Toghchán Comhairle Ceantar na nOileán Fógraithe

Tá sé fógraithe ag Comhairle Ceantar na nOileán teo. go reachtáilfear toghchán le Comhairle nua a thoghadh, ar an 15ú Deireadh Fomhair, 2005. Is comhlucht pobalbhunaithe é an Comhairle Ceantar atá gníomhach i bhforbairt eacnamaíóch, sóisialta agus cultúrtha Ceantar na nOileán, i gConamara. Is eagraíocht eisceachtúil pobail é, a bunaíodh sa bhliain dhá mhíle, mar go bhfuil cúigéar déag ball ar an gComhairle atá tofa go díreach ag an bpobal le ionadaíocht a dhéanamh orthu, agus chuige sin atá an toghchán á ghairm. Bhí cuid mhaith iomaíocht ann an t-am deireanach a reachtáladh an toghchán agus meastar go gcuirfidh an pobal an-suim sa toghchán arís i mbliana.

Is féidir le duine ar bith a bhfuil gnáthchónaí orthu i gCeantar na nOiléan, atá os cionn ocht déag bliain d'aois agus atá ar liosta reatha na dtoghthóirí vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghchán Comhairle Ceantar na nOileán. Tá an Ceantar roinnte i cheithre toghroinn agus toghtar trí ionadaí as Leitir Mealláin/Foirnis, seisear as Oileán Gharumna, ceathrar as Leitir Móir/Leitir Caladh agus beirt as Eanach Mheáin/Béal a'Daingean. Is de réir an chóras ionadaíocht comhréir (proportional representation) a thoghtar iad agus beidh téarma oifige cúig bhliana acu.

Glacfar le h-ainmniúcháin go dtí 5 i.n., ar De hAoine, 30ú Meán Fomhair 2005.

Is ar De Luan, 17ú Deire Fomhair ag a 10 r.n. a dhéanfar comhaireamh ar na vótaí sa toghchán. Beidh an comhaireamh faoi stiúr Rúnaí Chomhairle Condae na Gaillimhe.

Is féidir páipéar ainmniúcháin agus breis eolais a fháil faoin toghchán ach glaoch ar Chomhairle Ceantar na nOileán ag 091-551922.

Críoch

Eolas bhreise:
Trevor Ó Clochartaigh, Bainisteoir
Comhairle Ceantar na nOileán
Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Fón: 091-551922 Faics: 091-551921
Fón póca: 087-9110672
Ríomhphost: ceantarnanoilean@eircom.net


An Cúléisteoir