Géarchéim Oideachais Speisialta i gConamara
Tá ollchruinniú á eagrú i gConamara ar an 10ú Lúnasa le plé a dhéanamh ar an ngéarchéim atá ann de
bharr an leagan amach nua atá ar sholáthar seirbhísí oideachais speisialta sna bunscoileanna.
A Public Meeting will be held in Connemara on the 10th August to discuss the crisis that is looming because of changes in the delivery of Special Needs Education in primary
schools. It is being organised by the 'Feachtas Oideachas Speisialta' (Special Education Campaign) and they are inviting the Minister for Education and the Minister of Community, Rural and
Gaeltacht Affairs, Public representatives from Galway, representatives from the Department of Education, community groups, parents and others who are concerned by the way that the Department of
Education is forcing the arrangements for children with special learning requirements on schools in Connemara without consultation or clarification. The meeting will take place in Scoil
Sailearna in Inverin at 9 o'clock on Wednesday 10th of August.
Ends
Tá go leor taithí agus saineolas ag na múinteoirí atá ag dul don obair seo le blianta anuas. Tá an-imni orainn go mbeidh an scil sin caillte má imíonn na múinteoirí sin uainn agus gurb iad na páistí atá ag brath orthu a bhéas ag fulaingt dá bharr.
Is cosúil nach i gConamara amháin atá mí-shuaimhneas faoi na socruithe nua mar go bhfuil daoine taréis teacht i dteangbháil ó cheann ceann na tíre ag clabhsán futhú.
Tá imní orainne nach mbeidh seirbhís ceart á sholáthar do dhaltaí le riachtanais speisialta i gConamara de bharr na h-athruithe seo. Tá muid den tuairim go mbeidh na daltaí ar fad sna scoileanna anseo, na tuismitheoirí agus na múinteoirí thíos leis. Rinne na scoileanna go leor iarrachtaí na h-athruithe seo a phlé le feidhmeannaigh na Roinne Oideachais agus theip orthu freagraí agus soiléiriú a fháil. Ansin d'iarr muid ar an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta eadrascáin a dhéanamh ar ár son. Rinne sé sin, ach is beag toradh a bhí ar na h-iarrachtaí sin go dtí seo.
An bun éileamh atá againn ná munar féidir a léiriú go soiléir go bhfuil an córas nua a dhul ag cur feabhas ar chúrsaí seachas mar a bhí, go bhfuil muid ag iarraidh fanacht leis an seanchóras go ceann bliana le gur féidir teacht ar leagan amach a bhéas sásúil do chuile dhuine. Tá muid ag iarraidh go dtiocfadh feidhmeannach sinsearach ón Roinn Oideachais go Conamara leis an scéal seo a shoiléiriú chomh luath agus is féidir. Tá práinn leis seo mar go bhfuil tús na scoilbhliana nua ag teannadh linn go tapaidh agus ní thuigeann na scoileanna cá seasann siad. Freisin, tá brú á chur ar na múinteoirí atá ag déanamh na h-oibre seo le blianta glacadh le conraí eile agus beidh siad imithe uainn muna ndéanfar rud éigin go luath.
Tá muid ag eagrú ollchruinniú poiblí i gCois Fharraige i gConamara ar an 10ú Lúnasa le áird an phobail a tharraingt ar an ábhar seo. Ba bhreá linn a bheith in ann iad a chur ar a suaimhneas ag an bpoinnte sin, go bhfuil an córas nua feiliúnach agus sásúil. Chuige sin ní mhór go mbeadh an scéal seo pléite go mion linn ag feidhmeannaigh na Roinne Oideachais.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcruinniú ach glaoch ar 091-551922.
Críoch
|