Preasráiteas                                      Embargo:  11.00r.n  Dé Luain 14 Marta 2005.

 

Tuarascáil Tionscnaimh an Choimisinéara Teanga

 

Tá amhras léirithe i dtuarascáil tionscnaimh an Choimisinéara Teanga faoin toradh atá á fháil ag an Stát ar an infheistíocht atá á déanamh i múineadh na Gaeilge.

 

Deir an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ina chéad tuarascáil bhliantúil go bhfuil beagnach 1,500 uair a chloig de theagasc sa Ghaeilge á gcur ar fáil do dhaltaí scoile thar thréimhse 13 bliana, ach fós féin go dtéann cuid mhór acu tríd an gcóras oideachais gan líofacht bhunúsach a bhaint amach sa teanga.

 

Tá sé tugtha le fios ag an Uasal Ó Cuirreáin go bhféadfadh caiteachas suas le €500m. in aghaidh na bliana a bheith á dhéanamh ag an Stát ar mhúineadh na Gaeilge - cé gur "costas deise" é seo nach bhféadfaí a shábháil, seachas costas breise.

 

Ainneoin na mór-infheistíochta seo thug cuid mhaith comhlachtaí poiblí éagsúla le tuiscint don Choimisinéir Teanga go raibh imní orthu faoi easpa cumais nó easpa líofachta sa Ghaeilge i measc a mball foirne.

 

"Is léir gur gá an cheist a chur an bhfuil an Stát ag fáil luach a chuid airgid ar an infheistíocht seo más fíor go bhfuil easpa cumais agus easpa líofachta sa teanga ag an oiread sin daoine a chuaigh tríd an gcóras oideachais, fiú ina gcás siúd ar éirigh leo grád maith a fháil sa Ghaeilge ina gcuid scrúduithe cinn chúrsa?" a deirtear sa tuarascáil.

 

Deir an Coimisinéir Teanga go gcreideann sé go láidir nár chóir an locht ar fad maidir le heaspa líofachta sa teanga ag oiread daoine a tháinig tríd an gcóras oideachais a chur ar mhúinteoirí na tíre astu féin.

 

"Creidim gur gá breathnú go grinn ar gach gné d'fhoghlaim na teanga - oiliúint múinteoirí, an curaclam, téacsleabhair agus áiseanna teagaisc, seirbhísí tacaíochta, an mhúinteoireacht,  córais chigireachta, agus scrúduithe san áireamh - agus córas comhtháite, forásach a fhorbairt a chinnteoidh go mbeidh líofacht sa teanga mar thoradh ar mhór-infheistíocht an stáit sa réimse seo den oideachas" a dúirt sé.

 

Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil géarghá le hathbhreithniú cuimsitheach, fuarchúiseach ar gach gné d'fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. "Tá díospóireacht phoiblí ar an ngné fhíor-thábhachtach seo de shaol na tíre riachtanach freisin" a dúirt sé.

 

Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar an chéad Choimisinéir Teanga. Uachtarán na hÉireann a cheapann An Coimisinéir Teanga go foirmiúil ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an cheapacháin.

 

Feidhmíonn an Coimisinéir Teanga mar Ombudsman i dtaca le cúrsaí Gaeilge. Fiosraíonn a Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó faoi aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.

 

Baineann tuarascáil tionscnaimh Oifig an Choimisinéara Teanga leis an tréimhse 10 mí idir earrach 2004 agus deireadh na bliana 2004.

 

 

304 Gearán

 

Le linn na tréimhse sin, cuireadh 304 cás i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga inár chreid baill den phobal go raibh cúis gearáin acu de bharr deacrachta nó faidhbe le seirbhís trí Ghaeilge ón statchóras.

 

Cuireadh comhairle ar leith ar fáil don ghearánaí i gcás 93 cás acu sin agus i gcás 214 cás eile tógadh céimeanna le hiarracht a dhéanamh cúis an ghearáin a réiteach - go minic de réir "spiorad na reachtaíochta" seachas de bharr dualgais de réir fhorálacha an Achta. Tugadh 176 de na cásanna sin chun críche le linn na bliana, agus 35 acu chun cinn go dtí an bhliain 2005.

 

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á thabhairt i bhfeidhm thar thréimhse ama agus é mar phríomhchuspóir aige cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a  chuireann an statchóras ar fáil.

 

Bhí teorainn le scóip agus le húdarás na hoifige sa tréimhse bhunaidh de bharr fhorálacha an Achta a bheith á dtabhairt i bhfeidhm thar thréimhse 3 bliana, dar leis an gCoimisinéir Teanga.

 

"Caithfear smaoineamh nach raibh i bhfeidhm ach cuid d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le linn na bliana 2004  agus nach raibh daingnithe ach scéim teanga amháin faoin Acht, cé go bhféadfadh móriomlán de 650 scéim teanga a bheith comhaontaithe le comhlachtaí poiblí in imeacht ama," a dúirt sé.

 

Dá bharr sin, beartaíodh sa tréimhse bhunaidh an oiread cabhrach agus ab fhéidir a sholáthar de réir "spiorad na reachtaíochta" dóibh siúd a chreid go raibh cúis gearáin acu, ach ba mar chóras gearrthéarmach, eatramhach amháin a tugadh faoin straitéis seo. Tuigeadh nach mbeadh aon bhrí ná bunús leis an modh oibre seo nuair a bheadh tuilleadh den Acht i bhfeidhm agus scéimeanna teanga comhaontaithe.

 

Ar na gearáin ba choitianta bhí: foirmeacha i mBéarla amháin (16%), freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge (13%), easpa Gaeilge i gcomharthaíocht/bhfógraíocht (9%), easpa Gaeilge ar chomharthaí bóthair (9%), dearcadh diúltach nó naimhdeach roimh sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge (8%), cártaí aitheantais oifigiúla i mBéarla amháin (8%),  agus fadhbanna le hainm agus/nó seoladh i nGaeilge (7%).

 

As Co. Bhaile Átha Cliath a tháinig os cionn an tríú cuid de na gearáin (35%) agus tháinig 41% eile de na gearáin as 6 chontae le chéile - Gaillimh (15%), Ciarraí (7%), Corcaigh (7%), Dún na nGall (5%) , An Clár (4%) agus Port Láirge (3%).

 

Ón nGaeltacht a tháinig breis agus an ceathrú cuid de na gearáin (26%) agus as ceantair lasmuigh den Ghaeltacht an chuid eile (74%).

 

Foilseacháin

Ainmnítear sa tuarascáil bhliantúil  20 comhlacht poiblí nár chomhlíon a ndualgais reachtúla maidir le foilsiú comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla ar thuarascálacha bliantúla, cé gur fhoilsigh cuid acu na tuarascálacha sin i nGaeilge níos moille ná an leagan Béarla. Ainmnítear freisin 3 cinn de Ranna Rialtais maidir le cásanna sonracha inar sáraíodh an fhoráil seo den Acht.

 

Ach tá léargas níos dearfaí ar fheidhmiú na forála seo den reachtaíocht san eolas gur fhoilsigh 124 comhlacht poiblí tuarascálacha bliantúla go comhuaineach sa dá theanga sa chéad tréimhse 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm na míre seo.

 

 

 

An Ghaeilge i dTithe an Oireachtais.

 

Tá léargas ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais le fáil sa tuarascáil seo freisin.

 

Thug Acht na dTeangacha Oifigiúla stádas dlíthiúil don chéad uair do cheart an duine a bheadh ag láithriú os comhair ceachtar Teach den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste, nó fochoiste de Thithe an Oireachtais, ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid.

 

Cé go bhfuil córas aistriúcháin chomhuainigh curtha ar fáil i dTithe an Oireachtais, dearbhaíodh le linn na bliana 2004 go raibh níos lú na 1% de na díospóireachtaí sa Dáil agus sa Seanad i nGaeilge, rud a chiallaíonn gur geall le hinstitiúid aonteangach Béarla iad Tithe an Oireachtais le breis agus 99% de na díospóireachtaí trí Bhéarla iontu. Níl sé seo ag teacht leis an bhfíric go bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag neart Teachtaí Dála agus Seanadóirí agus gur minic iad páirteach i ndíospóireachta sna meáin Ghaeilge.

 

"Bíonn súil le ceannasaíocht ó ionadaithe tofa. Dá leanfaí d'imeallú na teanga agus dá fágáil ar lár ar an mbealach seo sna hinstitiúidí is tábhachtaí i saol na tíre, ba dheacair a chreidiúint nach mbeadh impleachtaí móra aige d'inmharthanacht na teanga" a dúirt an Coimisinéir Teanga.

 

Tháinig an t-eolas faoi laghad na ndíospóireachtaí trí Ghaeilge chun solais de bharr gearáin a rinneadh le Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh faoi fhógraí go raibh Tuairisceoirí Parlaiminte á lorg do Thithe an Oireachtais agus, cé go raibh "sáreolas ar an mBéarla" riachtanach do na ceapacháin, nach raibh aon tagairt d'eolas ar an nGaeilge. Dheimhnigh Oifig na nDíospóireachtaí go raibh a leordhóthain foirne acu cheana féin a bhí inniúil ar an nGaeilge i bhfianaise a laghad díospóireachtaí a bhí le tuairisciú acu sa teanga sin.

 

"Ba dheacair argóint a dhéanamh ina choinne sin i bhfianaise na bhfigiúirí seo," a deirtear sa tuarascáil.

 

 Cáineadh

 

Tá aird dírithe sa tuarascáil tionscnaimh ar cháineadh a rinneadh i gcuid de  na meáin faoin gcostas a bhaineann le comhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí cuid mhór den cháineadh sin bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar áibhéil maidir le cur i bhfeidhm an Achta agus na costais a bhainfeadh leis, a deirtear sa tuarascáil.

 

Cé go bhfáiltítear sa tuarascáil roimh anailís na meán ar gach gné de pholasaí teanga an Stáit moltar go mbeadh díospóireachtaí dá leithéid "bunaithe ar fhíricí agus ar fhírinne seachas ar thuairimíocht."

 

Obair

 

  cuntas tugtha sa tuarascáil, a cuireadh ar fáil don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an 22 Feabhra 2005, ar gach gné d'obair an Choimisinéara Teanga le linn na bliana 2004. San áireamh, bhí 29 léacht /óráid ar chearta teanga, páirtíocht i 9 seimineár agus 80 agallamh leis na meáin chumarsáide.

 

D'eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga ceithre chuairt réigiúnacha, seoladh suímh ghréasáin (www.coimisineir.ie) agus foilsíodh agus scaipeadh pacáiste eolais ar chearta teanga an phobail agus ar dhualgais teanga an státchórais.

 

Tá an tuarascáil foilsithe ar CD-Rom agus ón Leathanach Seo. i nGaeilge agus i mBéarla. Tá cóipeanna clóite ar fáil dóibh siúd nach n-úsáideann ríomhairí.

 

(críoch)

 

Tuilleadh eolais ; Damhnait Uí Mhaoldúin - 091-504006  /  087 - 2197946