Sabhaltacht lucht na Gaeilge?

A chara

Fuair mé cóip den leabhar nua "Rules of the Road" i rith na seachtaine seo chugainn.

Cé gur sa Ghaeltacht atá cónaí orm sé an leagan Bearla a fuair mé.

Tá leagan Ghaeilge ar fáil den chaipéis thábhachtach seo - is amhlaidh nach bhfuil sé á dháileadh agus ní mór duit é a chuardach go géar ar shuiomh an Údaráis Um Shabhailteacht Bóithre, www.rsa.ie
Cheap mé go raibh an ceart agam cóip den leabhair seo a fháil i nGaeilge.

Ait go leor ní féidir leis an Coimisinéir Teanga aon rud a dhéanamh faoi mar níl an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre freagraach dó i gcúrsaí teanga.

Deireann sé ina thuairiscáil bliantiúil 2006 (llch 54)

    "Ní raibh an comhlacht poiblí nuabhunaithe seo (an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre) tugtha faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi dheireadh na bliana 2006 agus dá bhrí sin ní bheadh aon údarás ag m¹Oifig aon ní faoi chúrsaí teanga a tharraingt anuas leis an Údarás sin." Agus níor thárla aon athrú ó shin.
Nach aisteach an rud é go mbíonn ar an roinn liosta na gcomhlachtaí poiblí a athrú ionas go mbeidh an Coimisinéir i ndán feidhmiú le Údarás nua bhunaithe mar an tÚdarás seo?

Chuaigh mé chuig an suíomh atá acu (www.rsa.ie), atá ar fad as Gaeilge ar ndóigh - an amhlaidh gur cuma leo faoi sabhaltacht lucht na Gaeilge? - agus deireann siad go bhfuil an leagan Gaeilge le fáil san "Publications Section". Agus tá más féidir leat é a aimsiú! Bain triall as tú fhéin.

Mise, go haineolach ar rialacha an bhóthair,

Eoin Ó Riain
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Co na Gaillimhe

An litir seo i Lá Nua 15 Lúnasa 2007