Niall Ó Brolcháin - Méara na Gaillimhe

Béarla


Teil: 091 596680

Fón Póca: 087 9524776

R-phost: niallob@esatclear.ie

Suíomh idirlíne: http://www.niallobrolchain.ie (Béarla)

Seoladh poist:

    Méara na Gaillimhe
    Halla na Cathrach
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
Sonraí:
    Is é Niall Ó Brolcháin Méara na Gaillimhe. tá sé mar urlabhraí ag na Glasaigh ar Ghaillimh agus ar Ghnóthaí Tomhaltóirí. Bhí sé freagrach as Polasaí Sláinte an Chomhaontais Ghlais a chuir le chéile agus bhí sé tréibhse mar Úrlabhraí Sláinte. Bhí ról lárnach ag Niall i go leor de na feachtais ba rathúla, go náisiúnta agus go h-aitúil.

    Chabhraigh Niall le Gaillimh a bheith ar an Chathair is Glaise, de réir cosúlachta, in Éirinn. tá Gaillimh go síoraí ar barr na gcairteanna athchúrsála agus tá stadús saor ó bhrúscar bainte amach aice i suirbhé IBAL, chun tosaigh ar aon chathair eile in Éirinn. Maidir le cúrsaí fuinnimh tá go leor tionscnaimh dearfacha ag tarlú agus dá moladh ag na Glasaigh. Ritheann an cuid is mó de feithiclí an Chomhairle Cathrach ar bhithdiesel meascaithe déanta as sean ola ghlasraí ag comhlacht aitiúl. tá Leisureland dá ghlasú le pleananna cumhacht gréine a úsaid chun an linn snámha a théamh. Is Hybrid Toyota Prius é carr oifigúil an Mhéara. Bronadh dhá bhrat ghorm ar Chathair na Gaillimhe le gairid: ar Thrá Bhóthair na Trá agus ar Thrá na gCeann. tá sé mar aidhm aige péire eile a fháil amach anseo. tá sé mar aidhm aige freisin go mbeidh Cathair na Gaillimhe ar an chéad Rialtas Aitúil sa domhan a bhfuil an Brat Glas buaite ag chuile scoil.

    Mar Mhéara, chuir Niall chun cinn bunú oifig nua iompair do Ghaillimh agus tá sé ag cuir Gaillimh chun cinn mar Chathair Dhátheangach. Mhaoirsigh sé stráitéis radacach nua busanna do Chathair na Gaillimhe agus tá sé ag súil go bhfoilseofar Stadéir Riachtanas Áineasa agus Taitneamhachta go gairid. tá sé ina Leaschathaoirleach ar Thionscadal Cheantar Abhantraí an Iarthair. tá sé ag déanamh dul chun cinn ar fheabhsúchán timpeallachta ar Uiscebhealaí na Gaillimhe a chothú freisin, chomh maith le bheith ag obair chun Páirceanna na Cathrach a fheabhsú.

    Tá Niall ag iarraidh go bhfeabhsófar Margadh Sráide na Gaillimhe a bhfuil an-tóir air cheana féin. tá Niall ina Chathaoirleach ar LTACC agus tá sé ag súil go dtosófar go gairid ar athnuachan iomlán ar Láithreán Stad Cheathrú an Bhrúnaigh.

    Tá sé freisin ina Chathaoirleach ar Choiste Chathrach na Gaillimhe um Thimpeallacht Nádúrtha agus Uiscebhealaí atá ag súil go dtosófar go luath ar an mórobair chun na 10 gcinn d’eis-phíobán séarachais deireanacha i gCathair na Gaillimhe a bhaint amach.

    Mar Mhéara, shínigh Niall Gaillimh suas mar an chéad chathair i bPoblacht na hÉireann a bhain amach stadús Chathair Shláintúil WHO [An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte] i Turku san Fhionlainn le gairid.

    ‘’Is cathair íontach í Gaillimh agus tá an-bhród orm a bheith mar an chéad méara glas. tá súil agam a bheith mar ar an chéad TD glas i nGaillimh Thiar chomh maith’’ a dúirt Niall Ó Brolcháin.

    Tá Niall pósta le Niamh Mulvany agus tá siad ina gconaí lena gceathrar páistí: Ferdia, Amy, Fionn and Cianán i gCnoc na Cathrach i gCathair na Gaillimhe.

Suíomh Niall Uí Bhrolcháin (Béarla)