|
Embargo: De Luain, 20 Aibreán
Tús Áite Don Pobal
'Tús Áite Don Phobal' an téama atá le feachtas iarrthóir Shinn Féin sna Toghcháin áitiúla i gConamara, Trevor Ó Clochartaigh. Is iad na seirbhísi pobail is mó atá dhá mbualadh ag na ciorruithe atá dhá dhéanamh ag an Rialtas agus ag h-eagrais stáit agus fágfaidh sin droch bhail ar phobail tuaithe ar nos muintir Chonamara, dar le Ó Clochartaigh.
'Caithfear tús áite a thabhairt don phobal, ní do lucht an airgid' a deir sé, 'le go mbeidh fostaíocht seasmhach ar fáil do phobal Chonamara, le go mbeidh eagraíochtaí forbartha pobail in ann feidhmiú go h-éifeachtach agus le go dtabharfar cothrom na féinne don aos-óg, an Aosach agus daoine faoi mhí-bhuntáiste sna pobail ina bhfuilimid'.
'Is iad na boiciní agus lucht an rachmais a bhain tairbhe den chuid is mo as an Tíogar Cheilteach agus anois arís is iad is mó atá dhá chosaint ag an Stát, in áit bheith ag díriu acmhainní teoranta ar riachtanaisí na gnáthdhaoine. Tá seirbhísí oideachais, sláinte agus sóisialta thrína chéile' a deir Ó Clochartaigh, 'agus tá sé in am ag an bpobal ionadaithe a thoghadh atá sásta seasamh suas dá gcearta ag leibheal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach. Tá sé féin agus Sinn Féin sásta sin a dhéanamh' a deir sé, 'ach tacaíocht an phobail a fháil ar an 5ú Meitheamh'.
Beidh Ó Clochartaigh ag díriú aird ar riachtanaisí an phobail sna seachtainí seo romhainn i dtreo na toghcháin aitiúla agus meabhraíonn sé do dhaoine chomh tábhachtach is atá se vóta a chaitheamh agus chuige sin, deimhniú go luath go bhfuil siad cláraithe leis an gComhairle Chontae chun vótáil.
Críoch
Eolas: 087-2476624
|
|