PLANNING AND DEVELOPMENT ACT, 2000
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
An tAcht Pleanála 2000 agus an Ghaeltacht
An bhfuil sé á fheidhmiú?
Páipéar le Donncha Ó hÉallaithe

Os cionn scór bliain ó shoin bhí conspóid pleanála sa
Spidéal faoi iarratas a ceadaíodh le scéim tithe a thogáil ar imeall an
tsráidbhaile. Luxury Homes a bhí le bheith ann-an chéad scéim tithíochta
príobháideach sa Spidéal. Tháinig comhghuaillíocht le chéile le cur ina
aghaidh, ina raibh Coiste Pobail an Spidéil, Comharchumann Chois Fharraige,
Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta páirteach. Cuireadh cás láidir os
comhair an Bord Pleanála ag éisteacht a reachtáileadh tré Ghaeilge. Tugadh an
cead mar nach bhféadfaí cead a dhiúltú ag an am sin ar fhorbairt ar bith sa
Ghaeltacht ar chúinsí teanga. B'shin mar a bhí dlí na tire. Ní mar sin atá an
scéal anois, de bharr alt tábhachtach amháin a cuireadh isteach san Acht um
Pleanáil agus Forbairt 2000, mar thoradh ar stocaireacht éifeachtach ciún a
rinne Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge ag an am ar an Aire Noel Dempsey agus an Bille ag dul tríd an Dáil.
Tá cosaint agus cur chun chinn na Gaeilge sa Ghaeltacht i
measc na gcuspóirí a caithfidh a bheith ag gach Údarás Pleanála a bhfuil
Gaeltacht faoina chúram do réir Mír 10.1 (m) den Acht. Seo mar a léann an talt:
10. 2 Without prejudice to the
generality of subsection (1), a development plan shall include objectives for-
(m)
the protection of the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht
including the promotion of Irish as the community language, where there is a
Gaeltacht area in the area of the development plan.
Roimhe sin
d'fhéadfadh a leithéid de chuspóir a bheith ag Comhairle Chontae Ghaeltachta
agus bhí ag cuid acu, Comhairle Chontae Dhún na nGall mar shampla, ach bhi
drogall orthu cead a dhiúltú de bharr cúinsí teanga nó rialacha dochta teanga a
leagan síos, mar nach raibh aitheantas sa dlí ag cosaint na Gaeilge mar
chuspóir dlisteanach pleanála. Tá anois. Ciallaíonn sé sin nach féidir le
iarratasóir ar chead pleanála a bheith ag súil go mbeidh cúiteamh ar fáil má
dhiúltaítear cead de bharr cúinsí teanga nó má ceangláitear coinníollacha
teanga le cead tógála.
Ach an
bhfuil an tAcht á chur i bhfeidhm? Go bunúsach tá gach údarás pleanála le
ceantar Gaeltachta, a bhfuil plean réitithe acu faoin reachtaíocht nua, ag
liostáil cosaint na hoidhreachta teanga, ar cheann dena chuspóirí atá acu. Ach
tá difríochtaí móra faoin cur chuige ata molta leis an gcuspóir a bhaint amach.
Tosnóidh me leis an gceann is laige: Comhairle Chontae Mhaigheo.
|
Comhairle Chontae Mhaigheo:
Mí na Samhna seo caite tháinig plean nua i bhfeidhm don tréimhse 2003-2009. Is beag
atá ráite ann faoi oidhreacht teanga
na Gaeltachta a chosaint ná faoin Gaeilge a chur chun chinn mar theanga
phobail. Deirtear ann go mbeidh ráiteas tioncur teanga ag teastáil gcás
forbairtí suntasacha sa Ghaeltacht nó gar don Ghaeltacht "to determine their
impact on the use of Irish as a community language." Faoin Plean ní bheadh aon chead fógraí i nGaeilge amháin a
chur suas sa Ghaeltacht mar go bhfuil sé ráite sa bplean maidir leis an nGaeltacht:
"It is the objective of the Council to require that all permanent signage notices and
information are bilingual
Le bheith faireáilte le Maigheo, cé go bhfuil sciar mór den contae le aitheantas oifigiúl
Ghaeltachta, níl ach dhá phóca beag ina bhféadfaí a rá go bhfuil an Ghaeilge á
usáid mar theanga sa phobal-An Eacléim agus Ceathrú Thaidhg. Ní féidir an
Ghaeilge a chosaint mar theanga bheo mura bhfuil sí in usáid ag an bpobal.
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chontae Mhaigheo
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
|
Comhairle Chontae Chorcaí:
Mi Feabhra seo caite tháinig plean nua i bhfeidhm don tréimhse 2003-2009. Faoin teideal "The
Gaeltacht and Linguistic Heritage" deirtear gurb é an dúshlán atá ann i gcás
Gaeltachtaí Chorcaí ná seo: "to promote these areas as a focus for development,
whilst ensuring that the development which does occur supports or complements
the linguistic and cultural heritage." Caithfear a rá faoi Ghaeltacht Chorcaí
go bhfuil sé an lag, seachas póca thart ar Chúil Aodha ach go bhfuil
féiniúlacht agus oidhreacht Ghaeltachta láidir san áít in ainneoin an teanga a
bheith imithe i léig mar theanga laethúil cumarsáide.
I measc na bprionsabal ar a bhfuil an leagan amach sa phlean maidir leis an
nGaeltacht bunaithe tá an méid seo a leanas:
* The cultural heritage of the Gaeltacht areas, including the use of the Irish
language, deserves fostering.
* An economically and socially vibrant community is a precondition for sustaining
Irish as the community language of those areas.
* An isolationist approach, or one which put unnecessary obstacles in the path of
development generally, would, in the current context, be damaging to the long
term sustenance of Irish language and culture in these areas.
Go neamhbalbh deirtear sa phlean nach gcuirfear aon bhac roimh forbairtí a
fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeilge i gcás go mbeadh buntáistí ann do inmharthannacht an phobail.
Caithfear a admháil go bhfuil an choimhlint sin ann i go leor ceantracha
Gaeltachta ina bhfuil an daonra bunscoile ag titim: cé is tábhachtaí
inmharthanacht an phobail nó cosaint na Gaeilge ó stráinséaraí gan Ghaeilge ag
bogadh isteach. An dúshlán ná cothromaíocht a aimsiú nach ndéanfaidh dochar do
theanga an phobail. Ni féidir a bheith ag súil le réiteach ar an dilemma i
bPlean Forbartha, ceal moltaí fiúntacha ó áisínteachtaí Ghaeilge agus
Ghaeltachta.
Is dócha
gur féidir a rá i gcás Plean Chorcaí, go dtabharfar cosaint don Ghaeilge an
fhad is nach bhfeictear go bhfuil an cosaint ag cur bac ar forbairt ghinearálta
an cheantair.[i]
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chontae Chorcaí
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
|
Comhairle
Chontae na Mí:
Dearcadh
eile ar fad atá ag Comhairle Chontae na Mí. B'é Comhairle Chontae na Mí an
chéad údarás pleanála a d'ullmhaigh Plean Forbartha faoin Acht nua Pleanála.
Tháinig an Plean Forbartha nua i bhfeidhm sa bhliain 2001. Tagann cosaint na
Gaeilge sa Ghaeltacht faoin teideal "Planning for Social Inclusion and Cultural
Diversity". Deirtear sa phlean go mbeidh comharthaí gnó agus comharthaí
sealadacha i nGaeilge amháin sa Ghaeltachta. Deirtear chomh maith go bhfuil sé
mar aidhm "fás agus forbairt na Gaeilge a chinntiú".
"go mbeidh tioncur dearfa ag tithíocht ar usáid na Gaeilge sa duthaigh. Déanfar é
seo a mheas tré Staidéar Tionchur Teangan a dhéanamh sara scrúdófar aon
iarratas d'aon teach leis féinig nó d'aon scéim tithíochta....Caithfidh an Staidéar Tionchur Teanga a
bheith in ann a rá go mbeidh tionchur dearfa ag na h-iarratasóirí ar dhul chun
cinn agus usáid na teagan sa phobal. Ní thabharfaidh an t-údarás pleanála
tacaíocht d'aon fhorbairt a mbeidh droch-tionchair aige ar an nGaeilge."
Cé go mba
dheacair droch thionchur a bheith ag forbairt ar staid na Gaeilge i mBaile
Ghib, bheadh sé an éasca an Ghaeilge i Rath Chairn a mhúchadh mar theanga bheo
sa phobal, le scéimeanna tithíochta gan bacanna teanga. Deirtear liom go bhfuil
Comhairle Chontae na Mí ag déanamh beart do réir an phlean agus ag glacadh leis
an dúshlán go dtabharfar cosaint don Ghaeilge tríd an gcóras pleanála.
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chontae na Mí
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
|
Comhairle
Chontae Chiarraí:
Fairíor ní
féidir an moladh céanna a thabhairt do Chomhairle Chontae Chiarraí. Mi na
Nollag seo caite glacadh le plean nua forbartha do Chontae Chiarraí don
tréimhse 2003-2009. Tá sé ráite sa phlean go bhfuil sé mar chuspóir ag an
gComhairle Chontae oidhreacht teanga agus cultúrtha na gceantracha Gaeltachta a
chosaint agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail ach tá na moltaí
agus na fochuspóirí le seo a bhaint amach teibí, lag agus gan ghearradh i
gcomparáid le plean na Mí. Leagtar amach 10 gcinn de cuspóirí faoin teideal
"Promotion of the Irish Language". Seo iad an chuid atá ceapaithe cosaint a
thabhairt don Ghaeilge i gceann dena Gaeltachtaí is láidre sa tír, ó thaobh
usáid na Gaeilge mar teanga laethúil cumarsáide:
"It
is the objective of the Council to:
*Have regard to the impact of gradual residential
development in Gaeltacht areas by non-Irish speakers.
*Assess large planning applications for development
in Gaeltacht areas in terms of the likely affect that such development would
have on the Irish language and the Gaeltacht.
*Require all large planning applications in Gaeltacht
areas to be accompanied by a linguistic impact assessment.
Ní dheirtear áit ar bith nach gceadófar forbairtí a fhéadfadh dochar a dhéanamh
don Ghaeilge mar theanga phobail, más é sin atá ráite sa Ráiteas Tionchur
Teanga.
Tá rud
amháin dearfach ann a thug mé suntas dhó agus a fhéadfadh a bheith ina chuidiú
"It is an objective of the Council to
facilitate the provision of housing by housing associations and similar
organisations for those who use the Irish language as their primary means of
communication."<
Ó thaobh comharthaíochta tá sé réasúnta maith: gach comharthaíocht poiblí agus
comharthaíocht tráchtála sa Ghaeltacht i nGaeilge amháin nó dhátheangach agus
más dhátheangach an Ghaeilge chun tosaigh.
Tá Plean
Chiarraí lag agus níl mórán cosanta ann don Ghaeilge sna ceantracha Gaeltachta
ina bhfuil sé fós á labhairt. Tá seans ann go ndéanfar feol a chur ar na
cnámha, nuair a réitítear na Pleananna Áitiúla don Ghaeltacht. Ach deireann an
oifig pleanála i dTrá Lí liom go bhféadfadh go mbeadh moill na mblianta ar sin.
Tá sé riachtanach go gcuirfear brú ar an gComhairle Chontae i gCiarraí,
réiteach an phlean áítiúl don Fíorghaeltacht taobh thiar den Daingean a
thabhairt chun tosaigh. Is ann is mó atá dochar dhá dhéanamh agus is ann is mó
atá oidhreacht bheo na Gaeilge i gcontúirt.
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chontae Charraí
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
|
|
Comhairle
Chontae Phort Láirge:
Is cás faoi leith é Gaeltacht Phort Láirge. Tá plean nua dhá ullmhú le tiocht i
bhfeidhm an bhliain seo chugainn ach idir an dá linn tá Plean Áitiúil don
Ghaeltacht á usáid, ina thugtar aitheantas do chosaint na Gaeilge sa gcóras
pleanála, sa mhéid is go ndeirtear an méid seo ann:
"Waterford County Council recognises that the status of the Irish language can be
undermined, particularly in the zoned areas of Maoil an Chóraigh, Baile na
nGall and Helbhic, by an influx of non-Irish speakers with little or no
competence in, and no affinity for the language...
Where the County Council feels any development will have a significent negative impact on the status of the Irish language in the area it may require the
completion of a Linguistic Impact Statement."
Má bhí an mír seo sa Phlean Áitiúl ceapaithe cosaint a thabhairt don Ghaeilge ó dhaoine
ón taobh amuigh gan Ghaeilge ag bogadh isteach is a mhalairt a tharla. Ó
glacadh leis an plean áitiúl, deirtear liom go bhfuil 4 eastáit beag tógtha le
34 teach iontu; go bhfuil obair tosaithe ar 4 eastáit eile ina mbeidh 28 teach
cónaí agus go bhfuil cead pleanála tugtha ag an gComhairle Chontae le 6 eastáit
eile a thógáil ina mbeidh 52 teach cónaí. Is tubaist pleanála é seo agus is
scannal é nár sheas áisínteachtaí Ghaeilge agus Gaeltachta in aghaidh an scrios
atá déanta ar Gaeltacht bheag na nDéise. Ni fheádfaí a rá nach raibh siad ar an
eolas. Tharraing an eagraíocht "Gaeltacht i mBaol" aird ar an scrios a bhí ag bagairt orthu. Ach sheas Údarás
na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ar an dtaobhlíne agus
fágadh faoin daoine aonaracha an fód a sheasamh.
Léiríonn cás na Rinne, nach fiú a bheith ag brath ar Linguistic Impact Statements, mura
bhfuil siad déanta ag áisínteacht atá neamhspléach ón iarratasóir agus a bhfuil
scil agus taithí ar a leithéid a dhéanamh.
Comhairle Phort Láirge
|
Comhairle
Chontae Dhún na nGall:
Tá plean i bhfeidhm don tréimhse 2000-2006, a ullmhaíodh faoin sean reachtaíocht ach a
bhfuil sé ráite ann go dtabharfaidh an Comhairle Chontae cosaint do "linguistic
and cultural heritage" na Gaeltachta. An samhradh seo tosnóidh an Chomhairle
Chontae ag ullmhú Plean nua don tréimhse 2006 2012.
Tá
dréachtplean áitiúl réitithe do cheantar Ghaoth Dobhair ach tá moill curtha ar
a fhoilsiú ag na Comhairleoirí Chontae. Glactar leis nach bhfoilseofar é go
mbeidh na toghcháin áitiúla thart. Ansin beidh seans ag an bpobal mór
aighneachtaí a chur isteach faoi chosaint na Gaeilge i measc rudaí eile.
Tá
an tarna ceantar is mó ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt in Iarthuaisceart
Dhún na nGall. Tá brú ar an nGaeilge de bharr imiceoirí ag bogadh ar ais agus
de bharr tithe saoire chomh maith. Ni léir go bhfuil an oiread sin brú ó thaobh
daoine gan Ghaeilge, nach mbaineann leis an áit, ag iarraidh lonnú ann.
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chontae Dhún na nGall
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
|
Comhairle
Chontae na Gaillimhe:
Ó tháinig an Plean nua Forbartha i bhfeidhm, mí Bhealtaine seo caite, tá coinníoll teanga
á cheangailt le mórfhorbairtí tithíochta i nGaeltacht Chonamara. Seo é an
coinníoll a ceanglaíodh le cead a tugadh sa gCeathrú Rua, mí Dheire Fomhair seo
caite le eastáit de 12 theach a thógáil.
"Prior to the commencement of the development, the applicant shall enter into a legal
agreement with the planning authority, the purpose of which shall be to
restrict or regulate the development here permitted for the exclusive use of
occupants who have an appropriate competence/fluency in the Irish language.
Details of the standard of Irish to be achieved and methods of evaluating same
shall be agreed in writing with the planning authority prior to the
finalisation of the legal agreement here conditioned."
Ó sin i leith tá an coinníoll céanna ceangailte le scéim árasán sa Spidéal agus scéim
tithe i mBearna, ach amháin go bhfuil an focal 'exclusive' fágtha ar lár. Níl sé soiléir cén caoi a gcuirfear
an coinníoll teanga seo i bhfeidhm, gan aon chóras meastóireachta ná
monatóireachta ag an gComhairle Chontae. Gan chóras meastóireachta agus
monatóireachta tá an chontúirt ann nach mbeidh sa choinníoll ach cur i gcéill.
Beidh mé ag filleadh ar an gceist seo ag deire mo chuid cainte.
"Any development which in the opinion of the Planning Authority would have a
significant negative impact on Irish and the Gaeltacht, will be refused."
Tá fiacla
ag an mír agus cead diúltaithe dá réir ar chúiseanna teanga. "It is considered that the proposed development, if permitted would adversely affect the linguistic or
cultural heritage of the Gaeltacht..." an chúis a tugadh do bhean a bhí ag iarraidh teach aonair a thógáil i
mBearna agus sheas An Bord Pleanála le cinneadh an Chomhairle Chontae agus
diútaíodh don achomharc ar an mbonn nach raibh an Bord Pleanála sásta "that
the proposed development, by itself and by precedent, would not adversely
affect the linguistic and cultural heritage of the area.
Cruthaíonn an cás sin gur
féidir faoi Phlean Forbartha na Gaillimhe iarratas pleanála a dhiúltú, má
cheapann an túdarás pleanála go mbeidh "significant negative impact" ag an bhforbairt ar an nGaeilge agus go seasfaidh
an Bord Pleanála le cinneadh an Chomhairle Chontae, fiú amháin i gceantar
Bhearna, ceantar ar deacair a shamhlú cén dochar a fhéadfadh teaghlach amháin a
dhéanamh do staid na teangan san áit, nuair atá an Ghaeilge imithe i léig le
fada mar theanga phobail. Ach sin scéal eile.
Níl gach grúpa pobail i nGaeltacht na Gaillimhe i bhfábhar an
chosaint láidir a tugtha sa Phlean Forbartha don Ghaeilge. Mar shampla d'iarr
an Fóram do Phobal Iorras Aithneach, grúpa pobail i gceantar Charna, go
bhfágfaí ar lár na míreanna is tábhachtaí a thugann cosaint don Ghaeilge sa
phlean. Ó shoin tá stocaireacht déanta ag Fóram do Phobal Iorras Aithneach ar
Comhairleoirí Chontae na Gaillimhe ag iarraidh nach gcuirfí coinníollacha
teanga le cead pleanála.
Seo mar a dúirt siad sa leagan Ghaeilge den litir:
"Tá an Fóram do Phobal Iorras
Aithneach i gCárna in aghaidh aon choinníollacha pleanála teanga a stopfadh
daoine atá ina gcónaí go traidisiúnta san áit...nó imiceoirí a bheadh ag filleadh
abhaile...nó daoine a bheadh ag obair nó ag forbairt gnó go háitiúil...ó theach a
cheannacht nó a thógáil sa gceantar-is cuma ar scéimeanna tithe nó tithe astu
féin atá i gceist."
Tá Plean Áitiúil do Ghaeltacht na
Gaillimhe le réiteach as seo go ceann leathbhliana agus glactar leis go mbeidh
treoir ann faoi chuid dena fadhbanna a eascraíonn as seasamh an Chomhairle
Chontae. Seans go molfar stráitéis cosanta difiúla do na ceantracha éagsúla i
nGaeltacht na Gaillimhe.
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chontae na Gaillimhe
|
Bárdas Cathrach na
Gaillimhe:
Agus muid anseo i gcathair na Gaillimhe, níor cheart dearmad a
dhéanamh ar an gceantar oifigiúl Ghaeltachta atá sa gcathair. Tá aitheantas
Ghaeltachta ag leath de achar na cathrach, ach níl aon cheantar sa chathair ina
bhféadfaí a rá go bhfuil usáid suntasach á bhaint aisti mar theanga cumarsáide,
cé go bhfuil neart daoine le Gaeilge líofa ina gcónaí ann.
Tá plean nua á ullmhú ag
Bárdas na Gaillimhe le tíocht i bhfeidhm an bhliain seo chugainn. Ta an dréacht
ar fáil anois. Níl tada sa dréacht a thabharfadh le fios go bhfeiceann an
Bárdas go bhféadfadh aon ról a bheith acu i dtógáil Gaeltacht uirbeach i
gCathair na Gaillimhe. Tá an cuma ar an scéal go mbreathnaítear ar an nGaeilge
mar chineál maisiúchán cultúrtha a shaibhríonn féiniúlacht na cathrach. Ní beag
an méid é sin is dócha.
Seo é an polasaí atá liostáilte sa phlean:
* Protect and promote the distinctive Gaeltacht
cultural and linguistic heritage of the city.
* Encourage the use of Irish/bilingual signs in
commercial and public realm.
*Promote the use of the Irish language in the naming
of all new residential developments and public roads.
* >Facilitate the development of infrastructure where
appropriate which supports the promotion of the cultural and linguistic
heritage of the city.
Tá gach
rud ansin go breá agus ionmholta ach samhláítear dom go bhféadfaí éascú a
dhéanamh ar phobail Fíorghaeltachta a chrúthú ar imeall na cathrach. Dá
socrófaí sa phlean ar phaiste nó paistí talún a chur ar leathtaobh le haghaidh
scéimeanna tithíochta a thógfaí, le haghaidh daoine a mba mhian leo
maireachtáil in eastáit ina mbeadh an Ghaeilge in uachtar, d'fhéadfaí teanga
pobail a dhéanamh den Ghaeilge aríst ar eastát nó dhó i Mionlach agus i Cnoc na
Cathrach.
Nil sé ró
dheireannach a leithéid de mholadh a dhéanamh. Tá go dtí an 4 Bealtaine ag an
bpobal agus ag na heagrais Ghaeilge aighneachtaí a chur isteach a thabharfar
san áireamh agus athraithe á dhéanamh ar an gcéad dréacht.
Suíomh Ghréasáin.
Comhairle Chathrach na Gaillimhe
(Is cosúil nach bhfuil sé seo le fáil i nGaeilge!)
|
Deachrachtaí
agus Fadhbanna:
-
Ní dheineann an Acht Pleanála ach dualgas a chur ar
údarás pleanála cosaint na Gaeilge a bheith ar ceann dena chuspóirí in aon
Plean Forbartha a ullmhaítear i gContae le ceantar Gaeltachta. Is féidir leis an údarás pleanála a
shocrú go nglacfar leis an gcuspóir ach ag an am céanna gan aon bhealach lena
fheidhmiú a leagan amach sa phlean, mar a tharla i gcás Comhairle Chontae
Mhaigheo agus Comhairle Chontae Chorcaí.
- Ní léir cén caoi ar féidir a shocrú go bhféadfadh go
mbeadh tionchur diúltach ag forbairt ar an nGaeilge agus ní léir cén caoi a
gcuirfear coinníollacha teanga i bhfeidhm, mar nach bhfuil aon saineolas ag na
húdaráis pleanála le meastóireacht a dhéanamh ar chumas cainte ná nósmhaireacht
labhartha na niarratasóirí.
- Ní féidir an Ghaeilge a chosaint in os cionn 50% den
limistéar le aitheantas oifigiúl Gaeltachta mar is fada an Ghaeilge imithe sna
ceantracha sin. Cur i gcéill a bheadh ann dá leagfaí síos rialacha teanga leis
an nGaeilge a chosaint in áit nach bhfuil an Ghaeilge in usáid a thuilleadh ach
ag corr dhuine.
- Is cás speisialta iad na imiceoirí, a fhilleann abhaile
ar a gceantar dúchais le páistí nó pairtnéir gan Ghaeilge. Is féidir leo dochar
mór a dhéanamh dona nascanna Gaeilge seanbhunaithe sa phobal. Ag an am céanna,
theastódh deileál go tuiscionnach agus go báiúl le iarratais pleanála
uathu. Le tacaíocht agus comhairle
agus cúnamh caoi is féidir leo cur leis an bpobal Gaeilge san áit, má tá an
toil acu féin. Ach cén caoi a dhéantar toil a mheas?
- Th'éis a bhfuil de eagraíochta Ghaeilge idir stáit agus
státairgeadaithe, ní léir go bhfuil aon cheann acu ag glacadh leis an gcúram,
súil a choinneál ar na iarratais pleanála, lena chinntiú go bhfuil siad ag cloí
le téarmaí an Phlean Forbartha. Ní féidir a bheith ag súil go mbeidh daoine
aonracha sa phobal nó fiú coistí pobail sásta dul i ngleic lena gcomharsain,
atá ag iarraidh airgid mhór a dhéanamh as talamh a dhíol le haghaidh
tithíochta. Más comórtas idir saint agus díogras, is ag an saint a bhéas an
bua. Tá cur chuige níos fearr ag teastáil ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás
na Gaeltachta i gcás ceantracha ar nós Rath Chairn, An Cheathrú Rua, An Spidéal
agus An Rinn, atá i mbaol a mbáite ag eastáit tithíochta do dhaoine gan
Ghaeilge.
- I roinnt dena pobail Ghaeltachta, sé an deacracht is mó
atá acu ná daoine a mhealladh le lonnú sa gceantar. Gan daoine dúnfar
scoileanna agus seirbhísí eile. Ní iontas ar bith nach mbeadh ceantracha mar
Charna ró thógtha le rialacha pleanála breise, a chuirfeadh bac ar dhaoine
tithe a thógáil. Ní mar a chéile an cás i ngach ceantar Gaeltachta.
- Má ceadaítear scéim tithe agus má leagtar síos sna
coinníollacha gur le haghaidh "the use of occupants who have an appropriate
competence/fluency in the Irish language", cén caoi a chuirfear é sin i
bhfeidhm? Cén caighdeán Gaeilge a lorgófar?
Caighdeán na hAirdteiste mar a lorgaíodh sa Rinn i gcás leath dena tithe in
eastáit, a cheadaíodh ann le déanaí?
Conclúid:
Nuair a ceadaíodh na Luxury Homes i dtús na nochtaidí sa Spidéal, bhí Údarás na
Gaeltachta sásta achomharc a dhéanamh ar an mBord Pleanála in aghaidh an cead a
tugadh. Theip ar an achomharc mar nach raibh aon seasamh dlí faoina bhféádfaí
cead a dhiúltú de bharr cúinsí teanga. Anois is féidir stop a chur le eastáit
má léírítear go bhféadfadh sé
dochar suntasach a dhéanamh do sheasamh na Gaeilge mar theanga phobail. Ach is cosúil go bhfuil sé mar pholasaí
ag Údarás na Gaeltachta, gan a ladar a chur isteach i gcás aon iarratas sonrach
agus an cúram a fhágaint ag grúpaí pobail. Nior mhiste a mheabhrú go bhfuil sé
mar chéad fheidhm ag an Údarás, do réir na reachtaíochta faoina bunaíodh é, go
ndéanfadh an tÚdarás an Ghaeilge a chur chun cinn agus a leathnú mar gnáth
theanga phobail sa Ghaeltacht. Shílfeá ar an gcaoi sin go mbeadh an tÚdarás
gníomhach ag iarraidh a chinntiú nach gceadófaí do eastáit tithíochta an
Ghaeilge a mhúchadh sna ceantracha Gaeltachta ina bhfuil Gaeilge fós in usáid i
measc an phobail.
Tá
eagraíochtaí stát agus státurraithe ann leis an dtimpeallacht fisiciúl agus an
dúlra a chosaint ach ní léir go bhfuil aon cheann dena heagraíochtaí a bhfuil
cúram na Gaeilge orthu, ag déanamh mórán le timpeallacht teangan na Gaeltachta
a chosaint.
Tá dhá
Chomhairle Chontae tar éis a glacadh leis nach gceadófar eastáit tithiochta ach
do dhaoine le Gaeilge-an Mhi agus Gaillimh. Ach ni bheidh siad in ann é sin a
chur i bhfeidhm gan chóras meastóireachta agus monatóireachta, rud nach bhfuil
siad féin in acmhainn a chur ar fáil. Rinne Glór na nGael An Spidéil, atá an
ghniomhach ar an gceist pleanála, moladh fiúntach in aighneacht a chuir siad os
comhair Comhairle Chontae na Gaillimhe, le déanaí ina dúirt siad an méid seo.
"Go bhfios dúinn, níl
córas cinnte oibrithe amach ag an gComhairle Contae fós leis an gceangal
úinéireachta Gaeilge a chur i bhfeidhm....
Tá taithí na mblianta ag cigireacht tithíochta na Roinne sin ar dhaoine
a mheas ó thaobh na Gaeilge de.
Moltar go mbunófaí Aonad Meastóireachta idir Comhairle Chontae na
Gaillimhe agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun daoine a
bheadh ag iarraidh na haonaid tithíochta atá i gceist a cheannach nó cónaí
iontu a mheas ó thaobh a bhfeiliúnacht Ghaeilge de. D'fhéadfaí é seo a dhéanamh i gcomhthreo leis an gcigireacht
i leith dheontais tithíochta na Roinne i gcás go mbeadh an duine tar éis cur
isteach ar an deontas sin."
Mar go
bhfuil an córas meastóireachta ag Roinn na Gaeltachta cheana féin, tá ciall
leis an moladh seo. Ni hamháin sin ach d'fheicfinn go bhféadfadh an Aonad
Meastóireachta na Ráitis Tionchur Teanga a ullmhú. Faoi láthair tá daoine gan
saineolas caoi á ullmhú.
D'fhéádfaidís
an Aonadh seo chomh maith cúnamh agus comhairle a thabhairt o thaobh déileál le
imiricigh a bheadh ar smaoineamh ar fhilleadh abhaile. Ba mhaith an rud
imircigh a bheadh ag smaoineamh ar fhilleadh abhaile, a mhealladh le dul i
dteangbháil leis an Aonad agus go mbeadh comhairle ar fáil doibh faoin mbealach
ab éasca doibh féin agus dona gasúir socrú isteach i bpobal Ghaeilge.
D'fhéadfaí pacáiste eolais a chur ar fáil ina mbeadh comhairle faoi chursaí
oideachais, cúrsaí oibre, cúrsaí oiliúna agus faoin gcóras pleanála.
Tá dhá
Chomhairle Chontae-Gaillimh agus an Mhí- tar éis a theaspáint go bhfuil siad dáiríre faoin ceist
achrannach seo. Tá péire acu - TeangaCorcaí agus Maigheo - th'éis a theaspáint nach
bhfuil sé i gceist acu aon bhacanna a chur roimh forbairtí agus tá ceann amháin
Ciarraí - taréis plean cosanta a chur le chéile nach bhfuil ann nó as. Tá pleananna le réiteach ag Dún na
nGall an chéad bhliain eile; ag Port Láirge agus ag Cathair na Gaillimhe i
mbliana. Is féidir dul i bhfeidhm orthu le go mbeidh an córas pleanála ag tacú
le slánú na Gaeilge mar theanga bheo phobail.
Tá deis
anois ann cosaint éicint a thabhairt don Ghaeilge sa gcóras pleanála. Ni raibh
cheana. Is mór is fiú é sin. Ach mura bhfuil an cur chuige i gceart agus an cur
i bhfeidhm inghlactha agus réadúil, ni fiú trumpa gan teanga na pleananna.
[i]" Resisting
development within the Gaeltacht which would be likely to erode the cultural
heritage (including the community use of Irish language) unless there are
over - riding benefits for the long term sustainability of the local community or
for the proper planning and sustainable development of a wider area." [Objectives: Linguistic and Cultural Heritage - Gaeltacht
Areas.]
|