Moladh don Údarás

A chara,

Míos minicí ná a mhalairt, is ag gearán a bhímse faoi Údarás na Gaeltachta. Ni ag gearán atáim an uair seo ach ag tréaslú Ieo agus ag fáiltiú go croíúil roimh an athrú suntasach i bpolasaí an Údaráis, a fógraiodh ar an Máirt seo caite.
Donncha
Cé hé Donncha Ó hÉallaithe?
Alt le Rónán Mac Con Iomaire

Beo - Bealtaine 2005

Sa doiciméad "Beartas Forbartha 2005-2010" tá an bhéim mar is cóir ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga pobail agus ar inmharthaineacht na bpobal sna ceantair thearcfhiorbartha. Sé an trua gur thóg sé 25 bhliain ar Údarás an Ghaeilge a aithint go gcaithfi ceist chaomhnú na Gaeilge a bheith Iárnach sa phróiséas forbartha.

Tréaslaim leis an bpriomhfheidhmeannach nua agus Ieis an mBord nuathofa as tosaíocht mar is ceart a thabhairt sa mBeartas Forbartha do bhuanú na Gaeilge sna ceantracha ina bhfuil si fós in úsáid mar theanga phobail.

Tá macántacht sa doiciméad nach mbíodh le aithint roimhe seo i ráitis an Údaráis maidir le ceist chasta na Gaeilge. Tá an chuma ar an doiciméad go bhfuil an tÚdarás le dul i muinín saineolais agus éiri as an amaitéarachas chomh fada is a bhaineann sé le buanú na Gaeilge mar theanga pobail. Más mail is mithid.

Tá mé cinnte go mba mhór an cúnamh don Údarás leis an mbeartas nua a chur i bhfeidhm, dá ndéanfadh an tAire Éamonn Ó Cuiv tri rud:
(i) an t-airgead a thugtar ón Státchiste don Údarás a mhéadú go dti an léibbéal a bhiodh ann sar a deineadh Aire Rialtais dhó agus
(ii) deireadh a chur leis an bpolasaí a choscann an tÚdarás o mhaoin a cheannaeh ai mhaithe le tionsnaimh teanga
(iii) dlús a chur le leagan amach nua a dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta. Ádh mór,

Donncha Ó hÉallaithe
[Gniomhai Teanga agus Pobail]
Cois Fharraige

Foinse 8/5/2005
Ráiteas ón Údarás 3/5/2005