Cath na Gaeltachta

Bhí idir iontas agus alltacht ar an dream a bhí i láthair ag cruinniú eolais maidir leis an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, ar an gCeathrú Rua, an tseachtain seo caite.

Ó bheith ag caint le daoine ó shin, is léir go bhfuil tuairimí measctha ann faoin tuarascáil agus a bhfuil molta inti.

Tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil an Ghaeltacht réidh muna ngníomhaíonn muid de réir na moltaí, daoine eile den tuairim go bhfuil muid réidh má ghlacann muid leo!

Is údar imní torthaí na tuarascála, a léiríonn go bhféadfadh an tóin a bheith tite as na ceantair is láidre Gaeltachta taobh istigh de scór bliain, mar gheall ar easpa spéise an aosa óig i dteanga a sinsear.

Tuairiscítear nach bhfuil déagóirí na Gaeltachta chomh compordach ag labhairt Gaeilge ina measc féin is atá ag labhairt an Bhéarla.

Ní labhraíonn ach 25% díobh Gaeilge ina measc féin sna ceantair láidre Ghaeltachta agus níl ach cúig faoin gcéad acu a bhraitheann níos cumasaí i dteanga na nGael seachas i dteanga na Banríona.

Tríd is tríd, mheas daoine go raibh an staidéar thar a bheith maith, fiú má tá sé scanrúil.

Rud suntasach a tugadh le fios ná nuair a thiteann líon na gcainteoirí as Catagóir A - na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide ag 67% nó níos mó de mhuintir na háite - faoina bhun sin, go bhfuil an claonadh acu sleamhnú go han-tapaidh i dtreo Chatagóir C, áit a labhraíonn faoi bhun 44% den phobal an Ghaeilge go laethúil.

Is beag idir eatarthu a bhíonn ann, dúradh linn.

Go bunúsach, má thiteann ceantar as Catagóir A, is beag dóchas atá i ndán dó.

Tá moltaí radacacha sa tuarascáil chun an meath seo a mhaolú agus na pobail a iompú ar ais i dtreo na Gaeilge.

Ina measc, moltar go mbunófaí Bord Oideachais faoi leith don Ghaeltacht.

An Staidéar Teangeolaíoch
Is údar imní torthaí na tuarascála, a léiríonn go bhféadfadh an tóin bheith tite as na ceantair is láidre Gaeltachta taobh istigh de scór bliain...

Moltar chomh maith go gcuirfí Pleanáil Teanga i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta ar fad.

Tá béim an-mhór curtha chomh maith ar shealbhú teanga i measc na bpáistí, fiú sula mbeirtear iad!

Mar chuid de seo, chuirfí reimse tacaíochta in áit chun cabhrú le tuismitheoirí óga rogha dhearfach a dhéanamh lena gcuid páistí ó thaobh na Gaeilge de.

Tá ionaid tacaíochta teaghlaigh molta freisin a chuirfeadh raon cuimsitheach áiseanna agus seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht, a bheadh teoranta do dhaoine atá ag tógáil a gclann le Gaeilge amháin.

D'aontaigh formhór an dreama a bhí i láthair ar an gCeathrú Rua go bhfuil na beartais atá curtha chun cinn sa tuarascáil inmholta, fiú riachtanach, má tá an taoille teanga le casadh ar ais i dtreo na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ní raibh daoine chomh haontaithe, áfach, maidir le cén chaoi a gcuirfí an treoir i bhfeidhm.

Tá tumoideachas iomlán Gaeilge molta sa tuarascáil agus scoileanna sealbhaithe dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu.

Ní cheadófaí do lucht an Bhéarla freastal ar scoil Ghaeltachta go dtí go mbeadh líofacht réasúnta bainte amach acu.

An toradh a d'fhéadfadh bheith air seo ná go gcaithfí rogha oideachais trí Bhéarla a chur ar fáil do shaoránaigh nach mbeadh ag iarraidh a gclann a chur i dtreo an tumoideachais.

An imní a chuireann seo ar dhaoine ná, i bhfianaise iarrachtaí na Roinne Oideachais go dtí seo maidir le scolaíocht trí mheán na Gaeilge, nach ndéanfaí ach leathiarracht agus go mbunóidís sruthanna Béarla i scoileanna na Gaeltachta.

Bheadh tionchar tubaisteach acu seo ar iompar teanga sna scoileanna céanna.

Tá tuairimíocht eile i measc an phobail go bhféadfadh an cur chuige atá molta an pobal a scoilteadh agus go bhféadfaí daoine atá neodrach faoin nGaeilge faoi láthair a iompú

fíornaimhdeach i gcoinne na teanga agus ina gcoinne siúd atá ag iarraidh í a chur chun cinn.

Luaitear scéal Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus feachtas Dingle/ Daingean Uí Chúis mar shampla den scoilteadh pobail is féidir tarlú.

Mheas corrdhuine lenar labhair mé go raibh géarghá leis an scoilteadh seo mar go bhfuil sé in am ag na hiománaithe ar an gclaí seasamh a thógáil taobh amháin nó taobh eile maidir le ceist na Gaeilge.

Tá sé in am deireadh a chur leis an gcur i gcéill, a deir siad.

Tá daoine eile den tuairim go bhfuil sé tábhachtach iad siúd atá ag teacht isteach sna pobail Ghaeltachta a thabhairt linn sna hiarrachtaí, má tá rath le bheith orthu.

Cinnte, níl aon réiteach simplí ar na ceisteanna seo.

Tá gá le díospóireacht leathan mhacánta faoin staid ina bhfuil muid agus an áit atá muid ag iarraidh dhul. Rud amháin nach féidir a shéanadh ná nach leor leathiarracht Stáit sa gcur chuige.

Beidh tacaíocht iomlán, neamhbhalbh riachtanach agus comhoibriú iomlán na nAirí agus na Ranna Rialtais de dhíth maidir le cibé beartas a bheas le cur i gcrích.

Ní dhéanfaidh comhghéilleadh ná socruithe leathbhruite an jab.

Tá amhras ar chuid mhaith nach mbeidh an toil iomlán pholaitiúil agus phobail ann chun é seo a chinntiú.

Lá Nua 31/1/2008