Gortghlanadh Gaeltachta
Titim 15% ar dhaonra na fíorGhaeltachta - Ó Drisceoil

Tá duine de bhunaitheoirí an ghrúpa Airdeall ar a bhealach go hAlbain agus is é an misean atá aige saineolas faoin mbealach atá aghaidh á tabhairt ar fhadhb na tithíochta sa Ghaeltacht ansin a thabhairt ar ais go hÉirinn.

Lá
Creideann duine de bhunaitheoirí Airdeall nach mór do phobal Gaeltachta na hÉireann foghlaim ó mhuintir na hAlban le tabhairt faoin fhadhb maidir le tithíocht do lucht labhartha na Gaeilge sula mbíonn gortghlanadh iomlán déanta ar na Gaeltachtaí.
------------------------------
A founder member of Airdeall believes its time to learn some lessons from the Scottish Gaeltacht in order to avoid a complete clearance of Irish speakers from the Gaeltacht.
Tighean
Innse Gall
Ceapadh Seán Ó Driosceoil ina oifigeach tithíochta leis an eagras Teigheann Innse Gall ag an deireadh seachtaine agus tá sé ag dul i mbun a chúraimí ag tús na míosa seo chugainn.

Agus dúirt sé le Lá inné nach mbeadh sé nóiméad rómhall ag dul sall nó tá géirchéim ann anois maidir le pleanáil agus teanga i nGaeltachtaí na hÉireann.

"Ní bhacann an dream óg dul i mbun iarratais fiú le haghaidh cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht nó tuigeann siad go bhfuil an próiseas i bhfad ródheacair is róchostasach," a dúirt sé.

"B'fhearr i bhfad go gceannódh siad teach istigh in eastáit i nGaillimh ar phraghas 'leathréasúnta'," a dúirt sé.

"An toradh a bhíonn air sin ná go bhfágann teaghlach óg eile an Ghaeltacht agus go mbíonn an pobal Gaeltachta níos boichte is níos laige dá bharr.

"Tá titim suntasach tagtha ar an ndaonra sa bhfíorGhaeltacht le 10 mbliain anuas," a dúirt sé.

"Táimid ag caint ar thitim thart ar 15%."

Bhaist sé 'gortghlanadh' ar an nGaeltacht air seo agus dúirt gurb amhlaidh anois nach mbeidh ach an dream is saibhre ábalta cur fúthu ann.

"Tá seans níos fearr agat cead pleanála a fháil má tá ailtire agat nó dlíodóir mar go mbíonn faitíos ar an rannóg pleanála tú a dhiúltú.

"Más amhlaidh go bhfuil an fhoirm líonta isteach ag duine aonair, agus b'fhéidir freagra nó dhó nach bhfuil iomlán ag teacht le tuiscint lucht pleanála, bhuel is beag seans atá agat," a dúirt sé.

An ceacht atá le foghlaim ó Albain dar leis ná cumainn tithíochta áitiúla a bhunú le gníomhú ar an gceist phráinneach seo, an cheist is práinní sa Ghaeltacht dar leis, ar bhonn áitiúil.

In Albain tá na cumainn seo bunaithe agus iad ag obair láimh ar láimh leis na comhairlí áitiúla chun tithe a thógáil sa Ghaeltacht le go mbeadh teaghlaigh óga in ann cónaí sa Ghaeltacht.

"Tá difríocht shuntasach amháin idir an cur chuige sa Ghaeltacht thall thar mar atá anseo," a dúirt sé. "Thall déantar idirdhealú idir iarratas pleanála ó dhuine áitiúil agus iarratas 'ginearálta' agus tugtar tús áite don duine áitiúil i gcónaí. "Os rud é gur cainteoirí dúchais a bhformhór mór, cinntíonn sé sin go mbíonn daoine áitiúla in ann cur fúthu sa Ghaeltacht gan mórán trioblóide."

An tuiscint atá aige ar na comhairlí contae in Éirinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe ach go háirithe, gur beag a spéis i dtithe a thógáil fán dtuath ar chor ar bith faoi láthair.

"Níos lú ná 1% de na tithe a thógtar i nGaillimh, is tithe de chuid an údaráis áitiúil iad."

Dúirt an tUasal Ó Driosceoil go bhfuil sé i gceist aige dhá bhliain a chaitheamh i mbun a phoist úr in Innse Gall agus filleadh ansan leis an saineolas a roinnt orainn anseo in Éirinn.

Beidh sé ag súil, áfach, nach mbeidh an scéal imithe chun donais anseo san idirlinn.

Concubhar Ó Liatháin; Lá 22/8/2006

Eagarfhocal
Ceacht na hAlban

An bhfuil ceacht le foghlaim againn in Éirinn ón méid atá á dhéanamh i nGaeltacht na hAlban chun an teanga a choinneáil slán i measc an phobail ansin?

Nó an bhfuil sé cheana féin rómhall mar gheall ar an dochar atá deanta de bharr easpa cur chuige maidir leis an ghaol idir ceisteanna na teanga is na tithíochta sa Ghaeltacht.

Is léir ón méid a deir Seán Ó Driosceoil, duine de na gníomhaithe ba aitheanta in Airdeall, go bhfuil gá aghaidh a thabhairt ar an ndeacracht seo ar bhealach úr, bealach a n-aithníonn na dúshláin atá ag an bpobal sa Ghaeltacht agus iad ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach.

Níl an díograis chéanna teanga acu is atá ag pobail taobh amuigh den Ghaeltacht - cé go labhrann siad í go laethúil. Is í a dteanga í. Nó b'shin mar a bhí cúrsaí pé scéal é.

Teaghlaigh óga, ní féidir leo fanacht sa Ghaeltacht nó níl na hachmhainní acu teach a cheannach agus cur fúthu ann. Tá sé i bhfad róchostasach.

Má tá uait teach a thógáil sa Ghaeltacht anois, tá ort ailtire is dlíodóir bheith agat lena chinntiú nach ndéanfar leatrom ort sa phróiseas pleanála.

Agus sin má tá an t-airgead agat sa chéad dul síos chun an suíomh a cheannach agus iomaíocht ghéar ann don suíomh céanna ó lucht an rachmais atá ag iarraidh tithe saoire a thógáil san áit ar mhaith leatsa teach cónaithe.

Tá Seán Ó Driosceoil ar a bhealach go hInse Gall leis an saineolas ansin a aimsiú agus a thabhairt ar ais go hÉirinn leis, uair éigin amach anseo, le go mbeimid in ann na deacheachtanna as Albain a chur i bhfeidhm anseo.

Idir seo agus sinn, áfach, ní fiú bheith díomhaoin nó ba cheart go mbunófaí cumainn tithíochta áitiúla ar fud na nGaeltachtaí ar fad le brú a chur ar chomhairlí contae agus ar pholaiteoirí aird a thabhairt ar an bhfadhb seo ar bhonn práinne.

B'fhéidir fiú gur cheart gabháil céim níos faide agus iarrthóirí tithíochta a ainmniú don olltoghchán an bhliain seo chughainn le cinntiú nach ligfear an éigeandáil seo i ndearmad le linn an fheachtais toghchánaíochta! Dhúiseodh sé sin na polaiteoirí is lucht pleanála óna suan.

Lá 22/8/2006