Teachtaireacht a cuireadh thar timpeall ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge

A Chairde na Gaeilge,

Beidh seo áisiúil daoibh mar eolas

Bord Snip: Imleabhar 1

Bord Snip - ag moladh go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar lch. 26, cliceáil ar 34.

Agus le Roinn na Gaeltachta - redistributed (feach Caib 2) - agus lch 37, cliceáil ar 45.
Agus notáil ionsaí ar 'requirement under Official Languages Act 2003 should be amended'.

Níl aon tslí go bhfuil sé inghlactha go dtabharfaí feidhmeanna Roinn na Gaeltachta do Roinn mar an Oideachais nach bhfuil ach 3% den bhfoireann ann in ann seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge.
Tá gá níos mó le COGG ná riamh.
Tá tuairisc an Bhoird Snip: Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta arUimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais ( Report of Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes Vol 1 & Vol 2) le fáil ar shuíomh na Roinne Airgeadais i mBéarla amháin.

Ar ndóigh níl aon bheann ag an mBord Snip ar chúrsaí cultúir ná Gaeilge - is gá troid ar son ár gceart ar bhonn luach ar airgead. Ní dheineann sé ciall airgeadais ná eile go mbeadh múinteoirí ag múineadh Gaeilge nach bhfuil Gaeilge acu, ná tacaíocht curtha ar fáil dóibh - an cúrsa ceart comhtháite sin a mbítear ag caint faoi do mhóramh na mbunscoileanna sa stát
Agus an raibh fhios agaibh nach bhfuil ach duine amháin fágtha ag obair ar an gCúrsa do ghaelscoileanna, Séideán Sí, a chríochnú, cúrsa a bhfuil géarghá ann go gcuirfí leaganacha ar leith de ar fáil le haghaidh na scoileanna náisiúnta i gcoitinne, agus na scoileanna Gaeltachta chomh maith.

Caithfear cur le chéile chun nach ndéanfar damáiste as cuimse.

Bord Snip: Imleabhar 2

Cuir isteach Irish Language for shampla ag FIND agus tiocfaidh cuid mhaith aníos.

Seachas sin, mar eolas breise daoibh, seo mar atá faoi láthair:

Duine amháin buan in oifig an Choiste Téarmaíochta agus duine eile ar chonradh bliana go dtí mí Eanáir

Duine go leith eagarthóirí cúnta fágtha sa Ghúm lasmuigh den duine atá ag obair ar Séideán Sí ...

Foireann 3 go leith ar fhoireann an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge, iad ar fad ar chonarthaí.

Mura bhfuil baill de phobal na Gaeilge sásta a mór-imní a chur in iúl dá bpolaiteoirí faoin oll-damáiste a d'fhéadfaí a dhéanamh le tuilleadh ciorraithe - áit nach bhfuil puinn le ciorrú - beimid na blianta fada ag iarraidh seirbhisí an-bhunúsacha a fháil ar ais.

Ní luach ar airgead, a deirim arís, go mbeadh múinteoirí á gcur i mbun oibre sna bunscoileanna gan chúrsa ceart comhtháite Gaeilge a bheith acu : agus féach ar a bhfuil fágtha sa Ghúm mar eagarthóirí cúntas agus ag obair ar Séideán Sí - agus níl ansan ach an tús. Tá gá é a chur in oiriúint do na scoileanna náisiúnta i gcoitinne.

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Conradh na Gaeilge

PS Géaróidh an feachtas in aghaidh na Gaeilge ar an Independent anois. Ba chóir litreacha frithGhaeilge a fhreagairt - gheobhaidh 400 + agaibh féin é seo - níor mhiste 3 abairt ó chuid agaibh ó thráth go chéile, nó ghlacfar leis go bhfuilimid sásta go seolfaí ar ais 20 bliain sinn. Nó scrígh go dtí do Theachta Dála mar gheall air. PMF


Píosa as Nuacht 24 ar an 17/7/2009 a tháinig amach roimh foilsiú na tuairisce!