Athrú Focail sa gCoinníoll
Teanga is cúis le Achomharc
Airdeall ag an mBord Pleanála
Athrú i
bhfocal amháin sa choinníoll teanga, a úsáideann Comhairle Chontae na Gaillimhe
is cúis le dhá achomharc a bheith curtha ag Airdeall os comhair an Bhord
Pleanála agus an conspóid faoi chosaint na Gaeilge tríd an córas pleanála
dúisithe in athuair. Bhí neart cainte sna meáin Ghaeilge faoi na achomhairc
céanna, le coicíos anuas: an Chomhairleoir Séamas Breathnach ó Uachtar Ard ag
cur i leith Airdeall go bhfuil siad ag iarraidh forbairt a stopadh sa
Ghaeltacht. Seo mar a labhair sé ar Adhmhaidin, Dé Máirt seo caite:
³An rud ata mise ag rá go bhfuil Airdeall in aghaidh forbairt imo
thuairimse. Tá siad in aghaidh forbairt sa Spidéal, tá sé soiléir le feiceáil
ón méad a chonaic mise cheana, tá siad in aghaidh forbairt ar fud na Gaeltachta.²
Tá dualgas
reachtúil ar Chomhairle Chontae, cosaint a thabhairt do oidhreacht teanga na
Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail, do réir an
Acht Pleanála 2000. Sé an cleachtas a bhíodh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe,
coinníoll ginearálta teanga a chur le ceadú scéimeanna tithíochta sa
Ghaeltacht, ina mbíodh sé ráite go gcaithfeadh an forbróir socrú dlí a dhéanamh
leis an gComhairle Chontae, sula a gcuirfí tús leis an obair
thógála. ³Prior to the
commencement of the development²
an gnáth fhoclaíocht a úsáidtear faoi mórán chuile coinníoll, sna
ceadanna pleanála a eisítear: mar shampla go gcaithfear méad áirithe airgid a
íoc leis an gComhairle Chontae roimhré faoin Development Contribution Scheme nó
go gcaithfear sonraí a chur ar fáil faoin gcomhlacht atá chun cothabháil a
dhéanamh ar an eastáit, agus é tógtha.
Cé go
mbíodh sé ráite go soiléir sa gcoinníoll teanga go gcaithfeadh an socrú dlí a
bheith déanta leis an gComhairle Chontae sula mbogadh an Hymac isteach ar an
suíomh, ní raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe á chur sin i bhfeidhm. Go minic
ní bhíodh aon socrú dlí sínithe agus na tithe críochaithe agus fógraithe le
díol. Ach ar a laghad má bhí forbróir ag diúltú tíocht ar shocrú sásúil dlí
maidir leis an gcoinníoll teanga, bhí sé de chumhacht ag an gComhairle Chontae
an obair ar an suíomh a stopadh ag poinnte ar bith go dtí go mbeadh an socrú
dlí déanta agus mura raibh an Comhairle Chontae sásta é a stopadh, bhí sé de
cheart agus de chumhacht ag dream ar bith eile ordú cúirte a fháil chun an
obair a stopadh, ar an mbonn nach raibh an coinníoll teanga sa gcead pleanála á
chomhlíonadh. Bhí ar Airdeall ordú cúirte a lorg i ndá chás sna Forbacha.
Anois tá an
scéal athraithe agus do réir an fhoclaíocht nua atá in úsáid anois, ní ghá dona
forbróirí tíocht ar aon shocrú dlí go dtí go mbíonn daoine ré le bogadh isteach
mar is ³prior to occupation of development² in áit ³prior to
commencement of development² ata leagtha síos mar sprioc don bhforbróir
tíocht ar an socrú dlí leis an údarás pleanála.
Tháinig an
t-athrú seo aniar aduaidh ar Airdeall. Is ar scéim 5 theach a ceadaíodh sna
Forbacha an chéad uair a úsáideadh an fhoclaíocht ³prior to occupation of
development². Mar a tharlaíonn go minic, rinne na forbróirí teagmháil le
Airdeall agus míníodh nach bhféadfaí glacadh leis an bhfoclaíocht nua sa
gcoinníoll, mar go mbeadh sé deachair é a chur i bhfeidhm agus ar an mbonn sin
go mbeadh ar Airdeall achomharc a dhéanamh ar an mBord Pleanála mura bhféadfaí
an fhoclaíocht a athrú. Chuaigh na forbróirí i mbun stocaireachta agus d¹éirigh
leo. Ar an 6 Bealtaine cuireadh litir ón oifig pleanála chuig na forbróirí inar
dúradh go mba ³typing error² ba chúis leis an bhfoclaíocht ³prior to the
occupation² agus dúradh go mba cheart go léifeadh an coinníoll teanga mar seo a
leanas: ³Prior to the commencent of the development the applicant shall enter
into a legal agreement with the planning authority, the purpose of which shall be
restrict or regulate the residential aspect of the development here permitted
for the use/partial use of occupants who have an appropriate competence/fluency
in Irish.² Cuireadh in iúl chomh maith i litir a cuireadh ag an gComhairleoir
Tom Welby, go mbeadh 4 chinn dena 5 teach sa scéim á choinneal do dhaoine le
líofacht Ghaeilge.
Bhí
Airdeall sásta leis an méid sin agus ní raibh aon chúis dul ag an mBord
Pleanála faoin bhfoclaíocht nua ná faoin easpa soiléireachta maidir le líon na
dtithe a bheadh srianta faoin gcoinníoll teanga.
In am tráth
eisíodh an C3, sin é an doiciméad pleanála a thugann cead dhuit dul ar aghaidh
leis an bhforbairt atá ceadaithe, nuair nach mbíonn aon achomharc déanta ina
aghaidh. Sa C3, a eisíodh, bhí coinníoll 12 athraithe agus ³prior to
commencement² curtha isteach in áit ³prior to occupation². Chun an ceartú a
dhéanamh bhí Ordú Bainisteora de dhíth faoi Alt 7(1) den Acht Pleanála agus
shínigh an Bainisteoir Chontae, Martina Moloney, an tOrdú sin ar an 21
Bealtaine 2008.
Ach faoin
am sin bhí dhá fhorbairt tithíochta eile ceadaithe, ceann i nGlinsce le 6
theach a thógáil agus ceann ar an gCnoc i gCois Fharraige le haghaidh dhá
theach, agus an botún¹céanna déanta sa dá chás: ³prior to occupation² úsáidte
in áit ³prior to commencement² sa gcoinníoll teanga. An amhlaidh go raibh an
³typing error² céanna déanta arís ag an oifig pleanála, mar a bhí déanta i gcás
na dtithe a ceadaíodh sna Forbacha?
Chuir
Airdeall litir ag an gComhairle Chontae ag tarraingt aird ar an botún a bhí
déanta faoi dhó arís, agus ar iarraidh a fháil amach an mbeadh sé á cheartú, ag
súil go mbeadh freagra ar fáil roimh an sprioc an Bhord Pleanála. Diabhal
freagra. Tá a fhios agam go
ndearna Comhairleoir amháin a
mhíle dhícheall le deimhniú a fháil gur botún a bhí ann agus go gceartófaí é sa
C3, mar a deineadh i gcás na bhForbacha ach chinn sé air. Dúradh leis nach
botún a bhí ann ar chor ar bith agus go mba shin é an fhoclaíocht nua, a bheadh
sa gcoinníoll teanga as seo amach! Tá an typing error¹ anois ina pholasaí ag
an oifig pleanála!
Is sa
gcomhthéacs sin a chuir Airdeall achomharc ag an mBord Pleanála i gcás an dá
theach ar an gCnoc, a bhí ceadaithe don chomhlacht Currancraft.
Nuair a
chuir Nuacht TG4 ceisteanna ar an Stiúrthóir Seirbhísí, Paul Ridge faoi seo,
dúirt sé lá amháin gur de bharr brú óna forbróirí a athraíodh an fhoclaíocht sa
gcoinníoll teanga agus an chéad lá eile gur de bharr brú óna Comhairleoirí
Contae a athraíodh é. Ach sheán gach chomhairleoir chontae ó Chonamara go mba
iad a d¹iarr ant-athrú ach amháin an Chomhairleoir Séamas Breathnach ó Uachtar
Ard.
Ar Raidió
na Gaeltachta níor ghlac Séamas leis go mbeadh sé deacair an coinníoll a chur i
bhfeidhm.
³Ní féidir leat morgáiste a fháil gan
innealtóir a bheith ag signeáil go bhfuil tú ag cloí lena rialachaí agus má tá
sé sríobhtha agus tá sé scríobhtha sna rialacha go gcaithfidh Gaeilge a bheith
ag na daoine seo, ní féidir leo mortgage a fháil gan é sin a chruthú.²
Ag braith
ar na mbancannaí a bhéas muid lena chinntiú go mbeidh srianta teanga an
Chomhairle Chontae á gcur i bhfeidhm, do réir an leagan amach atá ag an
gComhairleoir Breathnach ar an scéal! Samhlaigh Bainisteoir bainc ag diúltú
morgáiste le teach a cheannach sa Ghaeltacht ar an mbonn nach a dhóthain
Ghaeilge ag an té atá ag ceannach an tí.
Mar atá sé,
bíonn sé sách deacair ag Comhairle Chontae na Gaillimhe na forbróirí a fháil
leis na socraithe dlí a dhéanamh faoin gcoinníoll teanga ach ar a laghad dá
ndiúltódh forbróir socrú dlí a dhéanamh d¹fhéadfadh an Comhairle Chontae ordú a
dhéanamh a chuirfeadh stopadh leis an bhforbairt, go mbeadh an socrú dlí
déanta. De bharr an bhrú ó Shéamas Breathnach, beidh cead ag na forbróirí tithe
a thógáil is a dhíol gan aon socrú dlí déanta acu roimhré. Sé an chomhairle dlí atá faighte ag
Airdeall go bhféadfadh forbróir
tithe a dhíol, sara mbeadh socrú dlí déanta maidir leis na tithe a bheadh
srianta ag an gcoinníoll teanga agus go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh teach
ceannaithe ag duine agus gan a fhios acu, an mbeadh srian teanga ar an dteach
nó nach mbeadh.
Nuair ba ghá don bhforbróir an
socrú dlí a shíniú roimhré, bhíodh a fhios ag ceannaitheoirí na tithe a bheadh
ag tíocht faoin srian teanga, agus d¹fhéadfaidís an praghas ceannaithe a shocrú
dá réir. Faoin bhfoclaíocht nua d¹fhéadfadh forbróir fanacht go mbeadh na tithe
tógtha agus díolta, sara leagfaí amach céard iad na cinn a bheadh coinnithe do
dhaoine le Gaeilge. Níl aon chiall le seo agus ní fhéadfaí é a chur i bhfeidhm.
Dá bharr sin tá iarrta ag Airdeall
ar an mBord Pleanála breithiúnas a dhéanamh faoin athrú foclaíochta atá
curtha sa gcoinníoll teanga ag
Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcás dhá scéim tithíochta, ceann i gCarna agus
ceann ar an gCois Fharraige.
Ar ndóigh dá mbeadh an oifig
pleanála sásta athmhacnamh a dhéanamh ar an scéal, mar a rinne siad i gcás eile
sna Forbacha, agus deimhniú a thabhairt go gceartófaí an coinníoll teanga sa C3
a eiseofaí, ní bheadh aon chúis teanga ag Airdeall leanacht ar aghaidh le
achomharc in aghaidh na dtithe i gCárna agus ar an gCnoc. Is faoin oifig
pleanála atá sé an soiléiriú agus an ceartú sin a dhéanamh. Go dtí go ndéantar
sin, fágfar an dá achomharc leis an mBord Pleanála, a thabharfaidh breithiúnas
ar an dá chás in am tráth.
Donncha Ó hÉallaithe Foinse 06/07/2008
|