Preas Ráiteas                                                                                    8 Iúil 2005

 

THAR AM DO PHOBAL NA GAEILGE IONSAÍ NA MEÁIN BHÉARLA A FHREAGAIRT - Ó CUÍV

 

Ag labhairt dó in nDún Garbhán ag oscailt oifigiúil 'Tionól an tSamhraidh' inniu, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív T.D., gur chuir fimínteacht na meáin Bhéarla faoin Ghaeilge iontas air.

 

 "Thar na mblianta scríobhadh altanna agus rinneadh cláracha ag tabhairt amach faoi Ghaeltachtaí nach raibh Gaeilge le cloisteáil nó le feiceáil iontu.  Rinneadh éileamh ar an Rialtas gníomhú ar an gceist agus dúradh gur scannall a bhí ann ceantrachaí a fhágáil sa nGaeltacht nach raibh rian an Ghaelachais orthu. Ach, bunaithe ar reachtaíocht a bhí pléite go mion agus aontaithe ag Oireachtas Éireann, agus tar éis tréimhse dul i gcomhairle poiblí, ar an bpointe gur ghníomhaigh Aire le céim an-bheag a thógáil le íomhá Gaelach na Gaeltachtaí a láidriú, thosaigh na meáin céanna ag cur ina leith go raibh se ag brú Gaeilge síos scórnach muintir na Gaeltachta."

Éamon Ó Cuív T.D.

 

Dúirt an tAire gur mar a chéile a bhí sé leis an Acht Teanga, gur thacaigh na meáin leis an éileamh go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach ach ag an am céanna, go gcuireann said glan in aghaidh caiteachas Rannaí Stáit níos lú ná €2 mhiliúin in aghaidh na bliana ar an Acht Teanga.  Dar leis an Aire, tá sé in am go dtuigfeadh daoine nach bhfuil aon chiall a bheith ar son na Gaeilge agus in aghaidh gach céim phraicticiúil len í a chur chun cinn.

 

"Ar an dtaobh eile den scéal, is fada go raibh lucht na Gaeilge ag éileamh breis stádais agus seirbhísí i nGaeilge ón Stát.  Bliain i ndiaidh bliana, cáineadh Airí agus rialtaisí as easpa gníomhachta.  Tá an Rialtas seo, le hachtú an Acht Teanga, le stádas oifigiúil agus oibre san AE, le ceapachán Choimisinéir Teanga, le bunú Fóram na Gaeilge 7l, tar éis clár chuimsitheach a chur le chéile le seasamh na Gaeilge a fheabhsú.  Ó tosaíodh ag cur na hathraithe seo i bhfeidhm áfach, tá síorionsaí á dhéanamh ag na meáin Bhéarla ar an Roinn. 

 

Cá bhfuil pobal na Gaeilge agus go mórmhór na heagrais Ghaeilge anois, leis an dul chun cinn seo a chosaint agus leis an fíor-éileamh atá ann don obair sin a thaispeáint?  Faraor, níl le cloisteáil le corr-eisceacht ach ciúnas.  Creidim fhéin go bhfuil sé tabhachtach go dtuigfeadh pobal na Gaeilge go bhfuil sé thar am dóibh gníomhú chun ionsaí na meáin Bhéarla a fhreagairt agus tacaíocht poiblí láidir, fuinniúil agus leanúnach a thabhairt don dream a bhfuil sé de mhisneach acu seasamh ar a son."

Éamon Ó Cuív T.D.

 

Eisithe ag an Oifig Eolais, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Teil:  01 647 3130 Faics: 01 667 0826  Éadaoin Ní Mhonghaile 087 8519913;

Ríomhphost: eolas@pobail.ie Gréasán: www.pobail.ie

 

Thar n-ais chuig CTG