Gorbachev na Gaeltachta

Ar na mallaibh labhair Pádraig Ó hAoláin lena chomh Thiobrad Árannach, Donncha Ó hÉallaithe.
Pádraig Ó hAoláin faoina shaol agus faoin bhfís atá aige maidir leis an nGaeilge!

(Agallamh i mBeo
Iúil 2006)

San agallamh tráchtann an Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltacht, ar na hathruithe atá ar bun san eagraíocht forbartha agus admaíonn sé nach rabhthas sách cúramach san am a c aitheadh ó thaobh na Gaeilge de agus fostaíocht á chruthú sa Ghaeltacht. Leagann sé amach an cur chuige a bhéas aige féin i mbun na heagraíochta agus an dóchas atá aige gur féidir an taoille a chasadh aríst. Deineadh eagarthóireacht ar an agallamh lena ghiorrú.

Plé ar seo! Comhrá Oscailte as Gaeilge (The Dáltaí Boards)
Ráiteas Nuachta 03/05/2005 (comhad pdf) - Beartas Forbartha seolta ag Príomhfheidhmeannach Nua an Údaráis

Donncha Ó hÉallaithe: Tá tú píosa maith i gConamara anois, céard a thug anseo thú an chéad lá?

Pádraig Ó hAoláin: Tá sé casta ar bhealach amháin agus sách simplí ar bhealach eile. Bhí mé th'éis roinnt blianta a chaitheamh i Sasana i ndeireadh na seascaidí agus chuir mé aithne ar go leor daoine as Conamara thall ansin. Cé go raibh suim sa nGaeilge agam roimhe sin, níor casadh cainteoirí dúchais orm ina mbuíonta nó ina ngrúpaí agus caithfidh mé a rá gur tháinig sé aniar aduaidh orm daoine a chloisteáil ag caint Gaeilge sa gcomhthéacs áirithe sin i Sasana agus iad i mbun a gcuid oibre. Bhí mé ag obair ar an mbuildeáil ag an am, ag saothrú airgid, ag iarraidh mo chéim san ollscoil a chríochnú. Dúisíodh mo shuim sa nGaeilge ar bhealach beo nár tharla roimhe sin. Ansin phós mé i Sasana agus an bhean a phós mé, bhí suim aici sa nGaeilge chomh maith agus thosaigh muid ag caint an uair sin, dá mbeadh gasúir againn go dtógfadh muid le Gaeilge iad agus le scéal gearr a dhéanamh as scéal fada, tháinig muid ar ais go Baile Átha Cliath.

Bhí mé ag múineadh i gColáiste Belvedere ar feadh trí nó ceathair de bhlianta. Ag an am céanna bhí a n-intinn déanta suas againne féachaint le theacht go dtí an Ghaeltacht le na gasúir a thógáil le Gaeilge. Chuir mé isteach ar riar postanna i nGaillimh, níorbh fhéidir ceann ar bith a fháil. D'fhógair Gael Linn post lán-aimseartha do mhúinteoir Gaeilge le haghaidh dianchúrsa nua a bhí forbartha acu do dhaoine fásta.

An mhaidin chéanna a thosaigh mé le Gael Linn, tháinig litir ó Phríomhfheidhmeannach Ghaeltarra Éireann, Cathal Mac Gabhann, ag iarraidh orthu comhairleoir teanga a chur ar fáil don Ard Oifig sna Forbacha. Bhí cinneadh déanta ag an bpríomhfheidhmeannach go gcaitheadh chuile dhuine Gaeilge a fhoghlaim. Bhí sé ag iarraidh duine le ranganna Gaeilge a chur ar fáil istigh san oifig agus sna monarchain agus chun comhairle a chuir orthu faoi chúrsaí aistriúcháin. Bhí go leor de na bundoiciméidí Boird i mBéarla an uair sin, theastaigh uaidh é sin a athrú.

Tairgeadh an post domsa. Ghlac mé leis agus trí lá ina dhiaidh sin bhí muid ar an mbealach sa Volkswagen Beetle go Conamara ag iarraidh teach lóistín a fháil. Chuaigh muid caol díreach siar go Ros Muc agus chuartaigh muid timpeall an cheantair sin agus chinn orainn teach a fháil. D'oibrigh muid as sin aniar. Trí nó cheithre lá ina dhiaidh sin fuair muid teach i gCladhnach, siar beagán ó cheanncheathrú RnaG agus is ann a chaith muid an chéad trí bliana i gConamara. Agus caithfidh mé rá gur ann a d'fhág mé coirnéilín beag de mo chroí, bhí muintir Chladhnaigh an-deas, an-lách, chuireadar an-fháilte romhainn agus ar ndóigh is Gaeilge a labhair chuile dhuine beo sa gceantar an uair sin, an chuid is mó acu i gcónaí. Gaeilge amháin a bhí sa siopa, Tigh Mhicil Faherty, agus chabhraigh sé sin go mór linn. Is i Ros a Mhíl a thosaigh Fionnuala, an cailín is sine againn ag dul ag an scoil.

Donncha: Nuair a théimse abhaile go Tiobrad Árann agus nuair a chastar gaolta liom a d'fhás aníos leat, ní bhíonn siad ag cur ceist orm faoi Phádraig ó hAoláin ach ag iarraidh a fháil amach cén caoi a bhfuil Paddy Hyland ag déanamh i gConamara. Inis dom faoi Phaddy Hyland?

Pádraig: Sea, Paddy Hyland atá orm i gCloch Siúrdáin, ar theorann Ua Fáile. Kilruane Mc Donaghs atá ar an bhfoireann áitiúil iománaíochta. D'imir mé leo ag aoiseanna éagsúla. Tá beirt deartháir agus deirfiúr liom thíos ansin i gconaí agus colcheatharacha. An chéad deich mbliana a chaith mé i gConamara, th'éis go raibh mé ag imirt leis an Spidéal, bhínn thíos ag mórán chuile chluiche a d'imir Kilruane Mc Donaghs. Tá teagmháil láidir agam leis an mbaile i gcónaí agus teagmháil réasúnta mhaith leis na daoine a bhí ar scoil liom. Tá cuid mhaith acu thart i gcónaí ina measc mo iarmhúinteoir scoile féin, Roche Williams. Is Gaeilge a labhair sé liom i gcónaí. Baile áithrid é Cloch Siúrdáin ó thaobh an phobail de mar tá chúig eaglais nó chúig chreideamh difriúil ann, rud atá neamhchoitianta. Plandáileadh é i rith réimeas na Banríona Eilís, baile Cromallach adeirtear a bhí ann i ndáiríre agus tá a rian sin ar go leor de ghnéithe de shaol an bhaile!

Donncha: Is tú a chum amhrán aitheantais Chonamara - Cóilín Phádraig Shéamuis - amhrán a bhíonn dá chanadh chuile áit a mbíonn muintir Chonamara bailithe le chéile. Céard a spreag tú chun an t-amhrán sin a chumadh?

Pádraig: An méid a chonaic mé thall - muintir Chonamara ag obair leo ar an mbuildeáil agus sna tolláin agus an pátrún leanúnach imirce. Sna chéad bhlianta a raibh mise i gConamara bhí daoine fós ag imeacht ar imirce suas go dtí lár na seachtóidí, as sin a tháinig an ionspioráid don amhrán. Rith sé liom go raibh sé sa gcinniúint ag muintir Chonamara go gcaithidís imeacht, go raibh an bád bán ag fanacht leo ón lá a rugadh iad agus go raibh ar chuile Chóilín Phádraig Shéamuis imeacht agus na rudaí a raibh cleachtadh acu orthu, rudaí a bhí sa nádúr acu, idir an teanga, an fharraige, an portach agus saol dúchais na Gaeltachta, a thréigean. B'as sin a tháinig sin.

Donncha: Amhrán eile leat a chloistear go minic "Cumha" - shílfeá go raibh sé sin ag cur síos ar an gcineál fostaíochta a bhí curtha ar fáil ag an Údarás sna monarchain móra?

Pádraig: Ar bhealach is cineál tréigean an dúchais an téama atá mar théama ag an amhrán sin chomh maith. Ag tús ré na tionsclaíochta sa nGaeltacht ba rud coitianta monarchana a bhíodh ag fostú idir 100-200 duine. Tharla go raibh mé lá i monarcha áirithe. Bhí idir 150-200 ag obair ann, ag bínsí ar fud na háite gan caint ar bith ar siúl. Rud é a bhuail faoin gcroí mé nach raibh mórán sásaimh le fáil san obair acu i gcomparáid leis an sásamh a gheobhadh go leor díobh roimhe sin amuigh ar an bhfarraige nó ar an bportach - athrú saoil iomlán a bhí ann. Rith sé liom an lá sin go raibh an dúchas dá thréigean nó dhá bhá ar mhaithe leis an tairbhe nua sin a bhí tagtha chun cinn.

Donncha: Tháinig tú go Conamara i 1970 ag obair le Gaeltarra. Ar cheap tú an uair sin i 1970 agus tú tagtha ag múineadh Gaeilge san Ardoifig, go dtiocfadh an lá gur tú féin a bheadh i gceannas ar obair an tí seo?

Pádraig: Níor cheap ariamh. Níor tháinig an smaoineamh sin isteach i mo chloigeann ariamh. Bhain mé an-sásamh i gconaí as an obair. Bhíodh go leor teagmhála ag na monarchana agus na pobail lena chéile an uair sin. Bhíodh comórtais idirmhonarchain i gceist mar shampla - scéim iontach a thug na foirne as na tionscail éagsúla le chéile. Tamall ina dhiaidh sin, tosaíodh an comórtas forbartha pobail - agus sin dhá rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar phobal na Gaeltachta. Bhí go leor rudaí ag tarlú comhthreomhar lena chéile a chothaigh ceangal idir na ceantair éagsúla Ghaeltachta. Bhí coistí an-ghníomhach. Ní cuimhneach liom cloisteáil ariamh go raibh deacrachtaí ag coistí teacht ar dhaoine le dul ag obair go deonach. Is cuimhneach liom dul ag cruinnithe coistí agus pobail ar fud na Gaeltachta agus an líon mór daoine a bhíodh sna hallaí, bhíodh sé do-chreidte.

Foilsíodh an t-agallamh seo i dtosach san iris Pléaráca 2005. Foilsítear anseo é le caoinchead ó Phléaráca Teo., Ros Muc.
© Pléaráca Teo.

Donncha: Ach bhí drochchaoi ar an áit, easpa áiseanna agus easpa mhór seirbhísí. Ní raibh uisce i mórán tithe ag an am.

Pádraig: Ní raibh uisce reatha sna tithe, bhí na bóithre go dona, bhí na ceangail teileafóin go dona, - tá taifid istigh anseo san Ardoifig fós féin ar na deacrachtaí a bhí ag comhlachtaí suas go dtí deireadh na seachtóidí le teagmháil a dhéanamh lena lucht margaíochta agus custaiméirí thar lear agus an t-achar ama a thógfadh sé scéala a fháil arais uathu. Bhí easpa infheistíochta san infreastruchtúr agus sna seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta, a d 'fhág go raibh siad chun deiridh le hais áiteacha eile i réimse leathan seirbhísí. Bhí sé sin an-suntasach.

Donncha: In aineoin na laincisí a bhí ann, d'éirigh le Gaeltarra go leor a dhéanamh, ó thaobh cruthú fostaíochta agus mar sin de?

Pádraig: D'éirigh. Caithfidh mé rá an chinnireacht a tugadh ó thaobh forbairt na tionscalaíochta ag an am, bhí fís ag baint leis agus bhí sé thar a bheith dúshlánach, ag cur san áireamh na laincisí uilig a bhí ina n-aghaidh. Is iomaí áit ar tógadh an mhonarcha ar dtús agus an bóthar isteach chuige ina dhiaidh sin! Tógadh na heastáit, tógadh monarchain nach raibh tograí ná tionscail ann dóibh agus cuireadh daoine amach ag tóraíocht tionscail lena n-aghaidh. Cuid mhaith de na cinn a tháinig isteach, níor mhair siad i bhfad ach b 'shin é an nádúr a bhain leis an gcéad ré. Theip ar chuid mhaith acu, d'éirigh le cuid acu, ach leagadh an dúshraith.

Donncha: Anois agus infrastructúr i bhfad níos fearr sa nGaeltacht, tá an chosúlacht air go bhfuil sé i bhfad níos deacra postanna a mhealladh?

Pádraig: Tá. Tá an tír athraithe uilig le deich mbliana anuas. Ag féachaint siar ar thuarascáil bhliantúil an Údaráis 1995/96, ba léir dúinn go raibh an t-athrú ag teacht. Bhí lagú ag teacht ar an déantúsaíocht ar fud an domhain. Sin an uair a rinneadh cinneadh féachaint le tosnú oifigí a thógáil seachas monarchain mar a bhí dhá dhéanamh roimhe sin, mar go gcaitheadh muid ár sciar féin den obair nua-aimseartha, an obair oifige, más mian leat a fháil. Ní féidir a bheith ag súil le aon infheistíocht eile déantúsaíochta ach ar scála an-bheag. Chomh maith leis sin tá mianta fostaíochta níos airde ag daoine anois.

Donncha: Is léir go bhfuil an-chuid fostaíochta curtha ar bun ag Gaeltarra agus ag an Údarás le 30 bliain anois ach gur ceann de na tionchair a bhí ar cruthú fostaíochta gur lagaíodh an teanga mar theanga pobail sna ceantair Ghaeltachta ar nós Chonamara Theas.

Pádraig: Tá an argóint sin ann. Is dóigh go bhféadfaí a rá nach rabhthas sách cúramach, sách goilliúnach faoin tionchar a bhí aige sin ar iompar teanga. Níl aimhreas ar bith ach gur thiomáin an riachtanas fostaíochta caiteachas agus fealsúnacht na heagraíochta cuid mhór.

Creidim féin go láidir, agus tá sé curtha romham agam ins sna spriocanna atá leagtha amach agam don tréimhse seo romhainn, gur sabháilte i bhfad é don Ghaeltacht ó thaobh fostaíochta de, ó thaobh buanadas de agus ó thaobh na teanga de, díriú ar na tionscail bheaga agus ar acmhainní dúchasacha na Gaeltachta. Tá sé curtha romhainn againn féachaint le céadatán de na miontionscail a fhostaíonn idir duine agus deichniúir a mhéadú suas go 60% den fhostaíocht iomlán ins na cúig bhliana seo romhainn. Bheadh sé deacair dul mórán níos airde ná sin - agus fágann sé sin go mbeidh muid ag brath cuid mhór ar dhaoine áitiúla leis an fhostaíocht sin a chruthú agus is dúshlán an-mhór é sin ann féin.

"Creidim féin go láidir...gur sabháilte i bhfad é don Ghaeltacht ó thaobh fostaíochta de, ó thaobh buanadas de agus ó thaobh na teanga de, díriú ar na tionscail bheaga.."

Donncha: Tá éagcothromaíocht an-mhór ann faoi an áit a bhuil postanna cruthaithe agus infheistíocht déanta. Tá sé chomh maith dhuit a rá go bhfuil lánfhostaíocht i gCois Fharraige ach tá ceantair eile ann ar nós Ceantar na n-Oileán, Ros Muc, Iorras Aithneach agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán postanna cruthaithe iontu, go bhfuil líon na ndaltaí sna scoileanna ag titim chuile bhliain agus go mb'fhéidir nach bhfuil na pobail sin inmharthaineach. Ag an am céanna, siad sin na pobail is láidre ó thaobh usáid na Gaeilge de.

Pádraig: Tá sin fíor agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil sé curtha romhainn againn sna chúig bliana seo romhainn, go bhfuil sé mar sprioc againn tosaíocht a thabhairt do na ceantair sin - agus tabharfar tús áite dóibh. San mbeartas forbartha a chuir mé os comhair an Bhoird, ag an gcéad cruinniú den bhord nua ar an 29ú Aibreán na bliana seo, tá sé ráite go neamhbhalbh agus glactha ag an mBord leis go ndéanfar idirdhealú idir na hacmhainní forbartha a chuirfear ar fáil do na ceantair tearcfhorbartha, na ceantair atá scoite amach, agus na ceantair láidre. Bainfear acmhainní ó áiteanna eile le gur féidir linn é a dhéanamh, mar níl aon bhealach eile len é a dhéanamh.

Donncha: Ach nach dtagann sé anuas go dtí seo: níl sibhse chun na postanna a chruthú sibh féin. Tá sibh ag brath cuid mhaith ar dhaoine eile leis na postanna a chruthú agus ag deireadh thiar thall, is iad na daoine sin a roghnóidh cén áit a bheidh na postanna á gcruthú. Tá gach seans ann go mbeidh siad ag iarraidh bheith gar do chathair na Gaillimhe ar chúiseanna an-mhaith. Ach ar féidir libhse deontas níos airde a thabhairt do dhuine a lonnóidh tionscail i Ros Muc seachas, mar shampla, é a lonnú sa Spidéal nó an bhfuil bhur lámha ceangailte?

Pádraig: Ní féidir! Seo ceann de na fadhbanna a bhaineann le treoirlínte cúnaimh an Aontais Eorpaigh. Is mar a chéile na deontais atá ar fáil i chuile áit ar fud réigiún an BMW. D'fhéadfadh duine an deontas céanna a fháil i nDún Dealgan, i mBaile Shligigh, ar imeall Áth Luain, nó i mBaile an Chábháin is a gheobhadh sé thiar i Ros Muc. Táimid ag troid ina choinne sin le blianta, ach leis an leagan amach atá ar chúrsaí i láthair na huaire, ní féidir é a dhéanamh - an t-aon áit ar féidir linn rud breise a thairiscint do dhaoine ná an leagan amach atá ar chíosanna sna monarchana. Is féidir linn buntáiste a thabhairt do na ceantair 'laga' ar an mbealach sin. Tá sé sin taobh isitigh d'ár smacht féin. Is féidir linn socraithe ar leith a dhéanamh maidir le cíos monarchan agus spás oibre sna ceantair sin. Tá rudaí eile ar féidir linn a dhéanamh ó thaobh tacaíochta breise do chomhlachtaí - ach ó thaobh leibhéal deontais ní féidir linn é a dhéanamh mar tá riail docht daingean ó thaobh an Aontais Eorpaigh a leagann síos nach féidir é a dhéanamh. Creidim, áfach, gur féidir linn a bheith seiftiúil solúbtha maidir le cur i bhfeidhm na rialacha sin sna ceantair atá scoite amach.

Donncha: Ceann de na lochtanna a bhíodh dá fháil ag daoine ar chur chuige an rialtais maidir leis an nGaeltacht ná go raibh an iomarca eagraíochtaí ag plé leis an nGaeltacht. Nuair a tháing Údarás na Gaeltachta ar an bhfód ceapadh go mbeadh curaimí cuid dena heagraíochtaí sin curtha ar an Údarás.

Pádraig: Is ceist í sin atá dá plé agam leis an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le bliain nó dhó anuas. Tá sé féin ag féachaint go grinn ar an gceist seo faoi láthair. Ag léibhéal amháin tá an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, tá go leor ama caite againn le trí mhí anois ag plé leis an Roinn faoin gcur chuige aontaithe gur gá dúinn a bheith againn mar Roinn Stáit agus mar eagras stáit. Ag an gcéad leibhéal eile ansin, tá Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus líon mór comhlachtaí páirtnéireachta ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta atá maoinithe ag ADM. Tá plé ar siúl faoi láthair faoi comhordnú a dhéanamh orthu sin sa gcaoi gur faoi bhrat MFG go ginearálta a bheadh na páirtnéireachtaí. D'fhágadh sé sin ar bhealach an Roinn, an tÚdarás agus MFG mar scátheagraíocht do na heagraíochtaí eile go léir. Nuair a théann tú síos go dtí an chéad leibhéal eile, tá go leor leor eagraíochtaí pobail, comharchumainn cuid acu, grúpaí áitiúla, eagraíochtaí áitiúla deonacha, eagraíochtaí ealaíona - tá timpeall is ceathracha díobh seo ann. Feicfear domsa go mbeadh toradh agus tairbhe i bhfad níos fearr as an gcaiteachas stáit orthu siúd ach spriocanna soiléire comónta a bheith acu a bhainfeadh le cúrsaí teangan, cúrsaí forbartha pobail, agus na cúrsaí sainiúla eile sin atá faoina gcúram féin. Más grúpa ealaíona iad, bíodh a gcuid spriocanna féin a bheith acu ach na mór spriocanna a bheith aontaithe ag an Údarás agus an Roinn leosan.

Ceann de na rudaí atá i gceist againn a dhéanamh - agus tá an próiséas tosnaithe - ná spriocanna sonracha fostaíochta, soláthar seirbhísí, forbairt pobail agus teanga a leagan amach dóibh sin sa gcaoi is gur féidir linn athbhreithniú bliantúil a dhéanamh orthu sin agus tacaíocht dá réir chun iad sin a chur i bhfeidh m - agus lena chois sin, caithfidh siad a 'speáint go bhfuil tacaíocht an phobail acu agus go bhfuil siad ag feidhmiú ar bhealach a fhágann's go bhfuil fhios ag an bpobal céard tá ar siúl acu. Feictear domsa, ach atheagar a chuir ar an gcaoi a bhfuil muid dá láimhséail sin, go bhféadfadh muid toradh i bhfad níos fearr a bhaint amach ó thaobh fostaíochta, ó thaobh seirbhísí don phobal agus go háirithe ó thaobh na teanga. Beidh muid ag súil go mbainfear amach torthaí áirithe agus go mbeidh sé sin chomh maith ag teacht leis an mbeartas forbartha atá leagtha amach ag an Udárás féin - go mbeidh siad sin ag feidhmiú ar a son sinne ag an leibhéal áitiúil agus ó thaobh cothú a dhéanamh ar an ionannas Gaeltachta seo. Ba bhreá liom dá bhféadfadh muid teacht go dtí an staid nuair a d'aithneodh daoine óga Gaeltachta iad féin mar dhaoine Gaeltachta, gur cuid dá n-ionannas é go mbaineann siad leis an nGaeltacht, go mbeadh siad maíteach as, feictear dom gur féidir linn é sin a bhaint amach ach an port sin a bheith ag na grúpaí áitiúla atá ag plé leis na pobail áitiúla.

Donncha: Ó ceapadh tú i do Phríomhfheidhmeanach, is dóigh gur ceann de na rudaí is suntasaí atá le feiceáil ná go bhfuil beartas nua á chur i bhfeidhm agat san Údarás. Feictear dom go bhfuil athrú treo agus fís difriúil agus i bhfad níos mó béime ar chúrsaí teangan agus cultúir sa bheartas nua.

Pádraig: Ceapaim go bhfuil athraithe móra bunúsacha ann ón gcaoi a raibh muid ag feidhmiú roimhe seo. Beidh béim i bhfad níos mó feasta ar cheist na Gaeilge. Ceapaim go bhfuil uair na cinniúna buailte linn chomh fada agus a bhaineann sé leis an teanga, tá sí ag staid an-leochailleach ins na pobail na bhfuil sí fós beo. Tá ceantair ann nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail ar chor ar bith iontu agus is gá dúinn cur chuige difriúil a bheith againn sna ceantair sin. Is athbheochan a bheadh i gceist sna háiteanna sin agus ceapaim roimhe seo go mbíodh leisce orainn a admháil go mbíodh áiteanna ann nach raibh aon Ghaeilge iontu agus muid féin ag feidhmiu iontu - tá sé sin amhlaidh! Sna háiteanna a bhfuil an Ghaeilge beo, is neartú agus treisiú a theastaíonn sna ceantair sin is láidre.

Is dóigh thar rud ar bith eile go ndéarfadh an t-Údarás gurb í an Ghaeilge bun agus barr a cuid fealsúnachta. Ní bheadh aon ghá le hÚdarás na Gaeltachta muna mbeadh aon Ghaeilge ann. Ní dhéanann sé aon chiall riaracháin, mar shampla, go mbeadh eagraíocht atá lonnaithe sna Forbacha ag plé le cúrsaí forbartha san 13 ceantair sin atá scaipthe ar fud na tíre. Ó thaobh na teanga, déanann sé an-chiall.

Tá sé i gceist againn cur chuige ar bhunús gairmiúil. Tá atheagar dá chur againn ar an leagan amach inmheánach agus tá rannóg láidir pleanála le bheith againn, freagrach don Phríomhfheidhmeannach. Sin é an t-inneall a thiomáinfeas na rannóga agus gníomhaíochtaí eile.

Ó thaobh na teanga de, sílim gur cheart dúinn dul ar ais agus comhpháirtíocht a bhunú leis na pobail, rud a dhéanfar i rith na leathbhliana seo romhainn. Ceapaim go raibh cuid mhór den ghníomhaíocht a bhain le cúrsaí Gaeilge, ní amháin sa nGaeltacht ach taobh amuigh di, ar nós a bheith ag eitilt sa dorchadas. Ceapaim féin go dtabharfaidh sé an-ugach don phobal a bheith in ann a thuairisciu dóibh ó thráth go chéile go bhfuil dul chun dá dhéanamh in áiteacha éagsúla agus an bunús atá leis sin. An bhfuil méadú ag teacht ar an líon daoine atá ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúir féin?

Donncha: Is dóigh go bh'fhéadfaí a rá gur tusa Gorbachev na Gaeltachta agus go bhfuil Peristroika tosaithe agat san Údarás. Ghlas Gorbachev ceannas ar an Aontas Soibhéideach agus leag sé roimhe an córas sóibhéadach a athrú ó bhun go barr. Tá an chuma ar an gcaoi a bhfuil tú ag caint go bhfuil tú ag iarraidh an tÚdarás a athrú ó bhun go barr chomh maith. An eireóidh leat?

Pádraig: Níl aon amhras orm. Tá mé an-tiomanta don obair seo. Tá mo shaol caite agam ag obair san Údarás agus ag obair sa nGaeltacht. Creidim gur féidir leis an eagraíocht seo athraithe bunúsacha a chur i bhfeidhm ar an nGaeltacht - eagraíocht ar bith a bhfuil 40 milliún euro in aghaidh na bliana de bhuiséad aige, muna féidir leis athraithe bunúsacha a chur i bhfeidhm ar an bhfód ins an limistéar ina bhfuil sé ag feidhmiú is bocht an scéal é. Is iomaí cineál athrú a theastaíonn ach, sílim go bhfuil athrú tagtha sa saol thimpeall orainn chomh maith. D'athraigh an saol forbartha agus an saol sóisialta go mór le deich mbliana anuas agus ceapaim go bhfuil sé riachtanach go n-athróidh an tÚdarás in oiriúint dhó sin.

Tá atheagar áirithe dá dhéanamh againn ar na trúpaí faoi láthair, atheagar inmheánach dá dhéanamh ar na rannóga, le gur féidir linn an t-athrú a chuir i bhfeidhm agus tabhairt faoi na spriocanna ar bhealach difriúil seachas mar a rinne muid go dtí seo. Dá leanfadh muid ar aghaidh ins na múnlaí céanna foirne, is ar éigean a bhainfeadh muid amach iad.

Creidim gur féidir sciar áirithe den talamh atá caillte a athghabháil. Creidim gur féidir tús a chur le hathbheochan na teangan i gceantair a bhíodh ina gceantair Gaeltachta roimhe seo agus go bhfuil an toil ann. Tá gá le cur chuige gairmiúil comhtháite. Tá sé i gceist againn 30 ionad buanaithe agus sealbhaithe teanga a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Tá fúinn pleanálaí gairmiúil teanga a fhostú agus tá fúinn pleananna teanga agus forbartha pobail a aontú leis na pobail áitiúla. Airím é ag dul thart ag casadh le grúpaí agus le daoine agus le pobail ins na ceantair éagsúla le blianta beaga anuas, b'fhéidir níos mó ná aon rud eile mar tá an díospóireacht faoi chúrsaí teangan cothaithe ag rudaí éagsúla. Chabhraigh na conspóidí faoi chúrsaí pleanála. Chothaigh sé sin díospóireacht faoin nGaeilge, ba rud an-tairbheach é sin.

Bheinnse an-sásta dá bhfeicfinn ag deireadh an tréimhse seo, go bhfuil ag éirí leis na seifteanna leis an teanga a neartú sna háiteanna a bhfuil sí láidir faoi láthair agus go n-aireoidh na pobail sin go bhfuil siad dá gcothú. Is gá dúinn ansin aghaidh a thabhairt ar an bpobal eile sin atá ina thromlach sa nGaeltacht faoi láthair - nach labhrann an Ghaeilge ó lá go lá. Tá spriocanna dúshlánacha leagtha amach againn. Is duine mise atá dóchasach ó nádúr. Creidim go láidir ins an bhfealsúnacht seo agus creidim gur féidir an taoille a chasadh!

Críoch ...
CTG