Plus ça change, plus ça la mê
me chose
Is cosúil an-leisce a bheith ar go leor
feidhmeannach sa tSeirbhís Phoiblí cothrom na Féinne a thabhairt don
Ghaeilge agus do lucht a labhartha gan trácht ar chaitheamh léi mar is
cuí don teanga náisiúnta agus Príomhtheanga oifigiúil an Stáit. Sin an
méid a bhí le tabhairt faoi deara ag Conradh na Gaeilge maidir le
tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga a seoladh inné, Dé Luain,
2 Aibreán. Is cosúil go bhfuil an meoin seo ag bord an Rialtais go fiú
agus é leagtha amach ag an Aire Comhshaoil go n-aislitreofaí chuig an
leagan gibiris Bhéarla seoladh a cláraítear sa bhunleagan Gaeilge ar
chlár na vótóirí sa chás go bhfuil an seoladh sin taobh amuigh den
Ghaeltacht oifigiúil.
Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 'Seo cur
isteach as cuimse ar chearta teanga an duine aonair, ar chearta an duine
é/í féin a chur in iúl agus ar chearta an duine saol príobháideach a
bheith aige/aici. Léiriú eile ar an drochmheon seo is ea an mhoill a
chuir an Roinn Oideachais ar leagan Gaeilge de na treoirlínte um
chosaint leanaí a fhoilsiú. 'Seo ar fad in ainneoin Acht na dTeangacha
Oifigiúla agus in ainneoin Airteagal 8 den Bhunreacht. Is í fírinne
gharbh an scéil nach bhfaigheann ach an té a bhíonn sásta dul i mbearna
baoil na dlíthíochta Ardchúirte deis ar a chearta teanga a shuíomh,
faraor.'
|