall/leac concréit, Dromchla ar an gcuid eile de deic,
Biorú/cóiriú balla agus balla cloiche dúbailte a thógáil,
Trealamh sábháilteacht chur ar fáil

Provision of new concrete deck, resurfacing of existing deck

Repair of existing wall and construction of 'double' stone wall

71,625

23,875

Cé na nGarrantaí,
Leitir Caladh

Láimhráillí/ ráillí cosanta nua a chur in áit cinn damáiste,
Soilse poiblí a chur ar an gcéibh agus trealamh sábháilteacht chur ar fáil.

Replacement of damaged hand/safety rails

Provision of lighting on the pier and safety equipment

18,300

6,100

Cé Fhoirnise

Ait casadh a thógáil, balla nua concréid 45m fad, bóthar a dheisiú,
dréimirí/staighrí nua agus trealamh sabháilteacht a chur ar fáil.

Construction of turning space and 45m concrete wall. Repair of road.

Provision of new steps/ladders and of safety equipment.

75,300

25,100

Cé an Mháimín,
Leitir Móir

Dhá cholún solais a sholáthair.

Provision of 2 lampposts.

1,575

525

Iomlán/ Total

 

273,225

91,075

 


Lanchosc/Embargo: 22/07/05 @ 6r.n.

Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht

Céibheanna Beaga nach bhfuil faoi chúram an Chomhairle Chontae

Co. na Gaillimhe - 2005/6

 

 

Name of Pier

Ainm an Chéibh

Sonraí

Grant from Department

Deontas na Roinne

Caladh Mhaínse

Deic concréid, dreimirí, céimeanna a thógáil.
Trealamh sábháilteacht, cóiriú ar bhalla agus áit casadh a thógáil

Construction of concrete deck, ladders and steps.

Provision of safety equipment, repair of wall, construction of turning space.

109,900

Cé Choill Sáile,
Droichead Flannery

Sleamhnán a leathnú, Imeall bíoma concréit a thógáil,
Bóthar na céibhe a chóiriú agus trealamh sábháilteacht cur ar fáil.

Widening of slip, construction of concrete side-beam

Repair of road to the pier, and provision of safety equipment.

96,500

Dún Manusa,
Rosmuc

Ballaí concréid nua a chur leis na ballaí atá ann agus deic nua concréite,
Staighre/dréimirí nua, carraigeach a thógáil ón gcéibh/cuan,
Trealamh sabháilteacht cur ar fáil

Construction of new deck and extension of existing concrete walls

News steps/ladders, removal of rocks from the harbour

Provision of safety equipment

103,000

Céibh Dhabhrois,
Maighros, Cárna

Balla calaithe concréid nua a thógáil,
dréimire a chur ar fáil,
Trealamh sabháilteacht.

Construction of new concrete pier wall, and provision of a ladder and safety equipment.

43,000

Cé an tSáilín,
An Droim

An deic uilig a athógáíl le concréid, agus deic droichead nua concréid a thógáíl,
Dréimirí chur ar fáil agus trealamh sabháilteacht.

Rebuilding of deck using concrete

Construction of new concrete deck bridge

Provision of ladders and safety equipment.

49,500

Iomlán/ Total

 

401,900

 

 

Eisithe ag an Oifig Eolais, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Teil:  01 647 3130 Faics: 01 667 0826  Layla de Cogan Chin 087 6842755;

Ríomhphost: eolas@pobail.ie Gréasán: www.pobail.ie