Micheál Mac Dubhghaill, Uasal, T.D.
Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2,
Eire/Ireland

Re: An Garda Síochána agus an Ghaeilge A Aire, a chara,

Molaim go láidir beartas na Roinne Dlí agus Cirt gardaí a earcú ó na pobail eiteacha chun go mbeadh an fórsa ionadaíoch ar mhuintir na hÉireann ar fad. Léiríonn an cur chuige seo feasacht teanga agus cultúir a chuirfidh go mór le póilíneacht trí chéile.

Tá Teastas Eorpach na Gaeilge forbartha ag Ollscoil na hÉireann Magh Nuad, curriculum agus córas measúnachta teanga neascaithe leis an bhFráma Coiteann Eorpach atá an-oiriúnach chun earcaigh ghardaí a chumasú agus a mheasúnú go réadúil eolaíoch mar chuid dá gcuid traenála. Is cur chuige é seo is féidir a úsáid do earcaigh a bhí ar scoil anseo agus thar sáile ar aon. (www.nuim.ie/language/irishexams.html)

Is léir nach gá do gach garda a bheith ina "údar" ar an nGaeilge, ach sa chomhthéacs dlíthiúil agus bunreachtúil is gá cumas oibre cumarsáide a bheith ag gach garda chun plé go praiticiúil leis an bPobal as Gaeilge: treoracha a thabhairt agus a ghlacadh, ainm agus seoladh a ghlacadh, teastáil anála a chur ar dhuine, rabhadh a thabhairt, srl., agus saor-chomhrá eile a bhaineann lena chuid cúraimí. Féadfar leibhéil chumais níos airde dul le dualgas trí Ghaeilge nó sa Ghaeltacht.

Murar féidir le gach Garda cumarsáid a dhéanamh leis an bPobal as Gaeilge, déanfar imeallú ar an teanga. Mar shampla, go dtabharfaí ordú don té a labhraíonn Gaeilge le Garda, Béarla a labhairt nó go ngabhfaí é.

Is an-deis an beartas nua earcaíochta seo chun polasaí an Rialtais agus na nGardaí i leith na Gaeilge a chur chun feidhme ar bonn praiticiúil réadúil. Tugann an Ghaeilge deis dúinn féiniúlacht Éireannach a chur chun cinn beag beann ar chreideamh nó ar dhath craicinn. Thuig Eoin Mac Néill, Dubhghlas de hÍde agus Earnán de Blaghad é sin. Ná dúntar earcaigh amach ón nGaeilge toisc a gcúlra eithneach.

Beir bua agus beannacht,