Preass Ráiteas 14 Márta 2005

 

John Bhaba Jeaic O Conghaile clárigh le rith do thoghchán an Údarás.

 

Ar an Satharn 12 Márta chláraigh John Bhaba Jeaic O Conghaile chun rith i dtoghchán an údarás.  

 

Tá John Bhaba Jeaic O Conghaile pósta i Leitir Mealláin agus tá triúir clainne air.  Is iar imreoir le foireann peile Naomh Anna Leitir Móir é agus bhíodh plé mhór aige le féilte na mara.  Bhí an gleoiteog Ceol na Mara ina sheilbh tráth don shaoil agus ba mhinic leis a bheith dhá goil ag na féilte áitiúil.  

 

Is iarrthóir neamhspleách é atá ag plé le cúrsaí pobal le na blianta.   Tá sé gníomhach i

 

* Comhar Chuigéil i Leitir Mealláin   * Baill tofa do Comhairle Ceantar na n-Oileán            

* Chathaoirleach Choiste Aosach na nOileán  * Coiste Phobal ar Aire na nOileán

* Tá sé mar ionadaí na n-iascairí ar Bhord Réigiúnach Iascairí na h-Éireann.

* Coiste Sruth líonta na h-Éireann 

* Duine de bhunaitheoirí Comharchumann Sligéisc Chonamara.

 

 

Má thoghfar é beidh sé ag troid chun.

 

Ø    Cumhachtaí breise a bhaint amach don Údarás, go mór mór cúrsaí pleanála le go mbeidh cead ag bunú na Gaeltachta a gcuid tithe fhéin a thógáil.

Ø    Deontas na mná tí Gaeltachta a choinníonn Gaeilgeoirí a ardú.

Ø    Ionad Pobail a chur ar fáil i chuile pharóiste le freastal ar an aos óg agus ar Choláistí Samhraidh.

Ø    Tacaíocht a chur ar fáil do cheardaithe agus d'ealaíontóirí sa nGaeltacht.

Ø    Cead iascach do chuile bhád gan srianta tonnáiste.

Ø    Deontais feabhsúcháin agus trealamh a fháil ar ais do lucht currach.

Ø    Sligéisc a chur ar ais sna cuanta agus áiseanna maith céibhe agus caladh a chur ar fáil do chuile phobal i gConamara.

Ø    Seasamh suas do fheirmeoirí beaga.

 

 

 

Tuilleadh Eolas:   John Bhaba Jeaic O Conghaile    fón.  087-6974951

                             kevofla@gmail.com